Gaois

Cín Lae Chonallach Liam Mhic Mheanman, 27 Meán Fómhair 1935 – 3 Deireadh Fómhair 1936

Daoine anaithnide agus Liam Mac Meanman (ar dheis ar fad) i Learga na Saorthach, Co. Dhún na nGall. Grianghrafadóir: Séamus Ó Duilearga. An Bailiúchán Grianghraf, B028.29.00028.

Rugadh Liam Mac Meanman i Móinín na hEasrach, Gleann Fhinne, Co. Dhún na nGall, in 1913. Bhuaigh sé scoláireacht le freastal ar an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, áit a ndearna sé staidéar ar an Léann Cheilteach. Bhí Séamus Ó Duilearga mar léachtóir aige agus mhol sé dó in 1933 béaloideas a cheantair féin a chnuasach. Thug sé faoi sin agus nuair a bunaíodh Coimisiún Béaloideasa Éireann in 1935, chinntigh an Duileargach go bhfostófaí é mar bhailitheoir lánaimseartha feasta. Cé nach raibh sé sa phost ach ar feadh dhá bhliain, chuaigh sé fud fad Thír Chonaill agus bhailigh sé breis agus 10,000 leathanach béaloidis (ainm.ie). Le linn dó an contae a shiúl, choinnigh sé dialann, mar ba dhual do bhailitheoirí an Choimisiúin. Faightear léargas grinn ar shaol an bhailitheora agus ar shaol na scéaltaithe sna lámhscríbhinní seo. Seoladh an chéad dialann de chuid Liam ar dúchas.ie le déanaí ina gcuireann sé síos ar a chuid gnóthaí laethúla mar bhailitheoir ina cheantar féin, sna Cruacha, agus ó thuaidh i bhFánaid ó 1935 go 1936. Tugtar sa bhlagmhír seo blúirí beaga ón dialann úd.1

Sna cuntais a scríobhann Liam, is minic a fhaightear cur síos deismir ealaíonta ar a chuid faisnéiseoirí agus ar an chaidreamh idir é féin agus iad. Duine díobh a luaitear go minic is ea Neddy Ua Muighe, An Ghlaiseach Bheag, ar léir ón dialann gur charachtar ceart a bhí ann. Tugtar an méid sin le fios sna comhráite a bhí idir an bheirt:

23/10/35
Chuaigh mé chuig Neddy Moy inniu ar an Ghlaiseach. Ag dul isteach damh bhí an seanfhear (82) ina shuí cois na tineadh gan bróga ar bith air.
“Bhéal” ar seisean, “fhobair go bhfuighinn bás ó bhí tú anseo aroimhe agus gan na scéaltaí scríofa go fóill agat. Bhí mé ’mo luí seachtain leis an tslaghdán.”
Duine iontach greannmhar atá ann.
“Tá barántas ormsa anois” ar seisean.
“Is iontach sin” arsa mise.
“Bhéal tá boc amuigh ansin agus níor mhaith liom go bhfeicfeadh sé amuigh mé.”
“Cé é fhéin?” arsa mise.
“Tá, an bás” ar seisean agus tháinig aoibh an gháire air.
Scríobh mé cúig cinn de sheanamhráin uaidh.

Neddy Ua Muighe (c. 1937). Grianghrafadóir: Séamus Ó Duilearga. An Bailiúchán Grianghraf, M004.29.00016.

Shocraigh Liam cuairt eile a thabhairt air faoi cheann coicíse agus chuaigh sé a fhad le hOifig an Phoist ar dtús, áit ar casadh a mhac Neddy Óg air agus é ag cur fios ar an tsagart faoi choinne an athar. Baineadh geit as Liam. Chuaigh sé chuig teach eile mar sin agus nuair a bhí sé críochnaithe thug sé aghaidh ar theach Neddy:

4/11/35
Nuair a fuaigh mé isteach ag Neddy d’éirigh sé ina shuí sa leabaidh. Ní rabh cuma thinn ar bith air, é go gealgháireach ar fad. Giorr anál’ a bhí ag cur air agus ní rabh sé ábalta codladh san oíche Tig taom mar sin air anois agus aríst. Dúirt sé gur mhó a tháinig biseach air ó d’imigh an sagart.
“Chuala mé go rabh tú ag teacht chugam leis an mheaisín inniu. Well leoga tá mórán ramás agam le chur ar an mheaisín.”
Bhí lúchair air mé a dhul ag amharc air.

