Gaois

Cuairt Chumann Merriman ar Bhaile Átha Cliath

Reáchtálfar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2017 idir an 3-5 Márta ar Champas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath téama imeachtaí na bliana seo agus tá sraith cainteanna agus imeachtaí spéisiúla eagraithe don deireadh seachtaine. Is eagras cultúrtha é Cumann Merriman a ainmníodh in ómós do Bhrian Merriman, údar an dáin cháiliúil, Cúirt an Mheán Oíche. Reáchtáladh an chéad Scoil Gheimhridh i 1969 san Aonach i gCo. Thiobraid Árann agus pléitear raon ábhair a bhaineann le litríocht, cúrsaí reatha, polaitíocht agus stair gach uile bhliain.

Brian Merriman

Faightear léargas cuimsitheach ar shaol Merriman ina bheathaisnéis ar Ainm.ie. Anuas ar an gcur síos beathaisnéise ar shaol Merriman i mbunachar Ainm.ie, faightear breis eolais faoina shaol sna scéalta béaloidis i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie. Dar leis an gcuntas seo ó Scoil Chill Chláráin, an Fhiacail, rugadh agus tógadh Merriman in Inis Díomáin agus bhí a athair agus a mháthair an-bhocht. Chaith sé seal ag obair mar mhúinteoir teagaisc i gCill Chláráin agus deirtear gurbh ann a scríobh sé a mhórshaothar cáiliúil, Cúirt an Mheán Oíche, mar gheall ar an tagairt do Loch Gréine sa dán:

“Do ghealadh mo chroidhe nuair a chífinn Loch Gréine
An talamh an tír is ioghar na spéire”

D’fhág Merriman an Fhiacail agus bhog sé go Luimneach timpeall 1800 agus d’fhan sé ann go dtí go bhfuair sé bás i 1805. Is féidir a thuilleadh a léamh faoina shaol ar Ainm.ie anseo agus tá clár Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2017 le fáil anseo.