Gaois

Ceardlann Logainmneacha: Logainmneacha i gcríocha dátheangacha

D’eagraigh foireann Gaois ceardlann ar an 12 agus 13 Bealtaine 2022 chun cúrsaí logainmneacha i gcríocha dátheangacha a phlé. Díríodh ar dhá ghné den téama, gné an taighde agus gné an riaracháin. Bhí na himeachtaí féin dátheangach, le cainteanna i nGaeilge an chéad lá agus i mBéarla ar an dara lá. Tá na hachoimrí uile le fáil anseo. Sa chás go raibh na cainteoirí sásta a gcuid sleamhnán a roinnt, tá nascanna chucu thíos.

Ar an gcéad lá, thosaigh an Dr Pádraig Ó Cearbhaill, iar-Phríomhoifigeach an Bhrainse Logainmneacha, na cainteanna le léacht ar Litriú logainmneacha ó fhoinsí béil agus ó fhoinsí eile. Phléigh sé cén saghas norm ba cheart a usáid nuair atá mionlogainmneacha de bhunús Gaeilge á n-ionchur i Meitheal Logainm.

Thug Justin Ó Gliasáin, mac léinn dochtúireachta in Fiontar & Scoil na Gaeilge, caint ar Aistriúchán i logainmneacha Chill Dara. Tá rian an dátheangachais le feiceáil i logainmneacha Chontae Chill Dara in ainmneacha a aistríodh ó Ghaeilge go Béarla, agus a mhalairt, nuair a bhí an dá theanga á labhairt sa chontae, agus phléigh Justin roinnt fianaise starógach ar an dátheangachas sin. Agus thug an Dr Aengus Ó Fionnagáin as Ollscoil Luimní cur i láthair ar Cúrsaí teanga agus bailiú ainmneacha páirce san Iarmhí, ag labhairt faoi Thionscadal Ainmneacha Páirce na hIarmhí. Tá breis agus 2200 mionlogainm bailithe mar chuid den tionscadal go dtí seo.

Labhair an Dr James January-McCann (Oifigeach Logainmneacha ag Comisiwn Brenhinol Henebion Cymru/The Royal Commission on the Ancient and Historical Monuments of Wales) mar gheall ar Liosta Logainmneacha Stairiúla na Breataine Bige, atá ar fáil anseo.

Tar éis lóin, bhí ócáid dheas againn ag ar sheol an tAire Stáit Jack Chambers leagan nua de shuíomh logainm.ie. Tá an preasráiteas ar fáil anseo.

Lean an Dr Aisling Ní Churraighín (Oifigeach Pleanála Teanga Iardheisceart Thír Chonaill) ar aghaidh tráthnóna, ag caint ar an ábhar Ó Pholl an Uisce go Sruthán California: mionainmneacha i bparóiste Ghleann Cholm Cille. Ba iad Dermot Diamond, Seamus McGinley, Rónán Ó Gealbháin agus Rónán Ó Dochartaigh na comhúdair ar an bpáipéar seo. Tá saibhreas ar leith logainmneacha i bparóiste Ghleann Cholm Cille in iardheisceart Chontae Dhún na nGall: le cois na mbailte fearainn agus na suíomhanna aitheanta eile sa cheantar, meastar go raibh ainm ar chorradh agus 3,000 páirc, creag, carraig, sruthán, log, agus iliomad gnéithe eile den tírdhreach, atá á mbailiú anseo. Ansin thug Rónán Ó Dochartaigh faoi ghné éagsúil den ábhar céanna, Bailiúcháin mionainmneacha mar bhailiúcháin oidhreachta: fás agus forbairt ardán Meitheal Logainm. Ó seoladh Meitheal Logainm, sa bhliain 2016, cuireadh breis agus 50,000 iontráil leis an bhunachar. Agus uasghrádú suntasach idir lámha ag foireann Gaois, bheartaigh Rónán taighde a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as an uirlis. Léirigh sé go bhfuil cur chuige dátheangach an ardáin, is é sin a chumas i dtaca le sonraí dátheangacha a bhailiú mar aon le comhéadan dátheangach an ardáin, ar phríomhbhuntáistí na huirlise.

