Gaois

Ábhar as Ciarraí

Is doiligh a cheart a thabhairt d’ábhar Chiarraí as Bailiúchán na Scol san alt gairid seo ach déanfar iarracht seoda deasa de bhéaloideas an chontae a chur ar a shúile don léitheoir. Ó thaobh an ábhair Gaeilge de, tá saibhreas as cuimse le fáil san ábhar a bailíodh sna príomhcheantair Ghaeltachta, Corca Dhuibhne (imleabhair 418-32) agus Uíbh Ráthach (imleabhair 472-9). Cuirfear spéis sa chnuasach mór a bailíodh ar an mBlascaod Mór idir scéalta agus amhráin go háirithe, a thabhaigh cáil don oileán.

Tá clú ar an gcontae mar gheall ar an bpeil agus ní haon ionadh go bhfuil neart scéalta ar an ábhar sin, cuir i gcás, an cur síos breá seo ar an bprapáil le haghaidh cluiche idir Tairbeart agus an Gleann nó tá cur síos anseo ar imeachtaí an chluiche idir Dún Chaoin agu Fionntrá. I dtuaisceart an chontae tá luí ar leith acu don chamán agus don sliotar agus is féidir léamh anseo faoin bhua a bhí ag Ciarraí, nó muintir an Bhaile Dhuibh, ar Loch Garman i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann sa bhliain 1891 agus an t-amhrán a cumadh fúthu.

Ó thaobh na litríochta de, is léir go raibh páirt lárnach ag na filí i mbéaloideas agus i gcultúr an chontae. Tá roinnt mhaith scéalta as Corca Dhuibhne faoi Phiaras Feiritéar; níl anseo ach scéal amháin ón mBlascaod Mór faoina chleamhnas. Tá roinnt scéalta ann faoi Aogán Ó Rathaille, scéal amháin anseo, mar shampla, faoin deaschaint a bhí aige le sagart nó an scéal seo faoin rann a chum sé nuair nach bhfuair a sháith le hithe i dteach agus é ar fánaíocht. Dá mba dheisbhéalach an Rathailleach, bhí iomrá ar Eoghan Rua Ó Súilleabháin mar gheall ar a chuid aisfhreagraí féin, go háirithe cinn a thugadh sé do na sagairt arís, cosúil leis an scéal seo nó an ceann cáiliúil seo agus sagart á iompar trasna abhann ar a dhroim aige.

Ciarraíoch eile a bhain clú agus cáil idirnáisiúnta amach ba ea Dónall Ó Conaill agus tá neart scéalta faoi féin, ina measc an scéal seo faoin dóigh ar tháinig sé slán nuair a cuireadh nimh ina chupán i Sasana. Is féidir léamh anseo faoi ‘Lá na Sifín’, nuair a chuir Ó Conaill fainic ar mhuintir na hÉireann ar fad taobh istigh de aon lá amháin, san am nach raibh bealaí cumarsáide ná taistil rófhorbartha.

I measc na scéalta eile is féidir léamh faoi áiteanna rúndiamhracha, mar Chathair Crobh Dearg nó ‘An Chathair’, agus an turas a dhéantar ag an tobar i mí na Bealtaine. I mí Lúnasa bíonn imeacht mór eile i gCill Orglan nuair a dhéantar ceiliúradh ag Aonach an Phoic: tá scéal anseo faoi bhunús an aonaigh gur chuir poc fainic ar mhuintir an bhaile agus Cromail ag teacht. Cé go bhfuil Máirt na hInide thart, tá roinnt scéalta faoi na liostaí Sceilge agus amhráin mhagúla a chumtaí faoi dhaoine nár phós i rith na hInide! Ní bheadh cnuasach scéalta i bhfoirm chríochnaithe gan scéalta faoi thaibhsí agus phéisteanna, agus is scéal maith é seo faoin phéist áirithe seo, ‘an Carabuncail’, a chonaíonn sa Loch Geal gar don Chlochán i gCorca Dhuibhne.