Gaois

Béaloideas Chontae Chill Chainnigh

Ní nach ionadh go luaitear oidhreacht láidir iomána sna scéalta béaloidis a bhaineann le contae Chill Chainnigh i mBailiúchán na Scol. Ní hamháin sin, ach bíonn an iomáint faoi chaibidil sna hamhráin chomh maith. Seo sampla d’amhrán a bhaineann leis na hiománaithe agus a gcuid éachtaí. Bíonn tóir ar an spórt ag na sióga féin i gCill Chainnigh, dar leis an alt seo pé scéal é!

Suaitheantas Chill Chainnigh

Is frithlaoch de chuid an chontae é James Freney a bhfuil neart béaloidis ar fáil ina leith i mBailiúchán na Scol. Luaitear é in dhá scéal shuimiúla anseo agus anseo, agus déantar cur síos air mar ‘Robin Hood’ na hÉireann.

Chomh maith leis sin, tá dlúthbhaint ag an gcontae le Naomh Cainneach. Déantar cur síos air sa scéal seo, agus tá eolas faoina ardeaglais ar fáil sa chuntas seo. Seo pictiúr dá thobar atá le feiceáil ar an láthair chéanna:

Láthair eaglasta mhór le rá eile is ea An Mhainistir Dhubh agus is féidir tuilleadh a léamh faoin áit anseo.

An Mhainistir Dhubh

Rinneadh ionsaithe ar chathair Chill Chainnigh le linn ré Chromail agus tugtar léargas ar na hionsaithe sa chuntas seo. Bhí cosaint áirithe le fáil taobh istigh de bhallaí na cathrach ach, mar is eol dúinn, d’éirigh le Cromail agus a fheachtas brúidiúil. Scéal suimiúil eile is ea ‘Priest-Hunting’, a chuireann síos ar dhrochghníomh coitianta de chuid aimsir na bpéindlíthe, agus is féidir é a léamh anseo. Ní mar a shíltear a bhítear, áfach – caithfear an scéal a léamh chun léargas breise a fháil ar an teideal suimiúil!

Tá cáil ar an gcontae mar gheall ar an marmar agus tá níos mó eolais faoi na muilte marmair le fáil anseo.

Tagtar ar bhlúiríní beaga neamhghnácha eolais go minic sa bhailiúchán seo, mar shampla an cur síos ar ‘Freak Eggs’ mar a ghlaoití orthu, sa scéal seo. Chomh maith leis sin, ní hamháin go bhfuil Aonach an Phoic i gCill Orglan le fada an lá, ach bhíodh aonach an phoic i gCill Chainnigh lá den saol leis.

Aonach an Phoic