Gaois

Ábhar Béarla le tras-scríobh ar dúchas.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh tús le Meitheal Dúchas.ie i dtosach na bliana seo caite agus tugadh cuireadh don phobal tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar scéalta agus ar ábhar i nGaeilge i mBailiúchán na Scol. D’éirigh go hiontach leis an Meitheal go dtí seo agus táimid fíorbhuíoch do gach aon duine a chuidigh linn.

Anois tá scéalta agus ábhar i nGaeilge agus i mBéarla le fáil le tras-scríobh agus ní gá ach clárú agus logáil isteach ag an nasc seo chun tús a chur leis an obair spéisiúil seo.

Is féidir súil a thabhairt ar dhul chun cinn na hoibre ag an nasc seo mar aon le spléachadh a fháil ar na scéalta atá tras-scríofa go dtí seo agus ar na cinn a bhfuil obair le déanamh orthu go fóill. Tá 16% den ábhar ar fad i nGaeilge tras-scríofa ag an bpobal go dtí seo agus tá 7% den ábhar ar fad i mBéarla tras-scríofa cheana féin!

Is féidir contae ar leith a roghnú agus is féidir cuardach a dhéanamh de réir scoile. Nuair a roghnaítear scoil shonrach is féidir tuilleadh sonraí a fháil maidir leis na scéalta a bailíodh sa scoil chéanna agus na scéalta ábhartha a chuardach de réir teidil, de réir duine agus de réir teanga.

treoir le fáil ar shuíomh dúchas.ie i nGaeilge agus i mBéarla mar chuidiú d’aon duine ar spéis leo tabhairt faoin obair shuntasach seo. Tapaígí an deis, a chairde córa; agus cláraígí anseo!