Gaois

Foghlaimítear gach ceird i dtaithí na hoibre

Nuair a bhuail paindéim COVID-19 muid bhí mise ag déanamh staidéir ar an máistreacht san Aistriúchán in DCU. Go tobann, bhí ar gach aon duine athruithe ollmhóra a dhéanamh ó thaobh na hoibre, an staidéir agus an tsaoil de. Chuaigh mo chuid ranganna uilig ar líne agus ba léir dom go mbeadh orm mo chuid ama in DCU a chríochnú trí mheán na Zúmlainne!

Chreid mé go raibh beart maith déanta agam nuair a d’éirigh liom intéirneacht a fháil le grúpa taighde Gaois go luath sa bhliain úr (admhaím nach mbím chomh heagraithe sin de ghnáth!) ach chuir torthaí na paindéime, an dianghlasáil agus an scaradh sóisialta, mar shampla, m’intéirneacht leis an ghrúpa in amhras. Cé go raibh mé ag dúil le cónaí a bheith orm i mBaile Átha Cliath, beartaíodh an campas a dhúnadh don tsamhradh ar fad. Ar an dea-uair, áfach, agus in aineoinn na ráige, tugadh cead dom an intéirneacht a thosú, ach fuair mé amach go mbeinn ag obair ón bhaile (ón seomra leapa le bheith ionraic!). Agus mise críochnaithe leis na measúnuithe ollscoile ag deireadh mhí na Bealtaine bhí mé ar tí tús a chur leis an intéirneacht agus ba léir go raibh obair fhiúntach, agus dúshláin áirithe, amach romham.

An príomhthasc a bhí faoi mo chúram agus mé ag obair le grúpa taighde Gaois ná úsáid a bhaint as Terminologue chun bunachar de théarmaí a bhaineann le paindéim COVID-19 a chruthú. Is fíor go mbíonn teanga ag forbairt de réir cúrsaí reatha agus b’í sprioc bhunachar COVID-19 athruithe agus forbairtí sa téarmaíocht Ghaeilge a aithint agus a bhailiú ionas gurbh fhéidir le grúpa taighde Gaois achmainn luachmhar a fhoilsiú do phobal na Gaeilge. Chuir sé gliondar orm fosta nach muidne amháin in Éirinn a bhí ag plé leis seo i gcomhthéacs phaindéim na bliana agus bhí áthas orm go raibh togra spéisiúil ar bun ag ár gcairde sa Bhreatain Bheag freisin.

Agus mé ag obair fuair mé amach go gasta gur gléas an-úsáideach é Corpas na Gaeilge Comhaimseartha. Nuair a bhíonn obair teanga ar bun agat is cinnte go mbíonn tú sa tóir ar shamplaí de théarmaí, frásaí nó focail agus iad i mbéal an phobail. Rinne mé cuardach corpais le foinsí ó na meáin agus eile a fhiosrú chun na samplaí reatha sin a aimsiú.

Mar mhac léinn aistriúcháin in DCU bhí an t-ádh orm cuid mhaith obair aistriúcháin a dhéanamh freisin agus bhí mé in ann na scileanna acadúla a d’fhoghlaim mé i rith na bliana a chur i bhfeidhm nuair a chuir mé Gaeilge ar roinnt leathanach de shuíomh nua gaois.ie agus nuair a bhí orm sainmhínithe an-chasta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge do bhunachar téarmaíochta COVID-19.

Mar Ghaeilgeoir agus mar mhac léinn is dócha go raibh taithí agam le hacmhainní teanga Gaois amhail tearma.ie, ach thug mo thréimhse leis an ghrúpa taighde an deis dom na hacmhainní sin a úsáid i gcomhthéacs gairmiúil. Tá na hacmhainní uilig de chuid ghrúpa taighde Gaois ar fáil saor in aisce ar líne agus is cinnte go leanfaidh mé ar aghaidh leo sa todhchaí agus mé ag foghlaim nó ag teagasc.

Mar atá a fhios gach mac máthar agus iníon athar faoin am seo, tá dúshláin ar leith a bhaineann leis an chianobair. Bhí orm a bheith dian orm féin i dtaca leis an obair chun dialann laethúil a choinneáil, mar shampla. Caithfidh mé a rá nárbh fhéidir liom m’obair a dhéanamh i gceart gan an tacaíocht a fuair mé ó fhoireann uile Gaois. Bhí scairteanna rialta agam le baill foirne éagsúla agus bhí gach duine oscailte faoi choinne ceisteanna nó comhrá fiú. Mar gheall air seo, chuir mé aithne mhaith ar an fhoireann, cé nár bhuail muid le chéile go fisiciúil ar chor ar bith!

Mar fhocal scoir, tá súil agam go mbeidh an deis ag an gcéad intéirneach eile a bheith lonnaithe in oifigí Gaois in DCU, ach is léir dom fosta gur bhain mé idir thairbhe agus thaitneamh as an tréimhse a chaith mé leis an ghrúpa taighde mar gheall ar an réimse leathan taithí a fuair mé agus mé ag dul i ngleic le tascanna éagsúla ar bhonn laethúil.

Tá súil agam go mbeidh tionchar fiúntach ag mo chuid oibre le grúpa taighde Gaois ar phobal na Gaeilge agus muid ag maireachtáil fríd an tréimhse aisteach seo. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé an-sásta go raibh an deis agam mo ról beag féin a imirt i rith na paindéime. Ní fada anois go mbeidh mé ag bogadh ar aghaidh chuig mo chéad ról eile ag teagasc na Gaeilge i gCeanada, ach is cinnte go gcuideoidh na scileanna agus an taithí a fuair mé i rith mo thréimhse le Gaois liom. Tá mé ag dúil le foilsiú bhunachar téarmaíochta COVID-19 agus le teagmháil a choinneáil leis an fhoireann amach anseo.

Údar: Daniel McWilliams