Gaois

'Aithním an chré agus an chloch…' Ceardlann Mionlogainmneacha 2018

“Ba rud beo len a phearsantacht féin chuile lúibinn den bhóthar agus den bhóthairín, chuile sceach, chuile chnocán, chuile chlochar agus beagnach chuile chloch agus is mór acu atá ann istigh ar an mbaile fearainn. Ba chuid dhár mairbh iad: bhí ár stair follasach iontu. Níl bailte móra scéaltach mar seo, ná úrscéaltach... aithním an chré agus an chloch agus tá cuimhne na scéalta agam a rinne chuile orlach bacaird de chré agus de chloch a shaoirshinniú in a gcuid doscaoilte dhíom féin, de mo phearsa féin, go brách.”

— Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca (Ó Cadhain, 1969)

Eagraíodh ceardlann dhátheangach in Fiontar & Scoil na Gaeilge, an 17 & 18 Bealtaine 2018, chun cúrsaí mionlogainmneacha a phlé agus chun spléachadh a thabhairt ar an obair agus ar an taighde atá ar siúl sa réimse. Bhí idir bhaill de chumainn áitiúla oidhreachta agus staire, léachtóirí, mic léinn, múinteoirí, staraithe, taighdeoirí agus tíreolaithe i láthair ag an ócáid agus déantar achoimre sa bhlagmhír seo ar imeachtaí na ceardlainne.

Chuir Dónall Mac Giolla Easpaig (iar-Phríomhoifigeach Logainmneacha an Bhrainse Logainmneacha) tús leis an gceardlann le caint spéisiúil faoi chaomhnóirí mionlogainmneacha. Thagair sé do bhailitheoirí faoi leith agus do na faisnéiseoirí atá imithe ar shlí na fírinne, a iarchomhghleacaí an Dr Fiachra Mac Gabhann ina measc. Go deimhin, is do chuimhne Fhiachra a tiomnaíodh obair na ceardlainne. Thiomsaigh Dónall 153 mionlogainm i nDún na nGall. Thaitin an dá cheann seo ón tSrúibh go mór linne: ’Srúibh Brain’, áit ar ainmníodh i ndiaidh an charachtair Bran sa scéal Immram Brain agus ‘Port Cill’, ainm a d'eascair as Port Cholm Cille.

Teach Solais Inis Eoghain ag Dún na Graí, An tSrúibh

Dhírigh Mícheál Ó Dónaill (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, Gaoth Dobhair) ar staid reatha an taighde ar mhionlogainmneacha in iarthuaisceart Dhún na nGall agus ar an taighde a cuireadh i gcrích sa cheantar le deich mbliana anuas. Thagair Mícheál do na difríochtaí a thagann chun cinn i mionainmneacha a bhfuil roinnt leaganacha éagsúla acu. Mar shampla, ‘Clochar Mhic Neachtain’, ‘Clochar Mhic Neartain’ nó ‘Clochar an tSneachta’ agus an seanchas ar leith a ghabhann leis na leaganacha uile. Thug Máire Seó Breathnach (Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge) léargas ar an obair atá déanta ag an gCoiste Logainmneacha i bPort Láirge agus ar an obair bhailithe atá idir lámha i scoileanna sa chontae. Luaigh Máire Seó ‘An Doras Dubh’, Glór na Mara, Trá Mhór mar shampla amháin de mhionlogainmneacha Phort Láirge. Cur síos ar uaimh san aill atá i gceist leis an mionlogainm sin.

Thug Máire Feiritéar cur i láthair bríomhar ar mhionlogainmneacha ina ceantair dúchais agus thagair sí do chinn sheanbhunaithe agus do chinn nua-aimseartha, amhail ‘Bóthar an Raidió’ agus ‘Trá Huston’. Mheabhraigh sí dúinn nár cheart aistriúchán lom a dhéanamh ar an mionlogainm i gcónaí, mar shampla, ní hé pota na cistine atá luaite sa mhionlogainm ‘Tigh an Dá Phota’ ach pota an tsimléir. Phléigh Seosamh Ó Súilleabháin agus Seán Ó Cualáin (Oidhreacht Loch Con Aortha) na modhanna taighde ar bhain siad úsáid astu chun stair áitiúil Loch Conaortha a chaomhnú ar léarscáil don chéad ghlúin eile. Labhair Seosamh go macánta nuair a rinne sé cur síos ar thábhacht an eolais áitiúil seo d’imircigh agus dóibh siúd atá fós ina gcónaí sa cheantar. Bhí an-tábhacht ag baint leis an tionscal poitín i Loch Conaortha agus tá na stileanna poitín ar fad le feiceáil ar an léarscáil freisin, leithéidí 'Still-house Mhicil Sheáin Rua Ó Briain'. Taispeánadh cuid bheag den scannán nua, Anseo i Lár an Ghleanna, inar labhair muintir na háite faoi thábhacht na mionainmneacha sa dúiche.