Mar chlabhsúr ar chainteanna an lae, phléigh Aindí Mac Giolla Chomhghaill (An Brainse Logainmneacha, agus mac léinn dochtúireachta in Fiontar & Scoil na Gaeilge) Galldú agus Gaelú i logainmneacha Chúige Laighean. D’fhéach sé ar na saghasanna éagsúla galldaithe, idir bhéarlú díreach (nó ‘traslitriú’), aistriúchán, leathaistriúchán agus saobhaistriúchán le samplaí ón bPáil.

Bhí dinnéar breá ceardlainne againn i mbialann Il Corvo, agus lean an cur is an cúiteamh ar na logainmeacha - agus go deimhin ar nithe eile - go déanach.

Is i mBéarla a bhí imeachtaí an Aoine, agus cúpla cainteoir idirnáisiúnta i láthair. Dhírigh painéal na maidine ar chúrsaí riaracháin i gcomhthéacsanna dátheangacha. Thosaigh an Dr Eleri James ó oifig an Choimisinéara Teanga sa Bhreatain Bheag le cur i láthair dar teideal Signs of the times: Place-names, politics, and language policy in Wales. Lean an Dr Conchubhar Ó Crualaoich ón mBrainse Logainmneacha í le Place-Names. Legislation and implementation — the gap between wishful thinking, intention and reality. Dhírigh an t-Ollamh Mícheál Ó Mainnín (Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann) ar Visibility, Language Rights, and Bilingual Place-Names in Northern Ireland. Labhair an Dr Jake King faoi Place-names policy and interpretation in a multi-lingual Scotland agus thaispeáin sé an tionscadal ar a bhfuil sé ag obair, Ainmean-Àite na h-Alba.

Ansin thug Michal Měchura, duine de fhorbróirí shuíomh logainm.ie cur i láthair mar gheall ar ailtireacht inmnheánach an tsuímh: So you want to build a placenames database: an introduction to toponymic data modelling.

I seisiún an tráthnóna, labhair Breathnach eile, an Dr Dylan Foster Evans (Ollscoil Cardiff agus cathaoirleach ar an Welsh Place Names Society) faoi Replacement, adaptation and (mis)translation in Cardiff place names. Ba léir óna chaint go bhfuil traidisiún láidir ainmnithe agus athainmnithe i mBreatnais sa chathair, agus nasc idir é sin agus an cinneadh i gcéad leath na fichiú aoise gurb é Cardiff príomhchathair na Breataine Bige. Labhair an Dr Paul Tempan ar Mountain names in bilingual areas of Co. Mayo agus faoina thaithí leis an suíomh Mountain Views. Chuala muid ó shléibhteoir agus fear mapaí eile, Barry Dalby, mar gheall ar EastWest Mapping: placenames on our maps.

Tá tionscadal breá nua, OS200, tosaithe le gairid le mapaí agus téacsanna stairiúla na Suirbhéireachta Ordanáis a thabhairt le chéile. Labhair an Dr Zenobie Garrett (Ollscoil Luimní), agus an Dr Frances Kane (Ollscoil na Ríona) mar gheall air seo le Talking places--exploring Ordnance Survey Name-Books 'in the field'. Agus mar chlabhsúr, thug Pat Garry, staraí agus treoraí, caint faoi Cá bhfuil mé? Street names in Dublin, le neart samplaí ina chur i láthair.

Cuireadh suíomh nua Logainm.ie i láthair cúpla uair le linn na Ceardlainne, agus cuireadh (agus cuirfear) fáilte roimh aiseolas mar gheall uirthi.

Údar: Úna Bhreathnach