Gaois

Cúpla focal ó bhall den Mheitheal: Aedin Clements, Leabharlannaí don Léann Éireannach, Ollscoil Notre Dame

Ón uair a thosaigh mé ag obair mar leabharlannaí an léinn Éireannaigh anseo in Indiana, in Ollscoil Notre Dame, bhí léachtóirí ag cur ceist orm faoi chartlann Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Ba é an dóchas a bhí agam ná go gcuirfí an t-ábhar ar fáil i bhfoirm dhigiteach, agus go mbeimis in ann cuardach éifeachtúil a dhéanamh ann. D’éirigh linn mic léinn ón ollscoil a chur chuig Baile Átha Cliath le cúpla bliain anuas chun obair ar ghnéithe den dtionscnamh seo.

Mar sin féin, chuir sé an-áthas orm cé chomh tapaidh is a d’éirigh le CBÉ agus Fiontar suíomh an-deas a chur ar fáil. Is maith liom go bhfuil cuid de Bhailiúchán na Scol le léamh cheana féin. Ach ó taobh taighde agus scoláireachta de, ní bheidh mórán maitheasa ann go dtí gur féidir tochailt ann, agus ábhar a aimsiú.

Sílim gur plean iontach é an sluafhoinsiú, agus chláraigh mé le tras-scríobh a dhéanamh chomh luath is a chuala mé faoi. Thosaigh mé ag tras-scríobh ábhar as Eoghanacht, Oileán Árainn, agus táim ag baint an-taitneamh go deo as an dtionscnamh. Ábhar léitheoireachta an-spéisiúil atá ann, agus tá sé an-éasca, má bhíonn deich nóiméad agam i rith an lae, leathanach a thras-scríobh.

Murach an tras-scríobh, ní dóigh liom go léifinn aiste ar phíolóití a threoraíodh bádanna timpeall oileáin Árainn, nó aistí faoi thoibreacha beannaithe, nó faoin obair ar fad a bhaineann le fataí a chur agus leis an talamh a ullmhú.

Le déanaí rinne mé tras-scríobh ar scéal fada dar teidil “Triúr Mac an Rí”. Bhí leagan gleoite sa leabharlann anseo i gKalamazoo,“The King of Ireland’s Son” le Brendan Behan, agus pictiúirí le PJ Lynch, scéal ón mbéaloideas ina dtéann triúr mac leis an rí sa tír faoi thalamh ar thóir an cheoil draíochta. Is minic a léigh mé an scéal do mo pháistí, agus bhain mé an-taitneamh as an gceann seo as Árainn agus mé á léamh agus á thras-scríobh.

Beidh mé ag baint taitneamh as scéalta eile amach anseo, agus tá dóchas agam nach fada go mbéimis ag taispeáint do na micléinn conas cuardach a dhéanamh ins an mbailiúchán.