Gaois

Dhá chaint faoi chúrsaí corpais

D’eagraigh Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach an chomhdháil idirnáisiúnta Corpus Linguistics 2021 idir 13-16 Iúil 2021. Ba ghá an chomhdháil uilig a reáchtáil go fíorúil de bharr shrianta COVID-19 a bhí i bhfeidhm ag an am. Glacadh le 281 páipéar agus 25 póstaer, agus ina measc siúd bhí dhá pháipéar a raibh baint ag foireann taighde Gaois leo:

Corpas na Gaeilge Comhaimseartha (CGC): Development, annotation, and current plans le Mícheál J. Ó Meachair, Gearóid Ó Cleircín, Úna Bhreathnach, Brian Ó Raghallaigh.

From Galltacht to Gaeltacht: a diachronic corpus-based analysis of references to Ireland’s linguistic regions le Katie Ní Loingsigh (OÉ Gaillimh), Mícheál J. Ó Meachair, Brian Ó Raghallaigh, Gearóid Ó Cleircín, Úna Bhreathnach.

Rinneadh taifead ar an gcur i láthair a thug na cainteoirí uilig agus bheartaigh foireann taighde Gaois ár gcur i láthair a chur in airde ar ár gcainéal YouTube nua.


Sa chur i láthair mar gheall ar Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha (CGC) tá cur síos ar mhéid an chorpais mar a bhí ag an am - tráth a raibh 45,000 comhad ann, breis agus 31 milliún focal - chomh maith le cineál na clibeála agus formáidithe a úsáideadh agus an corpas á thiomsú ag grúpa taighde Gaois. Déantar corpais a thiomsú, nó a thógáil, ar an gcaoi chéanna lena dtiomsaítear bunachair. Úsáidtear na briathra seo le cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas toisc nach bailiúcháin randamacha focal iad corpais; fianaise is ea corpas ar an gcaoi a n-úsáidtear gnéithe éagsúla teanga. Tiomsaítear corpais le gur féidir ceisteanna taighde ar leith a fhreagairt leo, agus is ag díriú ar cheisteanna téarmeolaíochta agus foclóireachta is mó a bhí foireann taighde Gaois nuair a tosnaíodh ar CGC a thiomsú.

Is féidir féachaint ar an gcur i láthair a thug an Dr Mícheál J. Ó Meachair mar gheall ar an obair thiomsaithe seo anseo:


Sa chur i láthair mar gheall ar úsáid na dtéarmaí Galltacht agus Gaeltacht tá cur síos ar na coincheapa a dtagraíonn an dá théarma seo dóibh i bhfothacair de dhá mhórchorpas. Tiomsaíodh an dhá fhochorpas sin as tréimhseacháin as Corpas 1882-1926 Acadamh Ríoga na hÉireann (m.sh: An Sguab, An Claidheamh Soluis, The Irish Nation, Irisleabhar Muighe Nuadhadh, agus Lóchrann) agus as tréimhseacháin as Corpas na Gaeilge Comhaimseartha Gaois (m.sh: Tuairisc, An tUltach, Irisleabhar Mhá Nuad, agus Comhar). Úsáideadh modheolaíocht thurgnamhach don taighde seo, b’é sin go ndearnadh sampláil ar an dá fhochorpas nuair a asbhaineadh méid áirithe samplaí ó gach foilsitheoir don tseiceáil láimhe. Ba ghá a bheith cúramach faoi seo agus i bhfad Éireann níos mó foilsithe ag grúpaí áirithe.

Is féidir an cur i láthair a thug an Dr Katie Ní Loingsigh ó OÉ Gaillimh a fheiscint anseo:

 

Chonaiceamar an t-athrú polaitiúil a tharla sa tír sna comhchordachtaí ón dá thréimhse. Bhí an téarma Gaeltacht in úsáid i mbríonna riaracháin nó rialtais i bhformhór na samplaí a aimsíodh in CGC, rud nár tharla i bhfochorpas níos sine Acadamh Ríoga na hÉireann. Bhí plé bríomhar mar gheall air seo tar éis an chur i láthair, agus tuairimí láidre ag cuid den lucht féachana mar gheall ar an gcaoi a gcaitheann an rialtas le ceantair Ghaeltachta dar leo. Is léir do na húdair go bhfuil na coincheapa a dtagraítear dóibh leis na téarmaí seo fós ag athrú, agus coincheapa gaolmhara a thagraíonn don Ghaelachas freisin. Tá pleananna ann tuilleadh taighde den sórt seo a dhéanamh amach anseo, i dteannta páipéar fada mar gheall ar an topaic seo a fhoilsiú ina bhfuil cur síos níos mionsonraithe ar ar aimsíodh in éineacht le samplaí as an dá chorpas.