Thug Liam a aghaidh ar na Cruacha i mí Dheireadh Fómhair 1935 agus déanann sé cur síos ar staid na teanga sa taobh sin den chontae:

14/10/35
Is ann is fearr atá an Ghaeilg san taobh seo den chondae; níl Béarla ar bith fríd an Ghaeilg ach nuair a bhíonn siad ag dreasú na madadh, Béarla a bhíonn acu. Strainséir mé san áit ach thaitin na daoiní go mór liom; chuir siad aithne orm go gasta.

Chuaigh sé crua air fir agus scéalta acu a aimsiú agus iad amuigh sna páirceanna ag baint préataí agus “ag dippáil caorach”. Cuireadh i dtreo Anna Nic a’ Luain é, scéalaí cáiliúil, agus isteach leis:

14/10/35
Tá bean an tí iontach deas agus thug sí na hamhráin damh go fonnmhar. Tá cnuasacht mór acu aici. Ag a hathair John Ward a fuair sí iad go léir. Bhí mé ag scríobh go rabh sé i ndiaidh na hoíche agus tá mé le dhul ar ais aici leis an chuid eile a fháil.

Na hamhráin a bhailigh Liam ó Anna Nic a’ Luain an uair sin.

Anna Nic a’ Luain (1949). Grianghrafadóir: Caoimhín Ó Danachair. An Bailiúchán Grianghraf, M004.29.00006.

D’fhill Liam ar cheantar na gCruach i dtús mhí Feabhra 1936. Luann sé arís úsáid na teanga sa cheantar:

3/2/1936
Níor chuala mé duine ar bith do na daoiní thart anseo ag caint Béarla fríd an Ghaeilg acu mar atá i mórán áiteacha.

Le linn dó bheith ann, thug sé suntas do ghnás eile de chuid mhuintir na gCruach – an dúil a bhí acu sa tae. Ar dhul isteach sa chéad teach dóibh:

3/2/1936
Bhí deifre ’na bhaile ar Mhuiris [tiománaí Liam] agus fhobair dó gan fháil ar shiúl gan tae a ghlacadh - síleann bunadh na gCruach go mbeadh siad náiriste dá ligfí ar shiúl duine gan tae a thabhairt dó.

4/2/1936
An-áit na Cruacha fá choinne tae a ól. Ólann siad é go han-mhinic … san áit seo nuair a thig na comharsanaigh isteach ag airneál gheibh achan duine bolgam tae tuairim a hocht a chlog – thart ina lámha. Nuair a éiríonn an oíche gairid ag deireadh na Faoilligh stadann sin. Bíonn an “tae beag” acu fhéin nuair a thig siad fán am sin. “Tae beag” = an tae a ólann siad eadar tae an tráthnóna agus an suipéar.

Nuair ba mhithid dó imeacht i ndiaidh cúpla lá, faightear teist álainn ó pheann Mhic Mheanman ar bhunadh an cheantair agus ar a gcuid gnásanna:

8/2/1936
D’fhág mé mo dhéidh ansin ar na Cruacha daoiní nár milleadh go dtí seo, daoiní múinte macánta, cuid mhór acu nár dhorchaigh doras teach scoile riamh. Sa cheantar seo tá saol dá gcuid fhéin acu, a nósanna fhéin acu agus an tseanshaol acu ar fad – an saol atá imithe as cuid mhór d’Éirinn leis na cianta … sea ar na Cruacha mar a dtógann gach fear a hata le hurraim achan uair a deirtear ainm an tSlánaitheora.
Slán agaibh anois a bhunadh na gCruach.

