An Bailiúchán Fuaime - a chúlra agus rogha ábhair
![](https://doras.gaois.ie/gaois/an-bailiuchan-fuaime-001.jpg?quality=70&width=516)
Tá ceithre bhailiúchán de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil ar shuíomh Dúchas i láthair na huaire. Is mó aithne agus cur amach a bheadh ar Bhailiúchán na Scol, a chéad bhailiúchán a cuireadh ar fáil, ach is é an Bailiúchán Fuaime an cnuasach is déanaí a cuireadh ar an suíomh agus ábhar foislithe den chéad uair i mí an Mheithimh 2023. Ní hamháin go bhfuil éagsúlacht idir an dá bhailiúchán seo ó thaobh formáide de, ach tá an-éagsúlacht ag baint le bailiú na scéalta is seanchais atá iontu. Ba sna cóipleabhair a bhailigh daltaí scoile an t-ábhar ar fad atá ar fáil i mBailiúchán na Scol ar an gcéad dul síos. Roghnaigh an múinteoir rogha is togha na scéalta agus an tseanchais ag deireadh na bliana, agus scríobhadh arís in imleabhair na scoile iad. Ábhar scríofa atá sa mbailiúchán béaloidis seo ó thús go deireadh. Obair bhaile a bhí ar bun ag na daltaí seo nach raibh i bhfad ón obair pháirce a raibh na bailitheoirí lánaimseartha de chuid an choimisiúin ina bun. Tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus comharsan a chabhraigh leis na daltaí seo a gcóipleabhair a líonadh ó chlúdach go clúdach, ach bhí cabhair eile ag na bailitheoirí lánaimseartha: an t-eideafón. Go deimhin, is mar ghléas cúnta a bhain na bailitheoirí úsáid as an taifeadán seo, ní mar ghléas bailithe é féin. Ní ábhar fuaime a bhí siad ag bailiú, ach ábhar tras-scríofa. Maireann an t-ábhar seo a bailíodh don Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní sna leathanaigh imleabhair atá ar fáil i gcartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann agus go digiteach ar shuíomh Dúchas. Ní mhaireann na taifeadtaí fuaime a chabhraigh leis na bailitheoirí scéalta is seanchas a chur ar pár den chuid is mó. Fiteáin chéarach a bhí in úsáid acu an t-am sin, agus in úsáid arís is arís eile, an taifead deireanach bainte den chéir sular baineadh úsáid astu an athuair.
Bhraith na bailitheoirí lánaimseartha go mór ar na taifeadtaí seo leis an ábhar a thras-scríobh go dílis, focal ar fhocal. Mar sin féin, bhí teicneolaíocht nua le teacht go luath a chabhródh go mór leo siúd a bhí mbun bailiúcháin. Casadh duine ón Edison Company ar Shéamus Ó Duilearga agus é ag taistil i Meiriceá, agus socroíadh gléas taifeadta don Choimisiún. Bheadh sé de chumas ag na bailitheoirí ábhar a thaifead agus a choinneáil, in ionad na fiteáin chéarach a ghlanadh is a úsáid arís eile. Caoimhín Ó Danachair agus Leo Corduff is mó a bhí páirteach san obair taifeadta seo ar dtús. Ní raibh an trealamh seo soghluaiste faraor, mar sin thug an coimisiún cuireadh do roinnt faisnéiseoirí le teacht chucu le hábhar a thaifead. Leathnófaí an obair seo amach in 1948 nuair a bronnadh maoiniú ar an gCoimisiún leis na cainteoirí deireanacha Mhanainnise a thaifead in 1948. Is cuairt a thug Éamon de Valera ar an oileán a spreag an tionscadal seo. Cé gur raibh an gléas taifeadta ag an gCoimisiún cheana féin, is leis an maoiniú seo a ceannaíodh veain don Choimisiún a chuirfeadh ar gcumas daoine a thaifead i bhfad i gcéin.
