Gaois

An leagan atá agamsa: anailís fhíliginiteach don tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe

Is mac léinn iarchéime in Ollscoil Indiana í Monica Marion atá i mbun staidéir ar an mBéaloideas agus ar Chórais agus Líonraí Casta, faoi stiúir an Dr Barbara Hillers. Rinne sí staidéar ar an mBéaloideas agus í i mbun na bunchéime i gColáiste Harvard, áit a ndeachaigh sí i mbun oibre ar an tSeandálaíocht agus ar Bhitheolaíocht Éabhlóideach an Duine freisin. Baineann a cuid taighde úsáid as teicníochtaí bitheolaíocha agus ríomhaireachtúla le staidéar a dhéanamh ar an scéalaíocht, ó sheanscéalta traidisiúnta go pobail Idirlín.

Is ionann scéalta a phlé mar thraidisiún, nó mar oidhreacht, agus glúinte scéalaithe a shamhlú, iad ag cothú is ag cóiriú seanscéalta de réir a chéile, ag tabhairt staire do na scéalta féin. Nuair a labhraím ar sheanscéalta domhanda a chur i gcomparáid lena chéile, cuirtear ceist orm go minic an gcreidim go bhfuil ‘gaol’ ag na scéalta lena chéile go fírinneach, gur féidir ‘bunleagan coiteann’ a aimsiú, nó arb é an chaoi nach bhfuil ann ach go bhfuil na scéalta cosúil lena chéile agus gur athchruthaíodh iad in áiteanna éagsúla. Is fíor go mbíonn téamaí áirithe coitianta i saol an duine, ach nuair a dhéantar scagadh ar shonraí scéil idirnáisiúnta, is deacair a rá gur neamhspleách ar a chéile a cruthaíodh iad.

Mar shampla, féach an gearrscéal seo faoi chruiteachán, a bhailigh Willie Toohil i 1937 mar chuid de Bhailiúchán na Scol:

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0146, Leathanach 545

Cuir é sin i gcomparáid leis an scéal dar teideal “The Man with the Wen” a bailíodh go luath san 20ú aois sa tSeapáin.

Is féidir cur síos a dhéanamh ar an dá scéal ar an gcaoi chéanna: tagann fear cithréimeach ar ghrúpa taibheoirí osnádúrtha. Déanann sé taibhléiriú dóibh é féin, agus mar luach a shaothair, baineann siad an chithréim de. Déanann fear eile iarracht fáil réidh lena chithréim féin ar an gcaoi chéanna, ach tar éis drochthaispeántais, fágann an lucht osnádúrtha an dá chithréim air.

Ar ndóigh, tá difríochtaí suntasacha idir an dá scéal: cnapán ar aghaidh an fhir atá sa scéal Seapánach, ach cruit atá air sa leagan Éireannach. I roinnt cásanna, déanann na sonraí éagsúla seo ‘logánú’ ar an scéal de réir a chomhthéacs chultúrtha: is den lucht sí na taibheoirí sa leagan Éireannach, agus gruagaigh atá iontú sa leagan Seapánach.

Scéalta mar DNA:

Bealach amháin le ‘ginealaigh’ scéalta a aimsiú agus éachtaint a fháil ar an stair a bhaineann leo ná na difríochtaí seo a rianú de réir ama is áite. Ar nós teanga nó cóid ghéinitigh, is le míreanna beaga agus foscéalta a chuirtear mórscéal i dtoll a chéile agus le himeacht aimsire bíonn na míreanna sin ag athrú. Fanann roinnt de na hathruithe seo agus cruthaíonn siad leaganacha nua den scéal. Mar sin, is féidir úsáid a bhaint as na modhanna céanna fíliginiteacha a rianann ginealaigh speicis nó athraithe teangeolaíocha i gcás na sonraí casta a bhaineann le scéalta.

Is rí-léir roinnt de na hathruithe seo, ar nós an neach osnádúrtha a athrú, ach don chuid is mó, is deacair idirdhealú a dhéanamh idir éagsúlacht áitiúil an scéil agus nósanna pearsanta an scéalaí aonair. Is deacair, freisin, fáil amach cén uair nó cén áit ar tharla, nó ar féidir gur tharla, na hathruithe. Ach nuair a chuirtear lear mór scéalta san áireamh, tagann patrúin gharbha na n-athruithe céanna chun cinn.

An sprioc atá taobh thiar den tionscadal Díochódú Oidhreachtaí Folaithe ná an stair agus an bhaint atá ag scéalta traidisiúnta Gaelacha lena chéile a thuiscint. Agus cartlanna saibhre béaloidis ar fáil in Éirinn agus in Albain, tá go leor leaganacha éagsúla den scéal ‘céanna’ againn chun anailís úsáideach fhíliginiteach a dhéanamh.

Don chuid seo den tionscadal, bheartaigh muid a dhíriú ar scéal an chruiteacháin a luaigh mé thuas. Tá cuma shimplí ar an scéal, agus insítear go leathan é (agus roinntear sa lá atá inniú ann é fiú). Mar sin féin, bíonn blas ar an mbeagán agus bíonn castacht mhór le scéal gairid fiú.

