Baisc imleabhar nua ón bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní foilsithe
Gach ráithe, cuirtear baisc imleabhar nua as Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní Chnuasach Bhéaloideas Éireann ar fáil. Déantar digitiú agus innéacsú ar an ábhar agus foilsítear ar dúchas.ie é. Sonraítear an t-ábhar nua leis an lipéad ‘NUA’ taobh leis an iontráil:

Foilsíodh an bhaisc is déanaí, 15 imleabhar san iomlán, ag tús mhí Iúil. Seo thíos liosta de na himleabhair, de na bailitheoirí agus de na ceantair atá i gceist:
Uimhir imleabhair | Bailitheoir/ceantar |
---|---|
0190 | Seán de Buitléir, Co. Loch Garman |
0194 | Brighid Ní Chollaráin, Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo agus Cill Mhic Thaidhg, Co. Shligigh |
0203 | Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Chorcaí |
0210 | Brighid Ní Chollaráin, Buiríos Ceara agus Tuath Aitheachta, Co. Mhaigh Eo |
0216 | Micheál Ó Riagáin, An Spidéal agus Eibhlín Ní Chaollaidhe, Carna, Co. na Gaillimhe |
0217 | Seosamh Ó Gríbhthín, Corca Dhuibhne, Domhnall Ó Súilleabháin, Uíbh Ráthach, agus Seán Ó Súilleabháin, Tuath Ó Siosta, Co. Chiarraí |
0218 | Eibhlín Ní Shéaghdha, Máirtín Ó Súilleabháin agus Peadar Ó Niallagáin, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí |
0219 | Bailitheoirí éagsúla ar fud Cho. Chorcaí |
0224 | Anna Ní Eigheartaigh, Cill Charthaigh agus Proinnsis Ó Gallchubhair, Inis Caoil agus Inbhear, Co. Dhún na nGall |
0229 | Brian Mac Lochlainn, Iomaí agus Baile na Cille, Co. Gaillimhe |
0231 | An Bráthair Lúcás, Cois Fharraige agus An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe |
0232 | Proinnsias de Búrca, An Ros, Conga agus Tamhain, Co. na Gaillimhe |
0257 | Liam Mac Coisdealbha, Mainistir Chnoc Muaidhe, Eadargúil, Co. na Gaillimhe agus Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo |
0274 | Liam Mac Meanman, Míobhaigh, Co. Dhún na nGall |
0279 | Máire Ní Chadhla, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí agus Cill Míde, Co. Luimnigh |

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0232, Leathanach 0023
Chomh maith leis sin, cuireadh baisc 25 imleabhar leis an suíomh ag tús Aibreáin. Ábhar a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta is mó a bhí i gceist sa bhaisc sin. Tá na sonraí ar fad ar fáil thíos:
Uimhir imleabhair | Bailitheoir/ceantar |
---|---|
0160 | Liam Mac Coisdealbha, Carna, Co. na Gaillimhe |
0163-0167 | Proinnsias de Búrca, Dúiche Sheoigheach |
0173 | Próinséas Ó Ceallaigh, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí |
0175 | Domhnall Ó Súilleabháin, Uíbh Ráthach, Co. Chiarraí |
0176 | Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Dún na nGall, Ciarraí agus Corcaigh |
0177 | Mícheál Ó Riagáin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe |
0178 | Pádhraic Ó Cadhain, Dúiche Sheoigheach |
0183 | Nioclás Breathnach, Na Déise, Co. Phort Láirge |
0188 | Proinnsias de Búrca, Dúiche Sheoigheach |
0189 | Tomás Ó Ciardha, Corcaigh, Port Láirge agus Loch Garman |
0191 | Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Gaillimh agus as Maigh Eo |
0193 | Brighid Ní Chollaráin, Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo |
0195 | Pádhraic Ó Ceannaigh agus Henry Corduff, Cill Mobhí agus Cill Chomáin, Co. Mhaigh Eo |
0198 & 0199 | Pádraig Ó Conaill, Míros, Co. Chorcaí |
0201 | Bailitheoirí éagsúla; An Blascaod Mór agus áiteanna eile i gCorca Dhuibhne, Co. Chiarraí |
0233 | Seán Ó hEochaidh, Gleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall |
0234 | Liam Mac Meanman, Cill Taobhóg agus Cluain Dabhaodóg, Co. Dhún na nGall |
0238 | Liam Mac Coisdealbha, Carna agus Eadargúil, Co. na Gaillimhe agus Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo |
0248 | Bailitheoirí éagsúla; ábhar as Dúiche Sheoigheach, Carna agus An Spidéal, Co. na Gaillimhe agus Cill Lasrach, Co. Mhaigh Eo |
0260 | Liam Mac Meanman, Inis Caoil, Cluain Dabhaodóg agus Míobhaigh, Co. Dhún na nGall |
Tá an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní á dhigitiú ag foireann dúchas.ie de réir a chéile. Tá Bailiúchán na Scol agus Bailúchán Grianghraf CBÉ digitithe acu cheana. Is éard atá sa Phríomhbhailiúchán ná 2,400 imleabhar ceangailte d’ábhar béaloidis. Thiomsaigh bailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha Choimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1971) formhór an ábhair seo i lár na haoise seo caite. I nGaeilge atá timpeall dhá thrian den ábhar a chuimsíonn gach gné de thraidisiún béil na hÉireann.