Gaois

Bailiúchán nua téarmaí COVID-19 seolta

Tá bailiúchán de théarmaí Gaeilge COVID-19 seolta ag grúpa taighde Gaois agus é de sprioc aige eolas cruinn, cothrom le dáta i dtaobh fhoclóir na paindéime a sholáthar do phobal na Gaeilge.

Cuireadh tús leis an tionscadal agus tuairim fhorleathan ann i measc lucht labhartha na Gaeilge go raibh an chumarsáid oifigiúil i dtaobh na paindéime á déanamh trí Bhéarla go príomha, agus nach raibh an beagán eolais a bhí á fhoilsiú i nGaeilge cothrom le dáta.

Tá súil againn go gcinnteoidh an acmhainn chuimsitheach téarmaíochta seo go mbeidh fáil ag cách ar an stór focal teicniúil is gá chun cumarsáid chruinn shoiléir a dhéanamh le pobal na Gaeilge i dtaobh COVID-19.

Spléachadh ar iontráil shamplach ón mbailiúchán. Rinneadh iarracht sainmhíniú agus samplaí úsáide a chur le gach coincheap.

Tá an Dr Gearóid Ó Cleircín, Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, ina phríomhthaighdeoir ar an tionscadal agus seo mar a mhínigh sé an scéal:

“Fearacht gach duine eile, chaitheamar míonna tosaigh na paindéime ag dul i dtaithí ar na coincheapa nua teicniúla a bhaineann le COVID-19. Ba dhíol mór spéise dúinne conas mar a ghlacfaí leis na coincheapa seo sa Ghaeilge. Mheasamar gurbh fhiú na téarmaí éagsúla a bhí i ngnáthúsáid a thiomsú, chomh maith le coincheapa nach raibh a macasamhail le fáil i nGaeilge go fóill a aithint.”

Tagann an tionscadal faoi scáth Mhol Taighde is Nuálaíochta COVID-19, DCU, a seoladh i mí Bealtaine, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin COVID-19. Tá saineolas taighde DCU, i gcomhar le páirtithe leasmhara náisiúnta agus idirnáisiúnta, á thabhairt le chéile leis seo chun teacht ar réitigh a chuirfí i bhfeidhm laistigh de thréimhse trí nó sé mhí.

Ní cnuasach saintreorach é seo ach ceann tuairisciúil agus é i gceist againn na téarmaí go léir a bhí i ngnáthúsáid le haghaidh coincheapa faoi leith a liostáil seachas téarma ‘ceart’ amháin a cheapadh do gach coincheap faoi seach.

Dá bhrí sin, is minic níos mó ná téarma amháin liostáilte faoin iontráil chéanna. Cuir i gcás an téarma ‘coróinvíreas’ féin, arb é an téarma caighdeánach é, agus an téarma ‘víreas corónach’ a bhíonn in úsáid go minic ag na meáin Ghaeilge, nó go deimhin na téarmaí malartacha ‘clutharú’, ‘cocúnú’ agus ‘neadú’ ar cocooning an Bhéarla.

Is sna meáin chumarsáide, i bhfoilseacháin rialtais agus i bhfoilseacháin Eorpacha a fuarthas na téarmaí Gaeilge go príomha.

“Ghlac na meáin Ghaeilge ról lárnach i scaipeadh théarmaíocht COVID-19 le linn na géarchéime seo agus bhí sé fíorshuimiúil téarmaí áirithe a fheiceáil á bhfréamhú sa teanga de bharr a ngnáthúsáide sna meáin thraidisiúnta agus ar na meáin shóisialta,” a dúirt Ó Cleircín.

I gcás eochairchoincheap áirithe, chuaigh sé de na taighdeoirí téarma Gaeilge a bhí in úsáid go forleathan a aimsiú. Sna cásanna seo, rinneadh teagmháil leis an gCoiste Téarmaíochta i bhForas na Gaeilge agus iarradh orthu téarma nua a mholadh. I measc na dtéarmaí nua a cruthaíodh le linn an tionscadail tá ‘COVID marthanach’ (long COVID), ‘gruaimscrolláil’ (doomscrolling) agus ‘beannú uillinne’ (elbow bump).

Ceann de na coincheapa nua a cheap an Coiste Téármaíochta

Agus an bailiúchán á réiteach lena fhoilsiú rith sé linn go rachadh áis bhrabhsála chun tairbhe an úsáideora a bheadh ag iarraidh liosta aibítreach de na téarmaí a fheiceáil. Ar ámharaí an tsaoil bhí an fhoireann theicniúil in ann a leithéid a fhorbairt ar fhógra gearr agus tá an uirlis úd le fáil ar thaobh na láimhe deise den bhosca cuardaigh i mbunachar téarmaíochta Gaois anois:

Nuair a chliceáiltear ar an mbosca thuas osclaítear an radharc brabhsála agus is féidir na téarmaí a scagadh de réir teanga agus/nó de réir túslitreach. Tá súil againn go mbeidh an fheidhmiúlacht nua seo ina cuidiú ag úsáideoirí an tsuímh.

Ag brabhsáil na dtéarmaí Gaeilge i mbailiúchán COVID-19

Chuimsigh an tionscadal obair mhór chun sonraí a thiomsú agus iontrálacha a dhréachtú in Terminologue, an córas bainistithe téarmaíochta foinse-oscailte arna fhorbairt ag grúpa taighde Gaois. Chuir taighdeoirí sonraí breise isteach, ar nós lipéid réimse, sainmhínithe, samplaí úsáide, foinsí agus eolas gramadaí.

“Creidimid go bhfuil an cnuasach sách cuimsitheach mar atá,” arsa an Dr Ó Cleircín, “ach is maith is eol dúinn go bhféadfadh téarmaí nó coincheapa áirithe ar cheart iad a bheith san áireamh a bheith fágtha ar lár againn, agus chuirfimis fáilte roimh mholtaí ón bpobal.” Is féidir aiseolas a sheoladh chuig gaois@dcu.ie