Gaois

Lá Fhéile Mártain

Faightear spléachadh i mBailiúchán na Scol ar shean-nósanna agus ar sheantraidisiúin a bhaineann le laethanta áirithe den bhliain. Is sampla maith é an lá inniu, an 11 Samhain nó Lá Fhéile Mártain, de dháta a mbíonn seantraidisiúin ag gabháil leis. Is ar an lá seo a dhéantar ceiliúradh ar Naomh Mártain timpeall na hEorpa ar fad. Mar shampla, siúlann páistí óga sa Ghearmáin trí na sráideanna le laindéir ildaite ina lámha. Canann siad amhráin atá foghlamtha de ghlanmheabhair acu in ómós do Naomh Mártain. Is féidir tuilleadh faoin traidisiún seo agus faoi chúlra Naomh Mártain a léamh ag an nasc seo.

Nósanna Lá Fhéile Mártain (© picture-alliance/ dpa)

Ní nach ionadh go bhfuil sean-nósanna ar leith ag baint leis an lá seo in Éirinn agus faightear spléachadh ar chúlra agus ar oidhreacht Naomh Mártain sa chuntas seo i mBailiúchán na Scol.

Dar leis an scéal seo, bhíodh sé de nós ag seandaoine éan éigin ar nós gé, circe nó lachan a mharú an oíche roimh Lá Fhéile Mártain, an 10 Samhain, agus an fhuil a scaoileadh mórthimpeall chró na gcearc. Luaitear sa scéal seo go gcuireadh gach duine den líon tí crosóg air féin agus deiridís an méid seo a leanas:

“Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a tharrtháil is a chur ar ár leas; is go mbeirimíd beó ar Fhéil Mhártain aríst.”

Tá tuilleadh scéalta ann a bhaineann le nósanna agus le traidisiúin oíche Naomh Mártain ar fáil ag an nasc seo agus ag an nasc seo.

Dáta eile a mbaineann nósanna ársa leis is ea Oíche Shamhna agus téann cuid de na seantraidisiúin a ghabhann leis an oíche úd siar i bhfad. Feictear sna scéalta i mBailiúchán na Scol go mbíodh dlúthbhaint ag na síoga leis an tráth áirithe sin den bhliain. Chomh maith leis sin, tugtar léargas sa scéal seo ar chuid de na cleasa a bhíodh á n-imirt ag na síoga ar an bpobal.

Feictear ón gcuntas seo go mbíodh Seán an Lampa ag cur daoine amuigh ar an oíche céanna. Ní scéalta scanrúla agus uafáis amháin a dhéantar a thaifeadadh i mBailiúchán na Scol, ach is féidir blaiseadh a fháil ar chuid de na scéalta a bhaineann leis na cluichí a d’imrítí, agus a mhaireann go fóill in áiteanna áirithe den tír, ar Oíche Shamhna sna cuntais atá ar fáil ag an seo agus ag an nasc seo.

Cluichí Oíche Shamhna

Oíche mhór eile a mbíodh nósanna ar leith ag baint leis ba ea Oíche Fhéile Eoin. Lastaí tine Fhéile Eoin timpeall na tíre ar fad ar an 23 Meitheamh. Dhéantaí an tine as beart cocháin, luachra, aiteann, fraoch agus móin.

Tine Fhéile Eoin

Ina theannta sin, bhítí ag canadh amhrán cois tine. Léigh tuilleadh nósanna faoin bhféile anseo. Maireann cuid de na nósanna sin i gceantair áirithe timpeall na tíre go fóill ach níl siad chomh coitianta agus a bhídís tráth dá raibh.