Gaois

Bailiúchán Béaloidis Árann

Tagann na focla ‘pobal’ agus ‘meitheal’ chun cuimhne arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh ar an tionscadal is déanaí de chuid fhoireann taighde Gaois, a seoladh ag tús na bliana. Ceann de phríomhspriocanna Gaois is ea acmhainní digiteacha a chur ar fáil don phobal, ach ba speisialta arís eile an tionscadal seo óir gur comhoibriú é le comhphobal ar leith, comhphobal atá tar éis na blianta a chaitheamh ag bailiú ábhair is eolais ina cheantar féin. Tá Mná Fiontracha Árann ag obair as lámha a chéile le breis is scór bliain le hábhar béaloidis a bhailiú ó phobal Árann leis an saibhreas iontach atá ar fáil ar an oileán a chaomhnú. Chuir siad muintir an oileáin faoi agallamh, rinne siad taifeadadh ar imeachtaí pobail, ghlac siad grianghraif nua agus rinne siad scanadh ar sheanchinn, i measc go leor rudaí eile. Bailiúchán Béaloidis Árann a tugadh ar an tionscadal seo uile, agus d’éirigh leis an meitheal seo cuid den ábhar a bhailigh siad a fhoilsiú is a roinnt ar bhealaí éagsúla de réir a chéile, leabhráin agus leabhair den chuid is mó. Is féidir tuilleadh a léamh faoi stair agus faoi chúlra an tionscadail ar an leathanach seo.

Mná Fiontracha ag teach an 'Man of Aran' i gCill Mhuirbhigh. 5 Aibreán 2003 - bba.duchas.ie/ga/bbag/4255

Tá Mná Fiontracha Árann tar éis sárchartlann a chruthú ar son mhuintir an oileáin, agus is céim mhór chun tosaigh é go bhfuil an chartlann sin caomhnaithe agus curtha ar fáil go digiteach acu anois i gcomhar le grúpa taighde Gaois agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Rinne na Mná Fiontracha an t-uafás oibre thar na blianta leis an gcartlann seo a chur le chéile agus b’iontach a bheith in ann lámh chúnta a thabhairt dóibh chun í a dhigitiú agus a fhoilsiú ar líne. Tá Bailiúchán Béaloidis Árann ar fáil ag bba.duchas.ie.

Lucht féachana ag na rástaí curach in Inis Meáin i ndeireadh na 1970í. - bba.duchas.ie/ga/bbag/4046

Ní hámhain go bhfuil an t-ábhar féin ar fáil ar an suíomh, ach tá sé leagtha amach ar bhealach snasta, tarraingteach. Tá muid an-tógtha leis an dearadh grafach a rinne ár gcomhghleacaí, Rónán Ó Dochartaigh, agus creideann muid go bhfeidhmíonn an suíomh ar bhealach a chuireann eispéireas den scoth ar fáil don úsáideoir. Tá grianghraif, taifeadtaí fuaime agus taifeadtaí físe ar fáil, i dteannta bunachar daoine. Is féidir taifead fuaime a chur ar siúl agus leanacht ar aghaidh ag brabhsáil ar an suíomh, agus leanfaidh an taifead ar aghaidh ag seinm, fiú má imítear ón mbunleathanach fuaime. Tá tras-scríbhinní ar fáil do nach mór leath de na taifeadtaí fuaime freisin. Tá clibeáil déanta ar na daoine a bhaineann le gach mír ar an suíomh, agus is féidir scagadh a dhéanamh dá réir. Ina theannta sin, is féidir scagadh a dhéanamh de réir dáta, áite agus tagairt chartlainne. Tá cur síos cuimsitheach ar fheidhmeanna brabhsála agus cuardaigh an tsuímh ar fáil anseo.

Nora Mháirtín Uí Ghoill, Eoghanacht, Árainn, sna 1880í. - bba.duchas.ie/ga/bbag/3911

Sna 1880í a tógadh an grianghraf is sine sa mbailiúchán, grianghraf de Nóra Mháirtín Uí Ghoill arbh as Eoghanacht í. Ón am sin go dtí 2019 is ea an tréimhse a chlúdaíonn an bailiúchán grianghraf, agus is iontach an éagsúlacht atá ar fáil sna grianghraif ar fad. In Árainn a glacadh formhór na bpictiúr, ach tá roinnt mhaith ar fáil a glacadh in áiteanna eile in Éirinn agus corrcheann i dtíortha eile ar fad. Tá breis is 900 grianghraf ar fáil faoi láthair. Tá an bunachar grianghraf ar fáil anseo.

Idir 1996 agus 2020 a rinneadh na taifeadtaí fuaime. Tá 97 taifead san iomlán ar fáil agus tá 53 taifead tras-scríofa. Tá éagsúlacht mhór ann ó thaobh fhad na míreanna, cinn ghearra nach maireann ach cúpla nóiméad agus cinn eile a mhaireann timpeall uair an chloig. Tá an-saibhreas go deo ar fáil sna taifeadtaí seo ar fad agus is pléisiúr é cluas éisteachta a thabhairt dóibh. Tá an bunachar fuaime ar fáil anseo.

Clann Uí Iarnáin as Bun Gabhla ar ócáid Chéad Chomaoineach Teresa. (Ar chúl, ó chlé) Pete, Máire, Pádraic. (Sa lár, ó chlé) Maggie, Teresa, Bríd, Michael. (Chun tosaigh, ó chlé) Beachlín, Áine, Bairbre. - bba.duchas.ie/ga/bbag/4118

Is toradh ar chomhobair na míonna fada é an suíomh nua seo, ach tá sé ag tógáil ar shaothar na mblianta fada a chaith Mná Fiontracha Árann ag cothú is ag caomhnú spiorad pobail. B’iontach mar sin an chomhpháirtíocht seo a cheiliúradh is a chomóradh nuair a seoladh an suíomh go hoifigiúil in Árainn féin i mí Eanáir na bliana seo ar Nollaig na mBan. Is ríshásta atá foireann uile Gaois go raibh lámh againn leis an mbailiúchán seo a dhigitiú agus a chur ar fáil do phobal Árann agus don saol i gcoitinne.

Meitheal an tionscadail ag an seoladh, Nollaig na mBan 2023