Gaois

Bailiúchán na Scol – Scéalta ó Chontae Mhuineacháin

Tugtar léargas ar bhéaloideas agus ar stair áitiúil ó Chontae Mhuineacháin sna scéalta a dhéantar a thaifeadadh i mBailiúchán na Scol – scéaltaí spóirt, ceoil, seanchais agus neart scéalta spéisiúl eile chomh maith. Ghlac tuairim is 140 scoil páirt sa scéim i gContae Mhuineacháin agus tiomsaíodh 32 imleabhar mhóra d’ábhar béaloidis. Tugtar blaiseadh beag de roinnt scéalta suimiúla thíos.

Tá ainm fhoireann peile Mhuineacháin in airde faoi láthair agus tá an-dúil ag pobal an chontae sa chluiche, rud a bhí i gceist fosta le linn na 1930idí, de réir dealraimh. Déantar ceiliúradh san amhrán seo ar bhua cáiliúil a fuair peileadóirí an Mhullaigh Dhuibh ar Dhúthamhlacht agus tá tuairisc san amhrán Gaeilge seo ar chluiche iomráiteach ina bhfuair peileadóirí an chontae an ceann is fearr ar Chontae Lú go luath sa chéad seo caite.

Luaitear naoimh áirithe le Contae Mhuineacháin, go háirithe Mac Cairthinn, bunaitheoir dheoise Chlochair, a bhfuil an ardeaglais i mbaile Mhuineacháin ainmnithe as. Mínítear sa scéal seo as Cill Laobháin an dóigh ar bhronn Naomh Pádraig deoise Chlochair ar Mhac Cairthinn. Luaitear ann fosta mallacht a chuir Pádraig féin ar shráidbhaile Chill Laobháin nuair a chuir muintir na háite fáilte dhoicheallach roimhe! Tá dlúthbhaint ag naomh eile, Tiarnach, le Cluain Eois, áit ar bhunaigh sé mainistir, mar a deirtear sa scéal seo.

Ardeaglais Naomh Mac Cairthinn, An Clochar

Tá cuid mhór scéalta i mBailiúchán na Scol a bhaineann le hoidhreacht thógtha an chontae, ó iarsmaí réamh-Chríostaí go foirgnimh níos nuaí. Tá léaráid ag gabháil leis an scéal seo den tuama meigiliteach sna Cairn, Achadh Bog, agus baineann an scéal seo ón gCorr Chríochach le seanchas Chaisleán Mhanann, gar do Charraig Mhachaire Rois.

Agus é buailte leis an teorainn, tá tionscal bisiúil smuigléireachta i Muineachán le fada an lá agus léiríonn an t-ábhar ó Bhailiúchán na Scol go raibh an trádáil mhídhleathach sin ina chuid de sheanchas na háite faoi na tríochaidí déanacha, níos lú ná fiche bliain ó bunaíodh an teorainn úd. Tá cuntas san amhrán seo ó Láithreach ar earra neamhghnách a smuigleáil thar an teorainn agus insítear in amhrán eile ó Chluain Eois faoi bhullán ar leith a bhain geit as oifigigh custaim an Tuaiscirt nuair a tháinig siad air gan choinne.

Déantar ceiliúradh san amhrán seo, a bailíodh i dTeach na dTrí Mhíle, ar Ghiorria na Leice, ainmhí ar éirigh leis éalú ón gconairt i gcónaí. Tá cineál sin seilge a dhéantar de shiúl na gcos le madraí seilge beo i gcónaí sa chontae.

Traidisiún eile atá fós beo i gcontae Mhuineacháin an lae inniu is ea na leigheasanna traidisiúnta agus liostaítear agus mínítear an-chuid díobh sin i mBailiúchán na Scol, mar a léiríonn na samplaí seo ó Thigh Thaláin, Machaire Airne agus an scéal Gaeilge seo ó Lios Dúnáin.

Tá lear mór scéalta i mBailiúchán na Scol a bhaineann leis an saol eile agus le cúrsaí taibhsí. Is samplaí maithe iad an scéal seo ó Chúil Darach faoi adhlacadh anabaí agus an ceann seo ó Choill Ó Mearlaí faoi na sióga a raibh cónaí orthu sa lios.

Bunaíodh Scéim na Scol ag am tráthúil chun cuid de na hiarsmaí deireanacha de Ghaeilge Mhuineacháin a chaomhnú. Cé nach raibh an Ghaeilge á labhairt mar theanga an phobail a thuilleadh bhí roinnt seanchainteoirí dúchais fós beo, go háirithe i mbarúntacht Fhearnaí i ndeisceart an chontae. Bailíodh líon suntasach scéalta Gaeilge i scoileanna ar nós Taplach i bparóiste Dhomhnach Maighean. Filíocht, amhráin, seanfhocail agus leigheasanna is mó atá san ábhar Gaeilge seo agus ní phléitear leis an saol comhaimseartha mórán trí Ghaeilge ar chor ar bith.

I gceantair eile sa chontae, mar aon le go leor áiteanna eile ar fud na hÉireann, bhí go leor focal agus frásaí Gaeilge fós le cloisteáil sa Bhéarla mar is léir ó na liostaí seo a bailíodh in Achadh Bog, Baile an Scotaigh agus Lios Dúnáin. Is fiú go mór súil a chaitheamh ar na scéalta eile a bhaineann le Contae Mhuineacháin chun léargas stairiúil a fháil ar nósanna áirithe atá imithe i léig agus nósanna eile atá i mbéal an phobail i gcónaí mar aon le scéalta suimiúla a bhaineann le stair an chontae. Is féidir cuardach a dhéanamh ar áit áirithe sa tír trí chliceáil ar an nasc seo agus scoil ar leith a roghnú chun teacht ar na scéalta a bhaineann le ceantar ar leith.