Gaois

Ceird na Tuíodóireachta

Is annamh a chloistear faoin tuíodóir sa lá atá inniu ann ach is léir ó scéalta Bhailiúchán na Scol go raibh tábhacht faoi leith ag baint le ceird na tuíodóireachta in Éirinn fadó. Tugtar spléachadh ar na traidisiúin a bhain leis an tuíodóireacht sa bhlagmhír seo.

An Tuíodóir

De réir na gcuntas atá le fáil ar dúchas.ie, bhíodh stádas faoi leith ag baint leis an tuíodóir agus bhíodh an-mheas ar an obair - chaití go maith leis agus d’fhaigheadh sé pá maith. Déantar cur síos i roinnt cuntas ar phá an tuíodóra agus dar leis an scéal seo, thuilleadh tuíodóir amháin 13 scillinge sa lá agus £350 in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, ainmnítear tuíodóirí a raibh clú agus cáil orthu ina gceantar dúchais sa scéal céanna.

Obair an Tuíodóra

Bhíodh obair ann i gcónaí don tuíodóir an uair sin nó go mbíodh díon tuí ar fhormhór na dtithe. Dar leis an gcuntas seo ó Dheargmhóin, Co. Liatroma, bhíodh ar an tuíodóir an tuí a chur ar an díon gach re bliain ach bhraithfeadh sé sin ar an gcineál tuí. Luaitear dhá chineál tuí faoi leith i scéalta Bhailiúchán na Scol – cochán agus luachra. Dá mbainfí úsáid cheart as an gcochán ní bheadh ar an tuíodóir é a chur ar an díon arís go ceann sé bliana. I gcomparáid leis sin, ní mhairfeadh na luachra ach dhá bhliain.

An Tuí

Tá réimse téarmaí in úsáid chun cur síos a dhéanamh ar na hábhair, mar shampla, ‘feorainn’, ‘luachra’, ‘líon’, ‘giolcach’, agus ‘tuí cruithneachta’. Bheadh lá deas tirim ag teastáil chun tabhairt faoin obair. Dar le cuntas amháin ó Bhailiúchán na Scol, chuirtí síol lín i mí na Bealtaine a bheadh réidh le húsáid san fhómhar ansin. I ndiaidh fliuchadh a fháil, thriomaítí iad agus dhéantaí sopóg tuí díobh. Tá cur síos spéisiúil sa chuntas seo ó Dhún na nGall ina raibh ar na daoine eangach sreinge a chur ar an díon chun nach stróicfeadh na cearca an díon as a chéile.

Téarmaíocht

Bhaintí úsáid as uirlisí éagsúla chun an obair seo ar fad a chur i gcrích agus bhí téarmaíocht shonrach i gceist leo ar fad, mar is follas ó na samplaí thíos:

Déantar cur síos sa scéal seo ar uirlis ar a dtugtar thatching needle nó ‘an tsnáthaid tuíodóireachta’ agus ar an gcaoi go raibh sé i seilbh ag an teaghlach céanna ar feadh 200 bliain.

Ta go leor scéalta eile faoi thraidisiúin na tuíodóireachta le fáil mar aon le cuntais eile a bhaineann le ceirdeanna dúchasacha eile. Ní gá ach cuardach a dhéanamh anseo agus ceann ar bith acu a roghnú.