Rúin na hAthbhliana 2023
9 Eanáir 2023
Caitear súil chun cinn sa bhlagmhír seo ar roinnt den obair a bheidh idir lámhá againn i gcaitheamh na bliana seo.
9 Eanáir 2023
Caitear súil chun cinn sa bhlagmhír seo ar roinnt den obair a bheidh idir lámhá againn i gcaitheamh na bliana seo.
20 Meitheamh 2022
Agus Mí an Bhróid á ceiliúradh le linn na míosa seo, chaith muid súil ar roinnt den téarmaíocht, idir nua agus sheanbhunaithe, a bhaineann leis an bpobal LADTA, an téarma 'Bród' san áireamh.
13 Eanáir 2022
Seo thíos radharc beag ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2022. Tá forbairtí suntasacha poiblí beartaithe againn, agus go leor oibre eile ag dul ar aghaidh taobh thiar de na cuirtíní.
1 Feabhra 2021
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.
27 Eanáir 2020
Spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2020.
23 Meán Fómhair 2019
Cé a dhéanfadh dearmad ar bhuaicphointí chraobhchomórtais Chorn an Domhain sa Rugbaí san am a chuaigh thart? Ó phreabchúl déanach Jonny Wilkinson i gcoinne na hAstráile chun Corn Webb Ellis a thabhairt go Sasana den chéad uair in 2003 go dtí bua stairiúil na hAfraice Theas agus in éadan na Nua-Shéalainne i gcraobh na bliana 1995, tá an comórtas tar éis dul i bhfeidhm go mór orainn ó bunaíodh é in 1987. Agus an 9ú heagrán ar siúl an fómhar seo tá lucht leanúna an rugbaí agus go leor eile nach leanann an spórt go dílis ar bís faoin gcoimhlint atá le teacht.
2 Meán Fómhair 2019
Córas bainistíochta téarmaíochta is ea Terminologue a úsáidtear chun téarma.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, a bhainistiú. Tá leagan poiblí den chóras nua ar fáil anois, gan aon chostas, ag www.terminologue.org. Cuireann an tseirbhís nua seo ar chumas úsáideoirí bunachair théarmaíochta dá gcuid féin a fhorbairt agus a fhoilsiú.
1 Iúil 2019
Bhí ábhar ceiliúrtha againn le déanaí nuair a rinneadh an 100,000,000ú cuardach ar shuíomh téarma.ie, An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Cuireadh tús leis an tionscadal seo in 2005 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.
18 Márta 2019
Tá leagan úr de shuíomh téarma.ie, an Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge, seolta le laethanta beaga anuas. D'fhorbair Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU an leagan seo le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Céard atá nua faoi?
1 Eanáir 2019
Tá pleananna móra againn do 2019!
17 Nollaig 2018
Cuireadh go leor i gcrích in oifigí Gaois i rith 2018.
28 Samhain 2018
D’fhreastail cuid d’fhoireann Fiontar & Scoil na Gaeilge ar chruinniú mhullaigh Chumann Téarmeolaíochta na hEorpa (European Association for Terminology, EAFT) i San Sebastian i dTír na mBascach an 22-23 Samhain. Tugadh cainteanna faoi staid na téarmeolaíochta i dTír na mBascach, sa Chatalóin, sa Bhreatain Bheag, sa tSlóivéin, san Ungáir agus i neart tíortha nach iad. Labhair Donncha Ó Cróinín mar gheall ar obair an Choiste Téarmaíochta i gcás na hÉireann.
24 Meán Fómhair 2018
Mar is eol do lucht leanúna an ghailf in Éirinn, tá deireadh seachtaine mór ag druidim linn. Tá galfairí na hEorpa agus galfairí Mheiriceá réidh le haghaidh a thabhairt ar a chéile i gCorn Ryder a reáchtálfar i bPáras na Fraince ó 28-30 Meán Fómhair 2018.
10 Meán Fómhair 2018
Tá buaicphointe fhéilire an Chumainn Lúthchleas Gael linn agus lucht leanúna na gcluichí Gaelacha ag baint an-taitneamh as na cluichí ceannais ar fad atá ar siúl faoi láthair. Bhí an bua ag Luimneach ar Ghaillimh i gcluiche ceannais na hiomána i mbliana agus d’éirigh leo corn Liam Mhic Cárthaigh a bhreith leo den chéad uair le 45 bliain anuas.
8 Meitheamh 2018
Cruthaíodh cuntas nua Instagram don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge (téarma.ie) i dtús na bliana 2018 agus tá breis agus 1,000 leantóir ag an gcuntas anois.
11 Eanáir 2018
Rinneadh athchóiriú ar leathanach Facebook téarma.ie le déanaí agus cruthaíodh cuntas úrnua don Bhunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. Cuireadh deireadh le seanleathanach téarma.ie ar Facebook ós rud go raibh sé fós nasctha le seanainm an tsuímh, focal.ie. Chomh maith leis sin, cruthaíodh cuntas nua ar Instagram. As seo amach, beidh na cuntais Facebook, Instagram agus Twitter nasctha le chéile agus déanfar ‘téarma an lae’ a phostáil ar na hardáin meán sóisialta seo i dteannta a chéile.
3 Eanáir 2018
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Seo thíos spléachadh beag ar a mbeidh ar na bacáin ag foireann na dtionscadal i mbliana.
18 Nollaig 2017
Ní áibhéil a rá go raibh 2017 gnóthach anseo in oifigí na dtionscadal.
9 Samhain 2017
Mar is eol d’aos sacair na tíre go rímhaith, tá uair na cinniúna ag druidim le foireann sacair na hÉireann agus dhá chluiche cháilithe le himirt acu i gcoinne na Danmhairge i mí na Samhna. Imreofar an chéad cheann de na cluichí sin sa Chóbanhávan Dé Sathairn, an 11 Samhain, agus gan amhras, beidh tír is talamh cruinnithe le chéile ar bhóthar Lansdún don dara cluiche ar an 14 Samhain.
1 Eanáir 2017
Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Tar éis bliain ghnóthach anseo in oifigí na dtionscadal taighde – idir aistriú campais (go Campas na Naomh Uile, i nDroim Conrach), ceardlanna, comhdhálacha agus mórthionscadal nua sluafhoinsithe – tá muid ag tabhairt aghaidh ar 2017 agus ag tnúth lena bhfuil romhainn. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid dár bpleananna don bhliain úr.
Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.
Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.