Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí Eanáir

“The Open Translation Project is a global volunteer effort to subtitle TED Talks, and enable the inspiring ideas in them to crisscross languages and borders.”

TED

Cuireadh tús le TED, comhdháil ina bpléitear cúrsaí teicneolaíochta, siamsaíochta agus dearthóireachta i bhfoirm cainteanna gearra, in 1984. Tá méadú mór tar éis teacht ar an gcomhdháil thar na blianta agus bíonn raon ábhar níos leithne faoi chaibidil sna cainteanna anois. Scaiptear gach caint a thugtar faoi scáth TED ar an suíomh idirlín. Cé nach reáchtáiltear a leithéid de chomhdháil i nGaeilge go fóill, tá an bunús céanna ag baint le féile Imbolc a bhíonn ar siúl ag tús an earraigh gach bliain. Is é is aidhm do TED ná smaointe a scaipeadh ar fud an domhain. Is leis na cainteanna gearra sin a bhaineann an sluafhoinsiú toisc go n-aistrítear cainteanna TED go teangacha eile trí fhotheidil a chur leo. Tá cainteanna TED le fáil i 110 teanga éagsúil (an Ghaeilge san áireamh).

Tá ionad aistriúcháin ar líne forbartha ag TED ar a dtugtar The Open Translation Project. Tá an tionscadal tras-scríbhneoireachta seo cosúil le go leor de na tionscadail eile a ndearnadh trácht orthu i mblagmhíreanna eile roimhe seo. Tá córas rialaithe cáilíochta ag The Open Translation Project sa mhéid is go n-earcaítear comhordaitheoirí teanga a mbíonn taithí fhairsing acu cainteanna TED a aistriú. Déanann na comhordaitheoirí obair na n-aistritheoirí a mheas agus a phrofáil. De réir staitisticí TED, tá níos mó ná 16,000 aistritheoir cláraithe leis an tionscadal seo. Is léir go gcabhraíonn cur chuige an tsluafhoinsithe go mór le cainteanna spéisiúla TED a scaipeadh ar fud na cruinne sa ré dhigiteach seo.

Tionscadal aistriúcháin TED

Ní hé TED amháin a bhaineann tairbhe as an gcur chuige seo. Is cinnte go mbíonn neart buntáistí ann d’aistritheoirí a bhíonn ag aistriú na gcainteanna chomh maith. Tá cáil agus meas ar TED mar eagraíocht neamhbhrabúis agus is mór an onóir é d’aon aistritheoir a bheith luaite leis an eagraíocht mór le rá seo. Tá córas gradam ag TED chomh maith agus méadaítear ‘scór’ an aistritheora de réir líon na gcainteanna a aistríonn sé/sí. Taispeántar suaitheantas in aice le próifíl an aistritheora bunaithe ar thaithí agus ar scór an aistritheora. Buntáiste breise d’aistritheoirí a mbíonn fonn orthu cur lena scileanna aistriúcháin is ea an t‑ábhar fíorspéisiúil a bhíonn ar fáil le haistriú.

Sonraí Suntasacha ó obair na Meithle

Baill na Meithle: Eanáir 2016

Faoi dheireadh mhí Eanáir 2016 bhí 521 ball cláraithe leis an tionscadal seo agus bíonn siad ag ag tras-scríobh leo i gcónaí.

Líon leathanach a tras-scríobhadh: Eanáir 2016

Tras-scríobhadh 705 leathanach le linn na míosa. Tá 15% den ábhar Gaeilge tras-scríofa anois agus is ionann é sin agus 9,370 leathanach.

Poiblíocht

Tá an t-ábhar Béarla i mBailiúchán na Scol ar fad oscailte anois agus is féidir lenár mbaill é a thras-scríobh ag an nasc seo. Tá ábhar Chill Chainnigh ar fáil ar Dúchas.ie anois agus rinneadh trácht air in Irish Genealogy News an 1 Feabhra. Thug an Dr Gearóid Ó Cleircín cuairt ar Monaghan Heritage Network i mBeal Átha na mBeithe an 26 Eanáir. Ina theannta sin, cuireadh an Dr Ó Cleircín faoi agallamh ar KCLR maidir le hábhar Chill Chainnigh. Luadh Dúchas.ie in alt ar TheJournal.ie i mí Eanáir chomh maith. Alt an-spéisiúil is ea é agus tá sé ar fáil anseo. Luaigh Darragh Doyle, rannpháirtí rialta ar an gclár Moncrief, Dúchas.ie mar chuid dá mhír ar nithe spéisiúla atá ar fáil ar líne. Luadh Meitheal Dúchas.ie agus tionscadail éagsúla de chuid Fiontar san alt ‘An Ghaeltacht’ Dhigiteach agus 2016 in Tuairisc.ie an 18 Eanáir.

Clárú

Cláraigh leis an Meitheal anseo agus bí ag tras-scríobh leat. Bí i do bhall den Mheitheal inniu!