Gaois

Ceithre Acht nua curtha le corpas comhthreomhar Gaois.ie

Cuireadh leaganacha ailínithe de cheithre Acht nua leis an gcorpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla ar Gaois.ie le gairid. Tá tuilleadh eolais faoin gcorpas anseo, agus is féidir é a chuardach anseo. Chuir Rannóg an Aistriúchain na hAchtanna seo ar fáil agus rinne Fiontar iad a ailíniú:

  • An tAcht um Boird Fiontar Contae (Díscaoileadh), 2014 / County Enterprise Boards (Dissolution) Act 2014 (147 mír comhchordachta nó 3,359 focal Gaeilge)

  • An tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 2014 / Electoral (Amendment) (No. 2) Act 2014 (54 mír comhchordachta nó 695 focal Gaeilge)

  • An tAcht um Neamhúsáid Mótarfheithiclí 2013 / Non-Use of Motor Vehicles Act 2013 (253 mír comhchordachta nó 5,463 focal Gaeilge)

  • An tAcht Uchtála (Leasú) 2013 / Adoption (Amendment) Act 2013 (26 mír comhchordachta nó 306 focal Gaeilge)

Gaois

Ár leithscéal

Níl an suíomh seo comhoiriúnach leis an mbrabhsálaí gréasáin Microsoft Internet Explorer. Bain úsáid as Chrome, Edge, Firefox, Opera, nó brabhsálaí nua-aimseartha eile chun teacht ar ábhar an tsuímh.

Déan teagmháil linn ag gaois@dcu.ie sa chás go mbíonn aon cheist agat.