Gaois

Comhdháil SNSBI – Society for Name Studies in Britain and Ireland

Reáchtáladh comhdháil bhliantúil an earraigh de chuid SNSBI (Society for Name Studies in Britain and Ireland) in Oxfordshire, Sasana idir an 24-26 Márta 2017. Cuireadh réimse leathan ábhar i láthair a bhain le cúrsaí ainmeolaíochta in Éirinn agus sa Bhreatain – ainmneacha pearsanta, sloinnte agus logainmneacha san áireamh. Leagadh béim ar leith ar ainmneacha Oxfordshire agus ar an obair a rinne an t-ainmeolaí clúiteach Margaret Gelling ina dtaobh.

Margaret Gelling

Cuireadh tús leis an gcomhdháil tráthnóna Dé hAoine agus reáchtáladh sraith cainteanna spéisiúla i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Thug an seandálaí Jane Harrison agus an t-ainmeolaí Katie Hambrook as Ollscoil Oxford léargas ar na bealaí ar féidir le scoláirí ata i mbun taighde sa dá réimse cuidiú lena chéile chun tuiscint níos fearr a fháil ar logainmneacha agus ar chultúr na ndaoine a chruthaigh na hainmneacha céanna.

Dhírigh Jeremy Harte ar thagairtí don diabhal i logainmneacha Shasana ina pháipéar ‘Talk of the Devil: ‘Devil’s’ in English place-names’. Tugadh roinnt cainteanna tráthnóna Dé Sathairn ar logainmneacha in Éirinn chomh maith. Thug Kay Muhr, scoláire a bhfuil baint aici leis an tionscadal Northern Ireland Place-Name Project, caint mar gheall ar shloinnte in ainmneacha na mbailte fearainn in Éirinn, agus rinne Justin Ó Gliasáin as Fiontar & Scoil na Gaeilge cur i láthair ar Mheitheal Logainm.ie.

Anuas ar na cainteanna ar fad, eagraíodh turas bus timpeall an cheantair Dé Domhnaigh. Ann Cole, iarchomhghleacaí de chuid Margaret Gelling, a bhí mar threoraí ar an lá agus thug sí léargas ar an bpríomhtheoiric a bhí ag Gelling, is é sin, go raibh téarmaí beachta ag na hAngla-Shacsanaigh le cur síos a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla sa tírdhreach, e.g. cruth cineálacha cnoc éagsúil.

Le clabhsúr a chur ar an gcomhdháil, thug Simon Taylor páipéar maidir le dátú logainmneacha meánaoiseacha in Albain, agus thug Oliver Padel caint faoi logainmneacha Béarla i gCorn na Breataine. Beidh comhdháil na bliana seo chugainn ar siúl ar oileán Arran amach ó chósta thiar theas na hAlban idir an 6-9 Aibreán 2018. Cuirigí an dáta sa dialann anois!