Gaois

Baisc grianghraf Thomáis Uí Mhuircheartaigh seolta ag an Oireachtas

Sheol Cathal Goan, Cathaoirleach Fhondúireacht Bhéaloideas Éireann, baisc grianghraf as Bailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar dúchas.ie ag ócáid le linn Oireachtas na Samhna.

Cathal Goan

Tá suas le 80,000 grianghraf i mBailiúchán Grianghraf Chnuasach Bhéaloideas Éireann, a bhformhór ó thréimhse Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935–70) agus a chomharba. I measc na ngnéithe a léirítear sna grianghraif, tá tithe cónaithe agus gnéithe eile de dhéantús, slite beatha, ceirdeanna agus ceardaíocht, tráchtáil, modhanna iompair, an fharraige, oideachas, creideamh, bia, feisteas, féilte agus deasghnátha, scéalaithe, ceoltóirí, caithimh aimsire agus spórt. Tá breis agus 11,000 grianghraf ón gCnuasach digitithe, catalógaithe agus curtha ar fáil ar dúchas.ie cheana féin.

Seoladh breis agus 600 grianghraf nuadhigitithe a ghlac Tomás Ó Muircheartaigh (1907–1967) idir 1930 agus 1960 ar dúchas.ie. Baineann tábhacht ar leith leis na grianghraif a ghlac sé sna ceantair Ghaeltachta, i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, go háirithe. Ghlac sé go leor grianghraf i mBaile Átha Cliath agus i gCo. Chill Mhantáin chomh maith, mar aon le roinnt mhaith eile ar an Mór-Roinn, san Ostair, go háirithe.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, B020.33.00002

Dúirt Cathal Goan go mbaineann tábhacht ar leith le bailiúchán grianghraf an Mhuircheartaigh mar go léiríonn siad gnéithe de shaol agus de shaothar mhuintir na Gaeltachta, go luath san fhichiú haois, ar mhodh bríomhar, ealaíonta.

Foinse: An Bailiúchán Grianghraf, B063.33.00012

Cuireann Éireannaigh agus lucht an diaspóra araon suim in dúchas.ie. Tá líon mór úsáideoirí lonnaithe sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus i gCeanada, i measc neart tíortha eile. Is áis iontach é dúchas.ie dóibh siúd a chuireann suim i léann an bhéaloidis, sa stair áitiúil, sa tseandálaíocht, i gcúrsaí ginealais, sa teangeolaíocht agus i mórán réimsí taighde eile. Is féidir an bailiúchán a chuardach de réir áiteanna, de réir daoine agus de réir topaicí, agus tá ábhar ann ó nach mór gach paróiste sa tír.

Foireann thionscadal dúchas.ie (Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU agus Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD)

Is féidir teacht ar an mbailiúchán grianghraf anseo.