Gaois

Comóradh Céad Bliain na Chéad Dála

An Chéad Dáil, 21 Eanáir 1919 (íomhá ó Wikipedia) (an tsraith thosaigh, ó chlé go deis: Labhras Mac Fhionnghail, Micheál Ó Coileáin, Cathal Brugha, Art Ó Gríofa, Éamon de Valera, An Cunta Pluincéad, Eoin Mac Néill, Liam T. Mac Cosgair, Earnán de Blaghd; an dara sraith, ó chlé go deis: Pádraig S. O Maoldomhnaigh, Traolach Mac Suibhne, Risteárd Ó Maolchatha, Seosamh O Dochartaigh, Seán Ó Mathghamhna, Séamus Ó Dóláin, Seosamh Mac Aonghusa, Pádraig Ó Caoimh, Micheál Mac Stáin, Seosamh Mac Craith, Brian Cíosóg, Liam de Róiste, Micheál Colivet, Micheál Ó Flannagáin; an tríú sraith, ó chlé go deis: Peadar Mac an Bháird, Alasdair Mac Cába, Deasún Mac Gearailt, Seosamh Mac Suibhne, Risteárd Ó hAodha, Con Ó Coileáin, Pádraig Ó Máille, Séamus Ó Meara; an ceathrú sraith, ó chlé go deis: Seosamh Mac Donnchadha, Seán Mac an tSaoi; an cúigiú sraith, ó chlé go deis: Piaras Béaslaí, Riobard Bartún, Pól Ó Gealagáin; an séú sraith, ó chlé go deis: Pilib Ó Seanacháin, Seán Etchingham).

Ag 3.30 p.m. ar an 21 Eanáir, 1919, a tionscnaíodh an Chéad Dáil Éireann i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath. Mar a tharla i gcás Éirí Amach 1916, bhí lucht na Gaeilge rannpháirteach, ní hamháin in imeachtaí stairiúla an lae úd, ach sna cruinnithe agus sna hullmhúcháin a tháinig roimhe. Le cinntiú gurbh í an Ghaeilge teanga oibre na Dála cuireadh coiste le chéile le téarmaí fóirsteanacha a cheapadh faoina choinne sin. Ar an choiste seo, bhí Seán Ó Ceallaigh (Sceilg), Pádraig Ó Máille, Liam de Róiste agus Piaras Béaslaí. Cuireadh an liosta i gcló in Fáinne an Lae ar an 8 Feabhra 1919 agus tá athchló air thíos. Is é an rud is suntasaí faoin liosta seo ná úsáid na bhfocal Saorstát ar ‘Republic’ agus Pobalacht ar ‘Democracy’. Ba ar Sceilg a thit sé chomh maith ‘Scéal ó Dháil Éireann chun saornáisiún an domhain’ a léamh agus tá sé sin i gcló thíos fosta.

‘Dáil Éireann: Scéal ón Dáil - Chun Saornáisiún an Domhain’1

Fáinne an Lae, 25 Eanáir 1919; Oireachtas.ie

Do Náisiúnaibh an Domhain: Beatha agus Sláinte.

Tá Náisiún na hÉireann tar éis a saoirse do fhorfhógairt, tá a feisirí tofa tar éis teacht i ndáil chomhairle i bpríomhchathair na tíre an t-aonú lá fichead de Mhí Eanáir, 1919. Tríothu siúd, chun Saorstáit Éireann do chothú, iarrann sí ar gach Náisiún dílis náisiúntacht Éireann féin do admháil agus a bheith de bhuaidh aici an náisiúntacht san do dheimhniú i láthair Comhdhála na Síochána.

I gcúrsaíbh náisiúntachta, tá deighilt ó bhonn idir Éire agus Sacsa i dtaobh cineadh agus teangan, béas agus nós agus seanchas. Náisiún de na náisiúnaibh is ársa san Eoraip uile is ea Éire, agus, na tréithe is dual di, táid slán iomlán aici fós in ainneoin an fhoréigin Ghallda atá ag brú isteach uirthi le seacht gcéad bliain. Níor scaoil sí riamh uaithi na buadha is dúchas di, agus níor lig sí riamh do ré dul thairsti gan an náisiúntacht is dual di féin ar leithligh do dhearbhú go dána ó Ghabháltas Gall i leith go dtí an tráth is déanaí dár ghlac sí claíomh go cróga i mbliain a 1916.

