Gaois

Scéalta uafáis, báid agus Cath Eachroma: Ábhar Chontae na Gaillimhe in Dúchas

Ghlac breis agus 300 scoil páirt i Scéim na Scol i gCo. na Gaillimhe agus is i nGaeilge atá 42% den ábhar a bailíodh. Bailíodh scéalta ó gach cearn den chontae; ó Bhéal Átha na Sluaighe go Cill Chiaráin, ón gCladach go Leitir Mealláin, ó Mhionlach go hInis Oírr. San iomlán bailíodh 84 imleabhar i gCo. na Gaillimhe, agus déantar iarracht anseo blaiseadh den ábhar ilghnéitheach sin a chur i láthair.

Is deacair trácht ar chontae na Gaillimhe gan cúrsaí uisce a lua, bíodh sin an Choirib, Cuan na Gaillimhe, an Cladach, na hoileáin amach ón gcósta – nó an bháisteach féin! Seans go mbeadh spéis agat eolas a fháil ar na héadaí a chaitheadh muintir an Chladaigh agus ar an obair a bhíodh idir lámha ag na fir agus ag na mná ón seanbhaile iascaireachta sin taobh amuigh de bhallaí na cathrach. Bhíodh rí i gceannas ar an gCladach. Thoghadh muintir an Chladaigh an rí úd agus bhíodh sé de dhualgas air feidhmiú mar bhreitheamh agus aighnis a réiteach. Féach tuilleadh eolais anseo faoi Rí an Chladaigh.

Tugtar cuntas spéisiúil anseo ar na báid a bhíodh ag trádáil ar an gCoirib agus cúpla scéal uafáis faoi ainmhithe neamhshaolta sa loch agus eascann mhór a d’itheadh coirp ó reilig ar bhruach na Coiribe. Ar smaoinigh tú riamh ar an bhfáth a bhfuil salann san fharraige? Bhuel, tugtar freagra áirithe ar an gceist anseo.

Is léir go raibh bua na samhlaíochta ag muintir Chontae na Gaillimhe. Chreidtí go raibh cónaí ar mhaighdean mhara i bpluais i gCuan na Gaillimhe agus go mbíodh sé de nós aici a bheith ina suí ar na carraigeacha lena cíor óir. Tugtar cuntas anseo ar sheanfhear a tháinig ar mhaighdean mhara agus é amuigh ar an bhfarraige ag iascaireacht lá amháin.

Foinse don íomhá

traidisiún láidir ag baint leis na naomhphátrúin in Éirinn agus ní haon eisceacht é Contae na Gaillimhe. Aithnítear San Nioclás mar naomhphátrún Chathair na Gaillimhe ach tá fáil ar scéalta faoi go leor naomh eile sa bhailiúchán chomh maith: Éanna, Colmán, Mac Dara agus Iarfhlaith ina measc. Tá cuntas sna trí scéal a leanas ar naomhphátrún Árann, Naomh Éanna: Naomh Patrúin an Cheanntair, Naomh Patrúin an Cheanntair agus Naomh Patrúin an Cheanntair. B’as Cill Tartan do Naomh Colmán. Tá cur síos déanta sna scéalta seo a leanas faoi Thobar Cholmáin agus na traidisiúin a ghabhann leis: St Colman’s Well, How rounds Are Done at St Colman’s Well agus A Cure at St Colman’s Well. Deirtear linn sa scéal seo gurbh as Carna do Naomh Mac Dara agus luaitear go dtéadh lear mór daoine ar oilithreacht chuig Oileán Mhic Dara ar an 16 Iúil, Lá Fhéile Mhic Dara. Tá ceangal láidir ag Naomh Iarfhlaith le Tuaim.

Foinse don íomha

Is iomaí sin cuntas atá ar fáil ar eachtraí móra na staire sa Bhailiúchán agus is minic a nasctar leis na logainmneacha iad. Cuir i gcás an cuntas seo ar Chath Eachroma agus scéalta faoi logainmneacha na háite, mar shampla Bloody Hollow, atá ainmnithe as an gcath cáiliúil úd.

An dteastaíonn uait foghlaim conas poitín a dhéanamh, conas bodhrán a dhéanamh, conas iomprán a dhéanamh nó conas tuíodóireacht a dhéanamh? Tá eolas luachmhar maidir leis na ceirdeanna seo ar fad in ábhar Chontae na Gaillimhe.

Agus ar eagla go mbeadh an t-eolas seo ag teastáil uait, tugtar cuntas anseo faoin tseanslí leis na fiacla a tharraingt. Tá dhá chur chuige luaite agus níl a fhios agam cé acu ceann is measa!

Níl anseo ach blaiseadh de shaibhreas ábhar Chontae na Gaillimhe. Níl le déanamh agat ach dul anseo chun teacht ar a thuilleadh!