Gaois

Bunachar sloinnte Gaeilge

Sheol grúpa taighde Gaois bunachar teangeolaíoch sloinnte Gaeilge le déanaí (08/04/2020) taca an ama chéanna a seoladh leagan úrnua de shuíomh gréasáin Gaois. Cuimsíonn an bunachar beagnach 700 braisle sloinnte. Is éard atá ann ná sloinnte Gaeilge a cláraíodh (as Gaeilge nó as Béarla) 4 huaire nó níos mó le haghaidh leanaí a rugadh in Éirinn sa bhliain 2017. Beidh an bunachar seo áisiúil dóibh siúd (daoine agus meaisíní) atá ag iarraidh sloinnte Gaeilge a úsáid ar bhealach atá ceart ó thaobh an litrithe agus na gramadaí de.

Leathanach baile an bhunachair nua, an bosca cuardaigh agus na háiseanna liostála.

Cuireadh tús leis an tionscadal seo mar gur aithníomar go raibh bearna in acmhainní digiteacha na Gaeilge ó thaobh céadainmneacha agus sloinnte de. Is minic go mbíonn daoine neamhchinnte faoin litriú ceart ar shloinnte Gaeilge, ach ní raibh bunachar sloinnte nua-aimseartha ar fáil ar líne chun cuidiú leo. Ba chuig an leabhar cáiliúil An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir (nó chuig an leagan ar líne de ag sloinne.ie) ba ghá dul chun litriú sloinnte Gaeilge a fháil nó a sheiceáil. Ach tá an leabhar seo as dáta anois sa mhéid is go bhfuil sé teoranta ó thaobh struchtúir de. Foclóir sloinnte aontreoch Béarla-Gaeilge, le mapáil aon le haon, atá ann go bunúsach.

An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir

Sa bhunachar nua seo, gheobhaidh tú an litriú ceart Gaeilge, foirmeacha infhillte Gaeilge, leaganacha malartacha nó stairiúla má tá siad ábhartha, agus leaganacha Béarla. Ní bhfaighidh tú eolas minicíochta, geografach ná ginealais, áfach. Tá eolas mar seo ar fáil san fhoclóir seo. Is féidir sloinnte a aimsiú trí iad a chuardach nó trí iad a aimsiú ar liosta aibítreach, i nGaeilge nó i mBéarla. Is féidir an liosta aibítreach a shórtáil i gceithre bhealach. Is féidir an lomfhoirm shórtála a úsáid chun na sloinnte a shórtáil ar bhealach inscne-neodrach. Cur chuige nua dar gcuid é seo a mbeidh tuilleadh le rá againn faoi amach anseo.

Liostú inscne-neodrach (Litir P)

Mar chuid den obair, luamar teideal le chuile bhraisle. Is éard atá sa teideal, de ghnáth, ná an céadainm ar ar bunaíodh an sloinne. Feidhmíonn sé seo mar chineál ceannfhocail foclóra.

An bhraisle Rian

Anois agus an bunachar seolta, ba mhaith linn cur leis. Nílimid cinnte faoin gcur chuige go fóill ach is dócha go ndíreoimid ar na sloinnte is coitianta i measc leanaí na tíre, rud a bheadh áisiúil do mhúinteoirí scoile agus bainisteoirí foirne CLG sna blianta amach romhainn. Ba dheas sloinnte as teangacha eile a dhéantar a thras-litriú go Gaeilge a chur leis an mbunachar freisin. Anuas air sin, ba mhaith linn bunachar céadainmneacha Gaeilge a chur le chéile.

Tá an tacar sonraí ar fáil le híoslódáil faoi cheadúnas oscailte anseo. Ba bhreá linn dá n-úsáidfí é chun seirbhísí eile a fheabhsú le moltaí litrithe, uathchríochnú, leathnú iarratas, sórtáil chliste, cuardach cliste, agus eile.

Tá mé buíoch de Mhichal Boleslav Měchura, den Dr Aengus Ó Fionnagáin, de Sophie Osborne agus de Ronan Doherty atá ag obair liom ar an tionscadal seo. Foilseofar tuilleadh eolais faoin taighde san iris Names go luath.

Údar: Brian Ó Raghallaigh