Gaois

logainm.ie – 10 mbliana ag fás

Blog post is available in Irish only

Cuireadh tús leis an tionscadal Logainm breis is deich mbliana ó shin agus seoladh an chéad leagan den bhunachar sonraí de logainmneacha na hÉireann, logainm.ie, i nDeireadh Fómhair 2008. Is bunachar é seo a chruthaigh Fiontar & Scoil na Gaeilge (DCU) i gcomhar leis an mBrainse Logainmneacha (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta) chun sonraí logainmneacha agus taifid chartlainne a riar agus a bhainistiú. Ó shin i leith, cuireadh neart áiseanna agus acmhainní leis an mbunachar. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid den obair mhór a rinneadh ar an tionscadal le deich mbliana anuas.

I ndiaidh sheoladh oifigiúil an tsuímh poiblí, tugadh faoi chomhaid fuaime logainmneacha a chur le logainmneacha na tíre, contae ar chontae. Lean an obair seo ar aghaidh le linn na tréimhse 2008-2014 agus tá taifeadtaí fuaime ar fáil anois do bharúntachtaí, paróistí dlí, toghranna, lárionaid daonra, príomhainmneacha geografacha, bailte fearainn na gceantar Gaeltachta (an leagan Gaeilge amháin) agus príomhshráideanna Bhaile Átha Cliath. Is féidir teacht ar liosta iomlán na gcainteoirí a rinne na taifeadtaí mar aon le breis eolais faoin obair féin anseo.

Ancient map of Ireland, A.D. 1572, An Brainse Logainmneacha

Ina theannta sin, cuireadh áiseanna léarscáilíochta agus acmhainní oideachais do dhaltaí bunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal ar fáil don phobal sa luath-thréimhse chéanna den tionscadal. Rinneadh forbairt agus feabhsú ar na háiseanna agus ar na hacmhainní de réir a chéile sa chaoi ar cuireadh acmhainní oideachais do dhaltaí iar-bhunscoile agus cluichí idirghníomhacha do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile maille le Cartlann Fuaime an Bhrainse Logainmneacha agus áis chun míreanna coitianta Gaeilge i logainmneacha a mhíniú leis an suíomh poiblí. Reáchtáladh ceardlann idirnáisiúnta logainmneacha sa bhliain 2012 agus foilsíodh imeachtaí na ceardlainne, Placenames Workshop 2012.

Beartaíodh mórfhorbairt a dhéanamh ar struchtúr an bhunachair le linn 2013-2014 chun eispéireas na n-úsáideoirí a fheabhsú. Seoladh suíomh athdheartha logainm.ie, ar a bhfuil breis comhordanáidí, léarscáileanna nua, braislí logainmneacha, agus comhéadan freagrúil atá níos áisiúla agus níos fusa le brabhsáil. Chuir Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (OSi) léarscáileanna nua Gaeilge agus Béarla ar fáil chomh maith agus cuireadh breis acmhainní oideachais leis an suíomh. Tháinig an tionscadal Linked Logainm chun críche i gcaitheamh an trátha céanna agus cuireadh sonraí logainm.ie ar fáil i bhformáidí éagsúla atá inléite ag ríomhairí. Tá fáilte roimh aon duine anois úsáid a bhaint as na sonraí seo chun a gcuid feidhmchlár féin a chruthú nó chun sonraí logainmníochta a tharraingt isteach i bhfeidhmchláir ar ann dóibh cheana.

Sheol an tAire Stáit, Seán Kyne, Meitheal Logainm.ie, tionscadal bailithe mionlogainmneacha, go hoifigiúil ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an 21 Meán Fómhair 2016 agus cruthaíodh naisc le tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann (dúchas.ie) freisin. Ina theannta sin, bhí baill d’fhoireann na dtionscadal taighde in Fiontar & Scoil na Gaeilge ag taisteal timpeall na tíre ag tabhairt cainteanna i leabharlanna áitiúla faoi Mheitheal Logainm.ie mar chuid d’imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta 2017.

Leantar leis an bhforbairt theicniúil agus leis an obair eagarthóireachta ar ghnéithe éagsúla den suíomh i gcónaí agus reáchtálfar ceardlann dhátheangach chun cúrsaí mionlogainmneacha (logainmneacha nach ainmneacha riaracháin ná ionaid daonra iad) a phlé ar an 17-18 Bealtaine 2018. Is féidir teacht ar gach eolas faoin gceardlann anseo.

Cé go bhfuil neart curtha i gcrích le deich mbliana anuas, tá go leor le déanamh againn go fóill. Ní neart go cur le chéile!