I gcúrsaíbh idirnáisiúntachta is í Éire geata na Farraige Móire; is í Éire daingean deiridh na hEorpa; ionad is ea í mar a dhruideann raona tráchtála le chéile ó Oirthear agus Iarthar: is éigean di bheith neamhspleách i gcomhair Shaoirse na Farraige; is éigean a cuanta bheith ar oscailt i gcomhair gach uile náisiúin in ionad a mbeith fé smacht Shacsan féin amháin. Táid na cuanta úd folamh díomhaoin le fada de bhrí gurb é meon Sacsan agus lucht treortha a loingeas Éire do choimeád mar sciath chosanta i gcomhair móraithe Sacsan agus a hImpreachta. Dá réir sin, in ionad buntáiste agus cosaint do theacht don Eoraip agus do Aimeirice de bharr dealaithe2 an Oileáin seo is amhlaidh a bhaintear feidhm aisti chun an domhan mór do choimeád fé chumhacht Shacsan ar leithligh.

Tá Éire ag athdhearbhú san domhan nua so atá agá scaoileadh féin ón gcogadh go mbaineann náisiúntacht ársa léi, agus is móide a dóchas go ngéillfear dá scéal de bhrí go gcreideann sí gur Saoirse agus Ceart atá mar bhun ar dhlí na náisiún, gur cóir do phobalaibh cuidiú le chéile, os ard, ar son an chirt is i gcoinnibh gach buadha dá dtéann go dlúth leis an tíoránacht; gur deimhin nach de bharr buansmacht airm ar mhaithe le hImpreacht a bhuanófar an tsíocháin san Eoraip ach de bharr smacht rialtais a cheapfar i ngach tír le saorthoil saorchine3 agus gur deimhin fós ná cuirfear deireadh choíche leis an síorchogadh so idir Éire agus Sacsa chun go nglanfaidh lucht airm Shacsan as talamh na hÉireann go bráth na breithe.

Dá mbrí so uile, agus de bhrí, mórmhór, gur “Sinn Féin, Sinn Féin” soiscéal an tsaoil inniu is go bhfuil réim na saoirse láimh linn do réir gach geallúna, tá ceaptha go daingean diongbhálta ag Éirinn gan géilleadh choíche do smacht eachtrannach. Ar an ábhar san iarrann sí ar gach náisiún dílis cuidiú léi san éileamh atá curtha aici roimpi .i. saoirse in iomlán agus Saorstát Gaelach. Níl ceart ná cóir ag Rialtas Shacsan in Éirinn, ní raibh de bhun riamh le smacht Sacsan in Éirinn ach calaois, ní féidir a bhuanú ná a choimeád ar siúl féin, gan arm uafásach. Dá dheascaibh sin is mian le hÉirinn seasamh I láthair Shacsan ag Comhdháil na Náisiún i dtreo go bhfeicfidh an saol an scéal atá eatarthu, go ndéanfaidh an domhan mór breithiúnas ar an éagóir atá ar siúl ag Sacsaibh agus an ceart atá ag dul d’Éirinn is go ngeallfar do mhuintir na hÉireann pé cúnamh a theastóidh uathu chun a saoirse do bhuanú do dheoin Dé.

‘Dáil Éireann: Focail Áiseacha’

Fáinne an Lae, 8 Feabhra 1919

Dúramar, tá coicís ó shin ann, go bhféadfadh Dáil Éireann mórán a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Dhein an Dáil tosnú maith. Ní raibh ar siúl ag aon duine de theachtaí na Dála ach Gaeilge le linn an chéad tionóil. Tá a fhios againn gur sprioc san a lán daoine chun breis suime a chur i dteangain na hÉireann. Tá a fhios againn go raibh ana-thóir ar leabhair Ghaeilge ar feadh seachtaine tar éis na Dála. Tá a fhios againn go bhfuil iontaoibh agus muinín ag Conradh na Gaeilge as lucht na Dála de bharr oibre an lae úd. Ach ní fhágann san gur cheart dúinn ár ngreim do bhogadh. Ní fhágann san gur lúide ár ngá le dianfhaire agus dúthracht in obair na Gaeilge. Tá daoine ann gurb áil leo an bóthar is lú achrann do ghabháil. Bóthar an-achrannach is ea bóthar na Gaeilge. Ní mór do dhuine an-fhoighne a bheith aige agus é ag cur an bhóthair achrainn úd de. Is minic a aimsíonn daoine bóthar breá réidh an Bhéarla de cheal foighne agus buanseasmhachta.

