Gaois

Dea-rúin na hAthbhliana

Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár gcuid léitheoirí go léir. Tá muid dár gcroitheadh as ár suan anseo in Fiontar i ndiaidh shos na Nollag. Agus gach mac máthar ag caint ar dhea-rúin agus spriocanna don bhliain úr, shíl muid go mba thráthúil an rud é réamhspléachadh a thabhairt daoibh sa bhlagmhír seo ar chuid de na forbairtí atá beartaithe againn don bhliain seo romhainn.

Dúchas.ie

Tá sé i gceist againn go mbeidh imleabhair uile Bhailiúchán na Scol, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, ar fáil ar duchas.ie faoi dheireadh na bliana seo, rud a fhágfaidh go mbeidh ábhar as na 26 chontae ar fad ann. Cuirfear cuardach de réir topaicí leis an suíomh i mbliana freisin. Maidir le Meitheal Dúchas, tionscadal tras-scríofa Bhailiúchán na Scol, leanfar den togra sin faoina ndearnadh tras-scríobh deonach ar bhreis agus 8,000 leathanach béaloidis i gcaitheamh 2015. Osclófar na leathanaigh Béarla don tras-scríobh i mbliana den chéad uair, chomh maith.

Logainm.ie

An fhorbairt is suntasaí atá beartaithe againn faoi thionscadal logainm.ie i mbliana ná rannóg nua ar an suíomh ar a dtabharfar Meitheal Logainm (tá muid ceanúil ar ár gcuid meithleacha, is léir!). Is éard a bheas i gceist leis seo ná áit gur féidir le húsáideoirí mionlogainmneacha a chlárú agus a mhapáil ar léarscáil dhigiteach. Beidh sé seo oiriúnach don duine aonair ar mhaith leis nó léi ainmneacha páirce a g(h)abháltais féin a thaifeadadh nó do thaighdeoirí logainmníochta a bhfuil liostaí fada mionlogainmneacha tiomsaithe acu agus gur mhaith leo iad a chur ar fáil don phobal. Cuirfidh cumainn áitiúla staire spéis ina leithéid, chomh maith.

Téarma.ie

Beidh muid ag treabhadh ar aghaidh le togra na dtéarmaí teicneolaíochta faisnéise i gcomhar leis an gCoiste Téarmaíochta. Tá torthaí na hoibre sin á bhfoilsiú de réir a chéile anseo agus beifear ag cur leo go rialta i gcaitheamh na bliana.

Ainm.ie

Rinneadh athdhearadh ar shuíomh ainm.ie anuraidh agus tá roinnt forbairtí beartaithe againn dó i mbliana chomh maith, ina measc rannóg nua ina gcuirfear beathaí gaolmhara i láthair de réir téamaí éagsúla. Chomh maith leis sin, beifear ag cur le líon na mbeathaí agus foilseofar na beathaí nua in dhá bhaisc, mar is iondúil, ceann san earrach agus ceann eile i dtreo dheireadh na bliana. Ná déan dearmad an bhaisc is deireanaí a foilsíodh díreach roimh an Nollaig a léamh, mura bhfuil sin déanta agat cheana.

Gaois.ie

Tá súil againn cur leis na hacmhainní téarmaíochta agus corpais ar gaois.ie i gcaitheamh 2016. Tá leagan úr de bhunachar téarmaíochta Gaois díreach seolta againn agus tá súil againn cur leis an inneachar i gcaitheamh na bliana. Agus, ar ndóigh, beidh an blag seo á nuashonrú againn go rialta.