Gaois

Aimsiú seanscéalta

Tá Tiernan Gaffney i mbun Máistreachta sa Bhéaloideas & Eitneolaíocht Éireannach i UCD, agus d'oibrigh sé mar chúntóir taighde ar an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe i rith shamhradh 2022 ag aimsiú agus ag tiomsú seanscéalta i gCnuasach Bhéaloideas Éireann agus foinsí gaolmhara.

Agus mé ag obair mar Chúntóir Taighde ar an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe, bhí trí chineál scéil ó innéacs seanscéalta Aarne-Thompson á lorg agam i gCnuasach Bhéaloideas Éireann: AT 400: The Man on a Quest for his Lost Wife, AT 425: The Search for the Lost Husband agus AT 503: The Gift of the Little People. Agus an t-ábhar aimsithe, rinneadh scanadh agus digitiú air agus aisbhaineadh na meiteashonraí cuí.

Chuir obair an chartlannaí Seán Ó Súilleabháin creatlach ar fáil don obair scannta agus don amlíne. In Types of the Irish Folktale (TIF) le Seán Ó Súilleabháin agus Reidar Th. Christiansen, tá liosta de bhreis agus 43,000 sampla de sheanscéalta AT, príomhshamplaí agus samplaí gaolmhara ina measc, atá ar fáil sa Phríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, i mBailiúchán na Scol agus i bhfoinsí eile tánaisteacha. Mar a fheictear má leantar na naisc thuas, is beag leagan de na seanscéalta seo atá ar fáil go réidh ar Dúchas.ie agus beagnach 900 sampla ar an liosta in TIF. Dá mbeadh breis eolais ag teastáil maidir leis na himleabhair, ba mhór an chabhair é an clár eatramhach a scríobh Ó Súilleabháin atá ar fáil i Seomra Léitheoireachta na cartlainne. Sa chlár seo, tá liosta dá bhfuil ar fáil ar gach leathanach imleabhair. Mar shampla, má tá amhras faoi na leathanaigh a bhaineann le scéal, is féidir an leathanach cuí a aimsiú don imleabhar atá i gceist agus feictear, mar shampla, ‘AT 400 102-150’ i measc na n-ábhar eile ón imleabhar sin. Cé gur minic gur éasca aird a dhíriú ar bhotúin nó easpa sonraí a d’fhág an dream a tháinig roimhe sa réimse seo, is cinnte gur chuir Ó Súilleabháin creatlach chuimsitheach ar fáil don anailiís a dhéanfaí ina dhiaidh, tionscadail ar nós Díchódú Oidhreachtaí Folaithe san áireamh.

Agus a fhios againne go mbeadh an t-ábhar seo idir lámha ag taighdeoirí i dtíortha éagsúla, ba thábhachtach cur chuige éasca a bhunú chun áit bhailithe na scéalta éagsúla a aimsiú. Sin an fáth ar baineadh úsáid as leaganacha comhaimseartha Béarla na logainmneacha in ionad na mbunleaganacha Gaeilge. Ba rí-úsáideach Logainm.ie don chur chuige seo. Mar shampla, in Imleabhar 1235 ar leathanach 237, tá tagairt do cheantar darb ainm ‘Na Aċú’ a dtugtar na hEachú/Aghoos air sa lá atá inniu ann.

Ba leanúnach teidil na scéalta seo ó thaobh téama de don chuid is mó i measc na leaganacha ar fad. Is minic a dhéanann AT 400 tagairt do ghaol teaghlaigh agus don ríochas, mar shampla 'Mac Rí Éireann' agus 'Iníon Rí na Sléibhte Gorma'. Is iomaí leagan de AT 425 a bhfuil tagairt don nádúr, go háirithe iad siúd a bailíodh in Iarthar na hÉireann ar a dtugtar teidil fhileata orthu ar nós 'Cú Bán an tSléibhe' agus 'Taobh Thoir na Gréine agus Taobh Thiar na Gealaí'. Ní minic a thugtar teideal ar AT 503, is dóigh mar gheall ar a ghiorra is atá an scéilín grinn, agus ní dhearnadh iarracht teideal oifigiúil a thabhairt air seachas an tagairt do liricí an scéil ‘Dé Luain Dé Máirt.’

Scéilín snasta, gonta atá in ‘Dé Luain Dé Máirt’ faoi chruiteachán a chasann ar na daoine maithe agus iad ag canadh ‘Dé Luain, Dé Máirt’ arís is arís sula gcuireann an cruiteachán ‘agus Dé Céadaoin’ leis. Chuir béaloideasaí cailiúil ón 20ú aois Thomas Crofton Croker scór den cheol ar fáil le leagan den scéal a bailíodh i gContae Thiobraid Árann. Chuir mé an méid sin sa bhogearra ceoil Musescore agus is féidir éisteacht leis thíos. Cé gur ó fhoinse thánaisteach an ceol seo, cuireann sé go mór le gné thaibhitheach na scéalaíochta, mar a bhíodh ann agus na leaganacha éagsúla seo á mbailiú.

Fairy Legends of the South of Ireland, Croker (1825)

Mar dhuine atá ag ‘athfhoghlaim’ na Gaeilge arís tar éis na meánscoile, chuir mé an-spéis i litriú éagsúil na bhfocal sna leaganacha Gaeilge de na scéalta, ag iarraidh a chur san áireamh an de bharr easpa caighdeáin litrithe Gaeilge ag an am agus/nó an chomhairle a tugadh do na bailitheoirí na scéalta a bhreacadh síos focal ar fhocal. Féach mar shampla ‘Nighean Rí Ghlass Hill’ (CBÉ, 1034:082), ‘Iníon Rí na Sléibhte Gorma’ (CBÉ, 0073:055) agus ‘Inghean Rí An Úir-Chnuic’ (Ó Baoighill, 1936). Tugann sé seo léargas ar an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe agus é ag tabhairt airde ar na cosúlachtaí idir an Ghaeilge ina litrítear an focal ‘iníon’ agus Gaeilge na hAlban ina litrítear an focal ‘nighean’.

Is iomaí téama, móitíf agus meiteashonraí le cur faoi anailís agus i gcomparáid lena chéile i measc na leaganacha Gaeilge iad féin amháin, ach nuair a chuirtear an t-ábhar ó Aircív na Scoile um Léann Albanach san áireamh, is cinnte gur iomaí droichead thar am agus idir áiteanna a aimseofar a chuirfidh go mór le cruthú agus athbheochan féiniúlachtaí atá roinnte idir an dá thír is an dá theanga.

Údar: Tiernan Gaffney