![](https://doras.gaois.ie/gaois/an-bailiuchan-fuaime-002.jpg?quality=70&width=516)
Cé go bhfuil roinnt taifeadtaí níos sine i seilbh an Chnuasaigh, is leis an tréimhse seo i ndiaidh don Choimisiún cainteoirí Mhanainnise a thaifead a bhaineann formhór an ábhair fuaime atá i gcartlann an Chnuasaigh. Ábhar fuaime ó bhonn a bheadh á bhailiú anois, agus ní bheadh tras-scríobh le déanamh ar na taifeadtaí mar a rinneadh i gcás ábhar an Phríomhbhailiúcháin Lámhscríbhinní. Mar sin féin, i gcorrchás bailíodh an scéal nó seanchas céanna arís eile ón bhfaisnéiseoir céanna, agus blianta idir an dá bhailiú. Mar shampla, tá tras-scríbhinn de ‘Bean an Fhir Rua’ ó Sheán Bán Mac Grianna a bailíodh timpeall 1933 ar fáil sa Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, agus tá leagan taifeadta ar fáil freisin a bailíodh i 1958, timpeall 25 bliain i ndiaidh an chéad bhailithe.
![](https://doras.gaois.ie/gaois/an-bailiuchan-fuaime-003.jpg?quality=70&width=516)
Tá gach uile shórt ábhair ar fáil sna taifeadtaí seo, scéalta agus seanchas, caint agus ceol agus go leor eile. Tá glórtha Peig Sayers agus Anna Nic an Luain le cloisteáil, i dteannta cainteoirí as ceantair Ghaeltachta ar nós Cheathrú Thaidhg, áit ar bhailigh Leo Corduff go leor ábhair óna mhuintir agus óna chomharsan. Tá saibhreas iontach teanga agus béaloidis ar fáil sna taifeadtaí sin; ina measc tá aithris ar chomhrá sa gcurach, seanchas agus stair áitiúil, agus amhráin. Is féidir teacht ar ar bhailigh sé anseo.
Níl ganntanas ann don té a chuireann spéis san amhránaíocht, agus leithéidí Coinleach Glas an Fhómhair, Bríd Óg Ní Mháille casta ag cailín óg, Amhrán a’ Tobac agus port béil ar fáil. Is féidir teacht ar na hamhráin ar fad atá digitithe go dtí seo anseo.
Tá scéalta ar nós Oisín i dTír na nÓg, Mac Rí Dhún na nGall agus An Reithe, an Sionnach agus Fear a’ Mhála ar fáil agus tá seanchas a dhéanann cur síos ar an iascaireacht agus ar bháid ann chomh maith.
Ní hamháin go bhfuil cur síos tugtha ar an saol mar a bhí in Éirinn ag an am agus fadó, ach tá léargas ar fáil freisin ar an saol i Meiriceá agus i Sasana.
Tá ábhar fuaime ar fáil ar dúchas.ie le breis is bliain anuas, agus bíonn ábhar nua á fhoilsiú againn go rialta. Tá lúcháir orainn gur foilsíodh ábhar ó 300 diosca aicéatáite le déanaí ag an Oireachtas agus tá éagsúlacht iontach ábhair sna taifeadtaí seo, seacht dteanga éagsúla ina measc, an Mhanainnis mar shampla. Ina theannta sin, tá glórtha Éamon de Valera agus Dhúbhghlais de hÍde le cloisteáil, de Valera ag léamh ón mbunreacht agus an Craoibhín Aoibhinn ag reic dáin. Is féidir teacht ar an ábhar ar fad atá foilsithe ó na dioscaí seo anseo.
Is féidir tuilleadh a léamh faoin gCartlann Fuaime san alt ‘Guthaí agus Glórtha: an Chartlann Fuaime’ a foilsíodh in Seoda as Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus atá ar fáil anseo.
Is iomaí seoid atá ann go cinnte; bígí ag póirseáil libh!
Údar: Jeaic Mag Fhinn