Gaois

Beathaí nua curtha le Ainm.ie

Blog post is available in Irish only

Cuireadh sé bheatha nuascríofa leis an mBunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (www.ainm.ie) le déanaí. Mórshaothar luachmhar léinn é an cnuasach beathaisnéisí seo a chuimsíonn breis is 1,700 beathaisnéis ó 1560 go dtí an lá inniu. Tá an tionscadal beathaisnéisí Gaeilge seo á fhorbairt ó 2009 i leith ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht agus le Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, údair na naoi n-imleabhar a d’fhoilsigh An Clóchomhar idir 1986 agus 2007 faoin teideal Beathaisnéis. Bunaíodh painéal comheagarthóirí in 2013 faoi stiúir Cló Iar-Chonnacht le cuid de na seanbheathaisnéisí a nuashonrú agus le cinn úra a scríobh.

I measc na mbeathaí nuascríofa, faightear cuntas ar Paul Drury (1958–2015), iriseoir agus eagarthóir, a bhí ar thús cadhnaíochta i gcúrsaí iriseoireachta in Éirinn ar feadh os cionn deich mbliana fichead. Nuair a cheap sé an ceart a bheith aige féin nó ag a chuid iriseoirí, ní raibh eagla dá laghad air dúshlán na n-údarás a thabhairt agus cáineadh a dhéanamh orthu siúd a bhí i gcumhacht agus ar lucht an rachmais. Ina theannta sin, faightear cur síos cuimsitheach ar Dhiarmuid Mac an Adhastair (1943–2015) a bhí ar dhuine de na haisteoirí ba mhó a raibh aithne agus gean air ar scáileáin teilifíse na hÉireann. Rinne sé a chuid féin de pháirt Shéamuis Mhicil Tom, rógaire den seandéanamh, ar Ros na Rún. Duaisaisteoir eile ba ea Neasa Ní Annracháin (1922–2014) a chaith beagnach daichead bliain le hAisteoirí Raidió Éireann. Ba de theaghlach Gaeilge mór le rá í agus tá triúr díobh siúd ar ainm.ie chomh maith - Conraitheoir cáiliúil bhí ina hathair Peadar agus ceoltóir agus aisteoir a bhí ina deartháireacha Fachtna agus Ciarán.

B’eagarthóir agus foilsitheoir ildánach é Caoimhín Ó Marcaigh (1933–2014) a raibh dlúthbhaint le litríocht na Gaeilge aige ar feadh a shaoil. Ceapadh ina Eagarthóir Sinsearach ag an Ghúm é in 1981 agus sa bhliain chéanna thóg sé féin agus a bhean chéile, Aingeal, cúram an chomhlachta foilsitheoireachta Sairséal agus Dill ar láimh. Tugadh Sairséal Ó Marcaigh ar an ghnó sin feasta. Déantar cur síos ar Mhairéad Ní Chinnéide (1942–2015) sna beathaisnéisí nua a cuireadh ar shuíomh ainm.ie le déanaí chomh maith. Scríbhneoir géarchúiseach, eagarthóir tuisceanach, iriseoir meabhrach agus staraí a raibh ardmheas uirthi ab ea í agus chaith sí a saol agus a dúthracht le cás agus le cúis na Gaeilge. Scríobh sí dhá leabhar mhóra staire, An Damer: stair amharclainne (2008) and Scéal Ghael-Linn (2013). Criticeoir agus scríbhneoir cruthaitheach ab ea Muiris Ó Meara (1972–2014) a raibh ‘féith na bhfocal agus bua ealaíonta go smior’ ann agus a bhfuil cuntas faoina shaol le fáil ar ainm.ie anois. Bhíodh ailt uaidh ar Comhar agus Feasta agus é ag plé le réimse leathan ábhar, idir nualitríocht na Gaeilge, léann na hÉireann, an scannánaíocht agus an fhealsúnacht. Déan cuardach ar an gcnuasach iomlán anseo nó roghnaigh bliaintéama ar leith chun a thuilleadh beathaisnéisí a léamh.