Oidhreacht Loch Con Aortha

Bhí mionlogainmneacha Dhún Chaoin faoi chaibidil ag Éamonn Ó hÓgáin agus rinne sé cur síos ar an gcaoi ar tiomsaíodh an leabhar Logainmneacha Dhún Chaoin. Luaigh sé roinnt samplaí de mhionainmneacha a thugann léargas dúinn ar shaol na ndaoine i nDún Chaoin, mar shampla, ‘Gleann an Chaimil’, ainm a d’eascair as capall a raibh cruit air. Rinne sé tagairt do roinnt focail chanúnacha chomh maith – 'sceabhcóir' sa mhionainm ‘Claí na Sceabhcóirí’. Caor dhearg ar an sceach gheal is ea sceabhcóir. Thug an Dr Aengus Ó Fionnagáin (Ollscoil Luimnigh) caint ar ainmneacha na n-oileán ar Loch Rí, Co. na hIarmhí agus ar an gcaoi a raibh Gaeilge á labhairt sa cheantar go dtí an bhliain 1920. Bhí an-spéis ag Aengus i gcanúint an cheantair seo agus rinne sé dianstaidéar ar an bhfuaimniú a fuair sé óna fhaisnéiseoirí. Rud suntasach a thug sé faoi deara ná go raibh na mionainmneacha ar fad ar eolas ag na daoine áitiúla cé nach raibh na páirceanna ar an eastát in Twyford ina seilbh acu.

Tá taighde déanta ag an Ollamh Patrick Duffy (Ollamh Emeritus, Roinn na Tíreolaíochta, Ollscoil Mhá Nuad) ar mhionlogainmneacha i gCo. Mhuineacháin, Co. Mhaigh Eo agus Co. na Mí. Fuaireamar spléachadh breá ar chúrsaí mionlogainmníochta na tíre seo mar aon le hábhar machnaimh don chéad bhriseadh. Bhailigh a athair roinnt mionlogainmneacha nuair a bhí sé ag obair mar mhúinteoir bunscoile i Muineachán agus ghlac sé páirt i mBailiúchán na Scol, scéim bailithe béaloidis de chuid Choimisiún Béaloideasa Éireann. Cuireadh an-spéis sna mionlogainmneacha a raibh bunús Gaeilge leo, ar nós, ‘The “Bay chin”’, ‘The Para-whack’ agus ‘Carnaglabuc’. Rinne Patrick trácht ar ainmneacha níos nua-aimseartha i mBéarla chomh maith: ‘Smoothing iron’, ‘The Lime-Kiln field’ agus ‘Purgatory’. Chríochnaigh sé leis an ráiteas seo ó Patrick Kavanagh: ‘It takes a lifetime to know a field,’ agus é ag tagairt don chaoi a mbíonn cur amach ag na feirmeoirí ar na páirceanna uilig ina seilbh agus don tábhacht a bhaineann leis an eolas atá acu a chaomhnú.

Cuireadh tús leis an dara lá den cheardlann le haoiléacht ó Rebecca Gregory (Ollscoil Ghlaschú). Rinne sí cur síos ar a cuid oibre ar The Staffordshire Place-Names Project. Is é an difríocht is mó idir an tionscadal seo agus Meitheal Logainm.ie ná nach bhfuil an fhoireann ag lorg ainmneacha nua nó níos nua-aimseartha ó na rannpháirtithe. Bíonn siad ag léamh trí na foinsí stairiúla agus ag clárú tagairtí do mhionainmneacha a aimsítear iontu. Níl aon anailís déanta ar na mionainmneacha féin go fóill. Beidh scoláirí logainmníochta agus teangeolaithe in ann teacht ar dháileadh na gcanúintí ar an léarscáil trí chuardach a dhéanamh chomh maith.

Labhair an Dr Eve Campbell (Louth Field Names Project) faoin gcaoi ar féidir leas a bhaint as mionlogainmneacha chun teacht ar shraitheanna staire an tírdhreacha i gCo. Lú. Nuair a luaitear ‘Park’ i mionlogainm, ciallaíonn sé sin go raibh túrtheach nó eastát cónaithe sa cheantar. Feictear dlúthcheangal idir áiteanna ina raibh caisleán móta tráth agus coiníní sna mionlogainmneacha seo a leanas: 'Burrows Field', 'Rabbit Field, agus 'Burrow Meadow'. Ba iad na Normannaigh a thug coiníní go hÉirinn agus a thóg na caisleáin móta. Thug Dearbhala Ledwidge agus Alan Counihan (Kilkenny Field Names Project) spléachadh ar an obair a rinneadh ar ainmneacha páirce i gCo. Chill Chainnigh agus thagair siadsan don tábhacht a bhaineann leis an gcomhoibriú i bpobail áitiúla chun na hainmneacha sin a bhailiú. Thaispeáin siad gearrthóg ón scannán Naming Ground mar léiriú ar an obair don lucht éisteachta.

