Ar Thóir na nAmhrán
Agus bailitheoirí an Choimisiúin ag tabhairt faoi obair pháirce, is iomaí cineál scéil is píosa seanchais a d’aimsigh siad. Tá scéalta fada agus scéalta beaga ann, paidreacha agus dinnseanchas, tá tomhaiseanna agus seanfhocail, cur síos ar an saol mar a bhíodh is mar a bhí. Cé gur leagan tras-scríofa de sheanghlórtha na bhfaisnéiseoirí atá ar fáil sa bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, tá rithim agus ceol a gcuid cainte le braistint go fóill sna tras-scríbhinní dílse a rinne na bailitheoirí.
Ní ceol na cainte amháin atá ar fáil ann áfach, ach ceol na n-amhrán freisin. Is iontach go bhfuil roinnt mhaith de na hamhráin seo caomhnaithe is le cloisteáil sa mBailiúchán Fuaime (breis is 1,000 amhrán ar fáil faoi láthair), ach tá a thuilleadh le léamh ar leathanaigh an Phríomhbhailiúcháin freisin. Rinneadh rangú cuimsitheach ar an ábhar sa mBailiúchan Fuaime de réir mar a bailíodh é, agus dá bharr tá teacht éasca ar a bhfuiltear á lorg, bíodh amhrán, caint, scéal nó ceol ann. Faraor géar, ní dhearnadh an mionrangú cuimsitheach céanna idir na míreanna éagsúla tras-scríofa atá sa bPríomhbhailiúchán, agus go dtí seo ní raibh idirdhealú déanta idir na míreanna ar fad ach ‘Seanchas’ agus ‘Cín Lae’.
Ar mhúnla rangaithe an Bhailiúcháin Fuaime, bheartaigh muid cuardach an Phríomhbhailiúcháin a shaibhriú agus cuireadh rangú breise ‘Amhránaíocht’ leis an bPríomhbhailiúchán. Ós rud é go raibh formhór na n-amhrán ar an suíomh innéacsaithe roimh an rangú seo, bhí obair mhór i gceist le hiad a aimsiú agus a chlibeáil leis an gcineál míre nua seo. Thug na hintéirnigh samhraidh a bhí linn faoin obair seo agus tá amhráin á rangú anois de réir mar a dhéantar an bhunobair innéacsaithe. Tá an baol ann, ar ndóigh, go bhfuil corrlúb ar lár go fóil, ach faoin am seo tá breis is 1,700 amhrán rangaithe faoi ‘Amhránaíocht’.

An scagaire 'Amhránaíocht' roghnaithe
Is féidir ‘Amhránaíocht’ a roghnú faoi ‘Cineál míre’ sa mbosca cuardaigh. Is i nGaeilge atá formhór na n-amhrán seo, breis is 1,500, agus i mBéarla an chuid eile, breis is 200 amhrán. Tá corramhrán macarónach ar fáil freisin, mar atá san amhrán seo a bailíodh i dTuath Ó Siosta, Co. Chiarraí.
Cé go bhfuil teacht níos fearr ar na hamhráin ar fad atá sa bPríomhbhailiúchán, tá deacrachtaí áirithe fós le gach leagan den amhrán céanna a aimsiú. Is iomaí ainm a bhíonn ar aon amhrán amháin, agus is minic nach bhfuil sa teideal ach an chéad líne. Feictear gur minic a cláraíodh na hamhráin sna himleabhair faoin teideal ‘Amhrán’. Is amhlaidh an scéal i gcás an leagain seo de ‘Seachrán Charn tSaoil’ a bailíodh i nGleann Cholm Cille. Tá ‘Amhrán’ mar theideal air, ach tá teacht air de réir na chéad líne ‘Ar philleadh aniar domh ó Charn t-Sigheal’. De réir mar a dhéanfar tras-scríobh ar ábhar an Príomhbhailiúcháin, beidh teacht níos fearr ar na hamhráin de réir líne is téama. Mar shampla, cé gur minice a chuirtear ‘Contae Mhaigh Eo’ ar an amhrán anois, tá cúpla leagan de ar fáil sa bPríomhbhailiúchán faoi theidil eile – ‘Long Seo Phaidí Linnsigh,’ ‘Liostáil mé le Sergeant,’ ‘Liostáil mé le Sairsint’-- agus leagan amháin gan teideal ar bith. Léiríonn an éagsúlacht seo an dúshlán atá le gach leagan d’aon amhrán amháin a aimsiú, ach is éasca anois an tóraíocht agus ábhar eile scagtha as na torthaí cuardaigh.
Is minic a shamhlaítear amhráin áirithe le ceantar ar leith, ach tá lear mór amhrán a bhíodh is a bhíonn ar fáil ar fud an oileáin, agus a leagan féin i ngach ceantar. Is minic a chloistear ‘An Seanduine Dóite’ ón amhránaí Conallach sa lá atá inniu ann, agus go deimhin leagan eile ón Muimhneach, ach ní minic anois a chloistear leagan Connachtach. Mar sin féin, tá leagan ar fáil anseo a bailíodh i gCor na Móna, Co. na Gaillimhe. Mar shampla eile, tá teacht ar shamplaí de ‘Caisleán Uí Néill’ i gCiarraí, i bPort Láirge, i nGaillimh agus i dTiobraid Árann fiú. Ina theannta sin, bailíodh ‘Dónall Óg’ i nDún na nGall, i nGaillimh agus ó Chiarraíoch mná i gContae na Mí.
Níl anseo ach blaiseadh beag de na hamhráin uile a breacadh síos is a bailíodh sa bPríomhbhailiúchán, gan trácht orthu siúd a bhfuil taifeadtaí díobh sa mBailiúchán Fuaime. Bígí ag cuardach is ag canadh! Croch suas é!
Údar: Jeaic Mag Fhinn