Gaois

Meitheal Dúchas.ie do Mhúinteoirí

Is éard atá i gceist le Meitheal Dúchas.ie cuireadh a thabhairt don phobal na scéalta Gaeilge i mBailiúchán na Scol a thras-scríobh. Forbairt ar an gcur chuige a úsáideadh sna 1930dí atá i gceist. Fadó cuireadh óige na tíre ag obair ag cruthú an bhailiúcháin seo agus ba dheas an rud é dá mbeadh óige na tíre sa lá atá inniu ann ag cur na scéalta sin ar fáil ar líne.

neart féidearthachtaí do dhaltaí ag baint leis an tionscadal seo. Tá sé an-oiriúnach do lucht na hidirbhliana mar mhodúl aontéarmach nó mar mhodúl bliana, nó is féidir Meitheal Dúchas.ie a úsáid mar ghearrchúrsa mar chuid den Teastas Sóisearach nua. Anuas air sin, is léir go bhfuil sé oiriúnach do mhic léinn ollscoile mar tá a lán tras-scríofa déanta cheana féin ag mic léinn in Ollscoil Ohio.

Maidir le hoideachas iarbhunscoile, is tasc traschuraclaim atá i gceist anseo. Seo sampla den réimse leathan d’ábhair acadúla atá bainteach leis an obair seo:

  • Gaeilge – scéalta as Gaeilge amháin atá le tras-scríobh ag an bpointe seo

  • TFC/ICT – forbróidh litearthacht dhigiteach na ndaltaí agus iad ag tras-scríobh na scéalta, beidh an obair le déanamh ar an idirlíon agus cleachtóidh na daltaí a gcuid scileanna clóscríofa

  • Stair – scéalta bunaithe ar stair na tíre, mar shampla; liosanna agus ráthanna, chomh maith le mórán scéalta bunaithe ar an nGorta Mór, na tiarnai talún a bhí i gceantar na scoile, plandáil in Éirinn srl.

Mar chuid den tionscadal seo, rachaidh na daltaí (agus na múinteoirí) i dtaithí ar an tseanchló Gaelach agus seanlitriú na Gaeilge (‘oidhche’ in ionad ‘oíche’ agus a leithéid). Tá na treoracha ar fad ar ár suíomh maidir leis an seanchló Gaelach agus tá acmhainní sa bhreis luaite chomh maith (anseo agus anseo) mar sin ná bíodh imní ort roimh an ngné seo den Mheitheal.

Tá an-chuid buntáistí ag baint le Meitheal Dúchas do na daltaí i do sheomra ranga féin; forbairt eochairscileanna, foghlaim faoi oidhreacht agus cultúr na hÉireann agus faoin gceantar áitiúil (má tá sé beo ar an suíomh go fóill) agus a lán eile. Baineann tras-scríbhneoirí an-taitneamh as an obair. Tá scéalta grinn, scéalta faoi thaibhsí, scéalta ar leigheasanna, scéalta ar áitainmneacha áitiúla ar fáil ar an suíomh agus is cinnte go mbeadh sé suimiúil do na daltaí agus don mhúinteoir, go háirithe má tá aithne nó eolas acu ar na daoine a bhí páirteach sa bhuntionscadal sna 1930dí; is é sin dalta scoile a scríobh an scéal nó duine a thug an t-eolas don dalta scoile. (Tá cuid de na scéalta is fearr, dar linne, le feiceáil anseo.)

Is féidir sprioc a chruthú don rang (20-50 leathanach an dalta a thras-scríobh nó níos mó, ag brath ar an méid ama a chaitear ar an tras-scríobh). Tá dul chun cinn na dtras-scríbhneoirí le feiceáil ar shuíomh Meitheal Dúchas.ie mar chéatadán den tras-scríobh atá le déanamh. Tá sé éasca tras-scríobh a thabhairt mar obair bhaile má tá ríomhaire agus nasc idirlín ag na daltaí sa bhaile. Tá deis ann piarmheasúnú a tharraingt isteach sa seomra ranga: is féidir le tras-scríbhneoir ar bith eagarthóireacht a dhéanamh ar théacs úsáideora eile, mar sin tá na daltaí in ann breathnú ar obair a chéile agus na hiontrálacha a cheartú más gá.

Tá blagmhír scríofa (nó á scríobh!) do gach uile chontae atá beo ar Dúchas.ie ag breathnú ar ábhar scéalta an chontae sin. Cabhróidh na blagmhíreanna siúd leat agus tú ag iarraidh dul i dtaithí ar dúchas.ie agus Meitheal Dúchas.ie. Tá ‘Rogha na Seachtaine’ ar an leathanach baile den suíomh chomh maith chun blaiseadh a thabhairt de na scéalta suimiúla atá sa bhailiúchán, agus tá bileoga eolais forbartha faoi chuid de na príomhfhéilte, mar shampla Lá Bealtaine.

Ba bhreá linn cloisteáil uait más múinteoir thú atá ag smaoineamh air seo a dhéanamh le grúpa daltaí nó má tá moladh nó ceist ar bith agat ina leith. Má tá bróisiúir nó póstaeir nó tacaíocht eile uait, tar chun cainte linn. Cruthaigh cuntas duit féin (anseo) chun tuiscint níos fearr a fháil ar an Meitheal seo agus feicfidh tú cé chomh taitneamhach agus luachmhar is atá an obair!