Gaois

Meitheal Dúchas: Cúig bliana ar an bhfód

Is cúis mhór bhróid agus cheiliúrtha dúinn go bhfuil Meitheal Dúchas cúig bliana ar an bhfód! Sílimid gur fiú agus gur mithid súil a chaitheamh ar dhul chun cinn na hoibre, go háirithe le bliain anuas.

Ag an bpointe seo agus an bhlagmhír seo á réiteach, tá beagnach ceathrú milliún leathanach, idir ábhar Béarla agus ábhar Gaeilge, tras-scríofa. Pobal díograiseach gníomhach atá sa Mheitheal, a bhfuil os cionn 5,000 duine cláraithe léi, a thuigeann tábhacht agus fiúntas na hoibre caomhnaithe seo agus is léir dúinn ó bhur n-aiseolas go bhfuil spéis agaibh san obair toisc na seoda luachmhara spéisiúla a dtagann sibh orthu agus sibh ag tochailt in ábhar Bhailiúchán na Scol.

Tá na céadta duine ann (357 duine le beith cruinn beacht faoi!) a bhfuil breis is 100 leathanach tras-scríofa acu agus tá 43 duine ann a bhfuil breis is 1,000 leathanach tras-scríofa acu. Éacht mhór oibre atá déanta agaibh agus is muidne atá an-bhuíoch díobh ar fad.

É sin ráite, ba mhaith linn bhur n-aird a tharraingt ar cheann de na staitisticí is spéisúla atá ginte againn: líon na leathanach atá tras-scríofa ag an duine a bhfuil an líon is mó leathanach tras-scríofa aige/aici. Tá 31,123 leathanach tras-scríofa ag Matt Smyth (agus roinnt oibre eagarthóireachta déanta aige chomh maith). Spéis sa stair áitiúil agus sna sean-scéalta béaloidis a spreag é dul i mbun pinn (nó, dul i mbun méarchláir!) agus dar leis, is fiú go mór an obair a dhéanamh chun saibhreas teanga agus stair luachmhar Bhailiúchán na Scol a chaomhnú. Is fiú an t-éacht sin a chomóradh, dar linn.

Obair na bliana: Eanáir-Nollaig 2019

Ba rathúil an bhliain é 2019 do ghrúpa taighde Gaois, agus níor thaise do Mheitheal Dúchas é. Tras-scríobhadh 5,748 leathanach Gaeilge agus 60,764 leathanch Béarla, rud a fhágann go raibh 66,242 leathanach tras-scríofa ó thús deireadh na bliana 2019.

An líon leathanach Gaeilge a tras-scríobhadh de réir míosa

An líon leathanach Béarla a tras-scríobhadh de réir míosa

Cé is moite den obair thras-scríofa, cúis áthais eile é dúinn go mbaintear úsáid as Meitheal Dúchas d’fhonn cúrsaí ollscoile sa bhéaloideas a theagasc fud fad na cruinne, Ollscoil Ohio State agus Ollscoil Indiana gan ach roinnt bheag a lua. Tá muid iontach sásta freisin go bhfuil saothar na Meithle in úsáid d’fhonn taighde spéisiúil a dhéanamh sa chorpas mór ábhair béaloidis atá curtha ar fáil i riocht sochuardaithe ag an bpobal bisiúil tras-scríbhneoirí seo.

Is dea-eiseamlairí d’úsáid na Meithle d’fhonn taighde iad beirt eolaithe óga, Kate Bagnell agus Bobbi Beattie, a rinne taighde ar scéalta béaloidis a bailíodh ina sean-bhunscoil le linn na 1930idí agus scéim bailithe Bhailiúchán na Scol ar siúl. Rinne siad an t-ábhar sin a thras-scríobh agus d’iarr siad ar dhaltaí reatha na bunscoile sin scéalta úra béaloidis a scríobh faoin gceantar. Bhí sé de sprioc acu an dá bhailiúchán a chur i gcomparáid le chéile chun imscrúdú a dhéanamh ar cé na hathruithe suntasacha a tháinig ar úsáid na teanga i scríbhneoireacht dáltaí bunscoile le 80 bliain anuas. Ba bhuaiteoirí iad sa rannóg Eolaíochtaí Iompraíochta agus Sóisialta agus bhuaigh siad gradam speisialta ón gComhairle um Thaighde in Éirinn chomh maith. Scríobh siad blagmhír faoina gcuid taighde atá ar fáil le léamh anseo.

Is féidir leo siúd a bhfuil spéis acu san obair seo clárú le Meitheal Dúchas anseo agus triail a bhaint as blúire béaloidis a thras-scríobh.

Údar: Cathal Burke