Is mó achrann a bhaineann le bóthar na Gaeilge agus orthu siúd atá easpa na bhfocal (nó na ‘dtéarmaí,’ más breá libh é) a bhaineann le gnóthaí gnáthsaoil na linne seo. Do thuig lucht stiúrtha na Dála an méid sin agus d’fhéachadar an abha sarar chuadar ina cuilithe. Cheapadar fochomhaltas de Ghaeilgeoirí chun focail oiriúnacha d’fháil i gcomhair ghnó na Dála. Ar an gComhaltas san bhí Sceilg, Pádraig Ó Máille, Liam de Róiste agus Piaras Béaslaí. Do comhthoghadh ‘Fiachra Éilgeach’ duine de chléirigh na Dála, chun cabhair a thabhairt dóibh, thánadar i gceann a chéile agus chaitheadar lá agus dhá oíche ag gabháil don obair. B’é toradh a saothair ná cnuasach focal agus abairt a dhéanfaidh an gnó go maith i gcúrsaí gnó na Dála. Tá roinnt ‘téarmaí’ i ngnáthúsáid againn ar an gCoiste Gnó agus ar an Ard-Fheis ná fuil aon rath orthu – ‘leas-rún,’ ‘tá sé ag na bíochaí’,4 ‘tá tú as ordú,’ ‘tógadh Seán an chathaoir,’ ‘Córú an Chonartha,’ agus a leithéidí, abairtí gur deocair aon bhrí cheart a bhaint astu de réir ghnáthbhrí na bhfocal. Thug fochomhaltas na Dála cúl lena leithéidí agus dheineadar a ndícheall chun focail níos oiriúnaí agus níos cruinne a chur i bhfeidhm. Pé olc maith d’éirigh leo. Cheapamar nár mhiste cuid de na focail agus abairtí ar ar chinneadar a chur faoi chló ar ‘Fháinne an Lae’ d’fhonn is go mbainfeadh lucht na Gaeilge tairbhe astu:

Republic, Saorstát
Democracy, Pobalacht
Republican (noun), Saorstátán
Republican (adj.), Saorstátach
Democratic, Pobalach
Constitution, Bunreacht
Standing orders, Gnáthriaghla
Chairman, Ceann Comhairle
I propose, Tairgim
I second, Aontuighim le
Proposer, An té thairgeas
Seconder, An té aontuigheas
Amendment, Fórún
Proposal, Tairgsin
Motion, Adhbhar rúin
Notice of motion, Fuláireamh
Deputy, Teachta
Member, Comhalta
Executive, Comhachtóirí
Vote, Bhóta
Point of order, Ceist réire
Direct Negative, Glandiúltadh
Quorum, Líon gnótha
Pass (a resolution), Glacadh le
Do you wish to adopt this resolution? An toil libh glacadh leis an rún so?
Aye, Is toil
No, Ní toil
Agreed, Cead
Ayes, An lucht aonta
Noes, An lucht seunta
The motion is passed, Tá sé n-a rún
The motion is defeated, Tá an rún ar lár
Casting vote, Bhóta breise, bhóta bisigh
Estimates, Measacháin
Procedure, Dul, dul na hoibre
Orders of the day, Réim oibre an lae
Order! Smacht!
In order, Go riaghalta
Out of order, Go neamhriaghalta
Division, Áireamh
Debate, Conspóide
To suspend the standing orders, Na gnáthriaghla do chur ar leathtaoibh
Session, Seiseón
Sitting, Tionól
Convene, Tionóladh
Roll, Rolla
To sign, Sighniúghadh
He signed the roll, Do shighnigh sé an rolla
Officially, Le feidhm, go feidhmeach
Draft (of document), bunchrot, príomhchrot
Adjourn, Cur ar athló
Closure, Clósúr, cosc conspóide
Vote! Cinnimís!
Member of Dáil, Fear Dála
Constituency, Dáilcheanntar
Executive Ministry, Aireacht
Chief Minister, Príomh-Aireach
Minster, Aireach
Majority, An Formhór
Minority, An Caoldhream
Obstruction, Toirmeasc
Address the Chairman, Labhair chun an Chinn Comhairle
In the chair, I gceannus
Show of hands, Árdach bas
Proclamation, Forfhógra

1: Tá caighdeánú déanta ar an litriú i dtéacs na n-alt ach fágadh na focail sa liosta téarmaí gan athrú.
2: Deaghluighe in Fáinne an Lae agus dealuighthe ar shuíomh Thithe an Oireachtais; ‘la situation géographique de cette Île’ sa leagan FR; ‘the unique geographical position of this island’ atá sa leagan EN.
3: ‘Saoirfhear’ in Fáinne an Lae.
4: An lucht ‘bíodh’ (< bíoch).

Údar: Conchúr Mag Eacháin