Má bhí an Ghaeilge faoi bhláth sna Cruacha agus eiteáin lán scéalta ag Liam ar imeacht dó, níorbh amhlaidh a bhí sí in áiteanna eile. I dTamhnaigh an Mhullaigh dó, nach bhfuil i bhfad ón cheantar sin, deir sé:

14/1/36
Níl mé i bhfad anseo go fóill agus tugaim fá dear go bhfuil an Ghaeilg ag imeacht mar sneacht’ faoin ghréin – cuid a thuigeas agus a labhrann agus cuid mhór a thuigeann ach nach labhrann í.

I mí Iúil na bliana sin, bhí sé ó thuaidh i bhFánaid agus tugann sé eolas spéisiúil faoi staid na Gaeilge sa taobh sin tíre fosta agus ar ghnéithe áirithe den chanúint:

11/7/36
In íochtar Fánaid atá an Ghaeilg. I mBaile Fhuairisce (Ballywhoriskey) is mó atá sé. Tá scéim an dá phunta sa scoil ag cuidiú leis an Ghaeilg go mór i bhFánaid, deir siad liom. Níl mórán duifir eadar an Ghaeilg anseo agus i bparóiste Chill Taobhóg. Ach deir siad “fear acu” in áit “ceann acu”. Dá mbeadh siad ag caint ar chnoic, deirfeadh siad “fear acu” … Deir siad “A ghamhain” in áit “a thaiscidh” nó “a ghrá” ....

Mura mbíodh muintir na gCruach ag meascadh focail Bhéarla trína gcuid Gaeilge dar le Liam, bhí cuid de bhunadh Fhánada cúramach gan focail Bhéarla a ligean isteach ina gcuid scéalta. Ag bailiú do ar an Tonn Bhán:

31/7/36
Bhíodh bunadh an tí ag ráit le Briney [Carr] i gcónaí gan focal Béarla ar bith a chur isteach, go millfeadh sé sin an scéal. Deir na daoiní i gcónaí go bhfuil droch-Ghaeilg ag an té a chuireas isteach focla Béarla.

Is léir áfach go raibh an Ghaeilge faoi bhrú millteanach sa taobh sin tíre. I mBaile an Chnoic, cuir i gcás, “tá an Ghaeilg ag na seandaoiní agus Béarla uilig, beagnach, ag na daoiní óga”. Chonacthas do dhaoine áirithe nach raibh tairbhe leis an Ghaeilge:

28/7/36
Ag teacht go dtí an bealach mór damh bhíos ag caint le fear eile.
Thoisigh sé ag caint fán Ghaeilg liom.
“Nuair amháin a fhágas duine an tír seo, goidé an mhaith atá sa Ghaeilg dó” ar seisean.
Sin an rud a deir siad uilig liom.

Tá lón maith léitheoireachta i ndialann Liam mar a bhfaightear léargas iontach ar shaol an bhailitheora béaloidis agus ar shaol na ndaoine ar bailíodh ábhar uathu. Díreach mar a léiríonn Tadhg Ó Murchadha ina chín lae as Uíbh Ráthach, tugann Liam neart eolais faoin dóigh a ndeachaigh an gléas taifeadta i bhfeidhm ar dhaoine, “Tá rud istigh ann atá níos fhearr ná an madadh” arsa fear amháin as na Cruacha ar fheiscint dó é, agus “ní maith liom an adharc sin” arsa fear eile agus é ag impí ar Liam na scéalta a bhreacadh síos díreach óna bhéal. Déanann sé cur síos fosta ar an drogall a bhí ar chainteoirí áirithe plé a dhéanamh ar ábhar áirithe, piseoga mar shampla, agus an dóigh ar ísligh Anna Ní Bhreisleain a guth sular thug sí caint uaithi ar phiseoga bainne. Tá na daoine atá luaite sna hiontrálacha dialainne clibeáilte má táthar ag iarraidh tuilleadh a léamh faoi Neddy Ua Muighe nó faoi Anna Nic a’ Luain.

Údar: Conchúr Mag Eacháin

1 Tá rud beag eagarthóireachta déanta ar na sleachta seo. Tá nualitriú déanta ar na píosaí téacs ach rinneadh iarracht leaganacha canúnacha, deilbhíochta agus foclóra a fhágáil gan athrú. Is fiú súil a chaitheamh ar an bhuntéacs féin ar ndóigh.