Gaois

An Chincís

Is lá tábhachtach é Domhnach Cincíse i bhféilire na Críostaíochta óir deirtear ina thaobh gur thuirling an Spiorad Naomh ar na haspail lena linn. Titeann an Chincís ar an seachtú Domhnach i ndiaidh na Cásca agus déantar cur síos sa bhlagmhír seo ar chuid de na nósanna a bhaineann léi i mbéaloideas na hÉireann le fianaise ó Bhailiúchán na Scol.

Dúradh go raibh dlúthbhaint ag an gCincíseach (.i. duine nó ainmhí a rugadh i dtrátha na Cincíse) leis an mí-ádh agus leis an mbás agus creideadh, dá réir sin, go raibh sé i ndán dóibh duine a mharú. Má ghortaigh Cincíseach duine eile, trí thimpiste fiú, thóg sé an-chuid ama le bheith ar fónamh arís (go dtí an chéad Domhnach Cincíse eile, uaireanta) nó d'fhéadfadh go bhfaigheadh an duine sin bás fiú amháin. Bás a bhí i ndán don té ar rug ainmhí Cincíseach greim fiacla air, nó má fuair duine speach ón ainmhí sin fiú, mar is léir sa ghiota seo as Cromadh, Co. Luimnigh.

Some years ago a horse ran away on a Whit Monday and in bolting struck and so seriously injured a man, that he died some time later from the effects of the injuries he received. An old woman who heard of the occurrence exclaimed “Wisha bad luck to his Whit Monday foal.”

Leis an drochchinniúint sin a sheachaint, bhí an gnás ann ligean d’ainmhí ainmhí níos lú a mharú, agus ligean do leanbh feithid éigin a mharú ionas go mbeadh a chinniúint comhlíonta.

The old people said that 'Kinkishas' always killed some person or thing during their lives. When these children were born a bird or a worm was put in their hand and left there till it died. (Baile Uilcín, Co.na Mí)

Tréimhse an-dainséarach a bhí i gceist agus tharla a lán timpistí, go háirithe ar Dhomhnach Cincíse agus ar Luan Cincíse. Moltar an chomhairle seo a leanúint le fanacht slán sábháilte i rith na féile:

  • Fan go dtí meánoíche chun dul a chodladh ar Dhomhnach Cincíse chun trioblóid agus mí-ádh a chur de dhroim seoil go ceann bliana eile.
  • Ná cuir tús le haon obair nua ar an lá seo, cuir i gcás, iascaireacht, treabhadh, tógáil, bearradh gruaige (ionas nach bhfaighidh aon duine mallacht na Cincíse ) nó bearradh na gcaorach (ionas nach gcaillfí iad go tobann mínádúrtha).
  • Ná bí mall agus tú ag éirí an lá úd nó beidh tú mall le gach rud a dhéanfaidh tú i rith na bliana.
  • Ná ceannaigh aon ní ar Luan Cincíse mar beidh tú ag caitheamh airgid gach lá ina dhiaidh sin go dtí an chéad Luan Cincíse eile.
  • Cuir cluichí (peil agus iománaíocht) ar ceal ar eagla go dtarlódh timpiste.
  • Tabhair aire mhaith duit féin roimh an bhféile ionas nach mbeidh tú tinn nó beidh tú tinn go dtí go dtiocfaidh an Chincis arís.

Agus an chomhairle is fearr, fan i bhfad amach ón uisce. Moltar do dhaoine gan dul ag bádóireacht agus gan cos a leagan in uisce thar na rúitíní mar is mó an baol go gcaillfear iad na laethanta sin.

Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall. (Ian Lawler, 1998)

Léiríonn an cuntas seo a leanas go mbíonn tionchar ag an bhféile ar an aimsir chomh maith céanna:

Níor tháinig aon Chincís ariamh gan toirneach. Bíonn dath dúghorm ar an aer agus bíonn daoine ag creathadh leis an bhfaitíos. Is minic a chloisfeá iad ag rá Marthain Phádraig.

Déan cuardach anseo nó bain úsáid as ár gCuardach Topaicí chun teacht ar scéalta eile a bhaineann leis an gCincís. Tá súil againn, a chairde, go gcabhróidh an chomhairle seo libh teacht slán as aimsir mhíshona na Cincíse. Bígí cúramach, bígí an-chúramach!

Údar: Michelle Dunne (Cúntóir Taighde)