Ag Cruthú Scéalta:

Len iad a chur i gcomparáid lena chéile, caithfidh muid a thuiscint cén chaoi a gcruthaítear an scéal. Céard iad na ‘géinte’ atá éagsúil sna leaganacha ar fad? Sa miondealú atá déanta againn, tá 62 tréith agus breis is 300 staid tréithe a d’fhéadfadh a bheith ann. I scarbhileog an mhiondealaithe, is mar seo atá an chéad chuid den scéal:

Cuireann gach cor sa bplota deis don scéalaí athrú a dhéanamh, mar sin is gá dúinn díriú ar na tréithe a chuirfí ar aghaidh, nó a bhfuil suntas nó tábhacht ar leith leo. Cuirtear idir choranna móra agus choranna beaga an phlota san áireamh, mar shampla an gcanann an cruiteachán amhrán ar leith, nó an gcuireann an scéalaí ‘banríon sí’ i mbun an chruit a bhaint don chruiteachán sa scéal. Is minic a chuirtear ceacht oideolaíoch leis an scéal sna leaganacha liteartha foilsithe nach mbíonn sa leagan béil chomh minic céanna. Le tástáil a dhéanamh air seo, agus leis an tionchar liteartha ar an traidisiún béil a rianú, déanann muid nóta an ndéantar cur síos dearfach ar an gcéad chruiteachán (moltar i leagan Crofton Croker mar ‘ever a good-natured little fellow’ é) agus cur síos diúltach ar an dara cruiteachán (‘a peevish and cunning creature from his birth’). Gné eile den scéal seo ná go n-insítear é in amanna mar fhinscéal, scéal gairid a d’fhéadfadh a bheith fíor, agus in amanna eile mar sheanscéal, scéal níos fantaisí a bhíonn suite i saol eile. Le féachaint ar an dáileadh seo, tá muid ag marcáil an bhfuil logainmneacha ar leith luaite sa leagan, mar shampla ainm rátha áitiúil.

Le tús a chur le hobair an tionscadail seo, bailítear na leaganacha Gaelacha ar fad den scéal atá ar fáil. Don chéim seo, is mór an chabhair í an obair a rinne na bailitheoirí agus na cartlannaithe a tháinig romhainn agus a chuir na scéalta in eagar de réir cineál scéil, nó Tale Type. Cuireann innéacsanna sárluachmhara i dtreo na leaganacha ar fad atá ar fáil muid: roinnt acu foilsithe, roinnt eile i gcartlanna digitithe, agus roinnt eile nach bhfuil ar fáil ach in imleabhair lámhscríofa. Ceann de na dualgais a bhí agamsa an samhradh seo ná seachtain a chaitheamh i gCnuasach Bhéaloideas Éireann ag léamh seanscéalta, eispéireas a mholfainn go láidir.

Tá go leor ball den tionscadal seo ag cabhrú leis na 312 leagan Éireannacha agus Albanacha de scéal an chruiteacháin a scagadh, gach ceann á chódáil tríd an scarbhileog a líonadh amach le haghaidh gach tréithe.

Anailís:

Tiocfaidh na staitisticí agus an ríomh isteach nuair a bheidh na scéalta ar fad iompaithe ina dteaghráin uimhreacha a léiríonn na staideanna tréithe. Leis na sonraí seo, is féidir linn measúnaithe simplí a dhéanamh, ar nós craobh ghinealaigh bhunúsach a chruthú, nó aird a tharraingt ar thréithe éagsúla ar léarscáil na scéalta, len iad siúd a bhfuil éagsúlacht réigiúnach leo a aithint. Cuirfidh an tacar sonraí seo ar chumas béaloideasóirí na scéalta a amharcléiriú ar bhealach éagsúil, comparáideach as a dtiocfaidh patrúin chun cinn níos soiléire.

Beidh anailís fhíliginiteach níos casta in ann rátaí éagsúla athraithe tréithe a chur san áireamh, agus níos mó a léiriú maidir leis an bpróiseas oidhreachta, chomh maith céanna le caidrimh dhóchúla idir leaganacha scéalta a chruthú. Le cúnamh Dé, feicfear caidrimh ar leith idir leaganacha Albanacha agus Éireannacha, i dteannta craobhacha níos áitiúla fós. Tabharfaidh an anailís tuiscint níos fearr ar na hathruithe atá tábhachtach, agus ar phróisis neamh-chomhfhiosacha an scéalaí a athraíonn agus a chaomhnaíonn sonraí ar leith an scéil.

Tar éis tabhairt faoi scéal ‘simplí’ seo an chruiteacháin, an chéad chéim eile ná féachaint ar roinnt scéalta níos casta sa repertoire Gaelach.

Is é seo an chéim dheireanach (faoi láthair) do na scéalta seo a tugadh ar aghaidh ó bhéal go taifead go himleabhar go híomhá dhigiteach go téacs digiteach go teaghrán cóid. Tugann gach léiriú den scéal seo léargas éagsúil dúinn, agus dá bharr sin is féidir linn filleadh ar thaibhléiriú an scéalaí agus tuiscint níos fearr againn.

Údar: Monica Marion