Rinne Jerome Lordan cur i láthair ar ainmneacha cósta thart ar Chionn tSáile in iardheisceart Chorcaí. Bhailigh sé thart ar 60 ainm páirce ó fheirmeoir amháin. Is é Jerome an bailitheoir aonair is bisiúla ar Mheitheal Logainm.ie go dtí seo. I measc na samplaí a thaispeán sé, bhí ‘Cuaisín Daoine Báite’ agus ‘Cill Phádraig’. Úsáideadh an chéad mhionainm chun teacht ar long bháite, an 'Stonewall Jackson'. Tagraíonn ainmneacha na n-aillte, ‘Faill an Aifreann Beag’ agus ‘Faill an Aifreann Mór’, do charraig Aifrinn nach bhfuil ann a thuilleadh. Thit an charraig isteach san fharraige na blianta ó shin ach fágadh rian sna hainmneacha agus sna scéalta faoi aimsir na bpéindlíthe sa cheantar.

Phléigh Simon Stewart an bunachar MountainViews a bhaineann le cúrsaí cnocadóireachta go príomha. Is fiú aon ainmneacha oileán nó ainmneacha a bhaineann le mullaí sliabhraonta a chur chuige (admin@mountainviews.ie) toisc nach dtagann deireadh le hobair an bhailitheora riamh! Chuir an Dr Simon Taylor (Ollscoil Ghlaschú) críoch le cainteanna na hAoine lena aoiléacht ar ainmneacha páirce agus ar mhionlogainmneacha eile in Albain. Tá rian teangacha éagsúla le feiceáil i mionainmneacha na hAlban. Ciallaíonn an focal ‘coirthe’ standing-stonepillar stone agus tá sé le fáil go forleathan, mar shampla, 'Corthie field', 'Auchorthie' nó 'Pitcorthie'. Chuir Simon na hacmhainní éagsúla maidir le mionlogainmneacha na hAlban in iúl dúinn agus mhínigh sé cuid den obair atá bainte amach ag taighdeoirí éagsúla, go háirithe ag an School of Scottish Studies Archives ag Ollscoil Dhún Éideann agus ag an Scottish Place Names Society. Tá spéis faoi leith ag Simon sna hainmneacha a thaifeadadh ar léarscáileanna a bhaineann le cúrsaí seilge, leis an iascaireacht agus le hainmneacha poll ar ghalfchúrsaí ar fud na tíre. Níl iarracht déanta na hainmneacha seo a chaomhnú i bhfoinsí eile.

Reáchtáladh sraith imeachtaí speisialta le linn na ceardlainne chomh maith: ritheadh seisiún praiticiúil faoi úsáid Mheitheal Logainm.ie (an Dr Brian Ó Raghallaigh, Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU & an Dr Pádraig Ó Cearbhaill, An Brainse Logainmneacha); taispeánadh dhá ghearrscannán (Oidhreacht Loch Con Aortha & Kilkenny Field Names Project); agus eagraíodh turas treoraithe thart ar cheantar Dhroim Conrach le Séamas Ó Maitiú. Ba mhaith le foireann Mheitheal Logainm buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a bhí páirteach sa cheardlann. Anseo atá cuid acu agus iad ar ‘oilithreacht’ chuig Bóthar an tSeoighigh (an Seoigheach seo)!

Más mian leat mionlogainmneacha i do cheantar féin nó i do cheantar dúchais a thaifeadadh ar Mheitheal Logainm.ie, is féidir clárú anseo. Is fiú súil a thabhairt ar an bhfíseán seo a rinne príomhthaighdeoir an tionscadail, an Dr Brian Ó Raghallaigh, agus tá tuilleadh eolais faoin tionscadal féin ar fáil anseo. Is féidir scéala a chur chugainn (logainm@dcu.ie, Twitter & Facebook) má tá ceist shonrach agat agus cuirtear fáilte roimh aiseolas i gcónaí.

Údar: Michelle Dunne

Nóta: Tógadh na híomhánna ar fad a úsáidtear sa bhlagmhír seo ó na cainteanna a tugadh le linn na ceardlainne.