Gaois

Meitheal Dúchas: tuairisc ar obair mhí na Bealtaine

Is téarma réasúnta nua é sluafhoinsiú ach téann an coincheap i bhfad siar. Bhain eagarthóirí an Oxford English Dictionary leas as an gcur chuige chun tabhairt faoina bhfoclóir uaillmhianach siúd ag deireadh an 19ú haois. Tá cuntas breá air sin in The Surgeon of Crowthorne le Simon Winchester (1998). Is cosúil gurbh í an iris theicneolaíochta iomráiteach Wired, áfach, a chum an téarma nua seo san alt ‘The Rise of Crowdsourcing’ in 2006 agus is i ngeall ar iarrachtaí na mórchomhlachtaí teicneolaíochta, leithéidí Facebook agus Twitter, mar aon le cuideachtaí nuálacha amhail Duolingo, a ngnó a mhéadú ar fud an domhain atá an sluafhoinsiú i lár an aonaigh le cúig bliana anuas nó mar sin. (Tá alt faoi Fiontar agus Duolingo ón Irish Times anseo.)

B’fhéidir nach bhfuil an Mheitheal s’againne ar an scála céanna le Facebook ná le Twitter ach tá dul chun seasmhach á bhaint amach ó cuireadh tús léi ráithe ó shin, agus tháinig méadú an-suntasach go deo ar ghníomhaíocht na Meithle le linn na Bealtaine: méadú 150% ar líon na leathanach a tras-scríobhadh. Tuilleadh mionsonraí thíos ar obair mhí na Bealtaine.

Sonraí Suntasacha

Baill: Cláraíodh 25 ball nua le linn mhí na Bealtaine; tá 93 ball cláraithe leis an suíomh anois. Is ionann seo agus méadú 37% ar líon na n-úsáideoirí i gcomparáid le mí Aibreáin. Cuirimid fáilte is fiche roimh gach ball nua.

Tras-scríobh: Tras-scríobhadh 1,173 leathanach i rith na míosa, ardú suntasach.

Mar is gnách, is maith linn beirt bhall a ainmniú gach mí. Tá an-chuid oibre déanta ag Maurice Curran le tamall anuas. Léigh scéal a thras-scríobh Maurice dar teideal Fionn Mac Cumhaill agus an Grúgach anseo; scéal a bailíodh i mBaile Uí Shé, timpeall trí mhíle ó Dhaingean Uí Chúis, Co. Chiarraí. Thras-scríobh Brian Boll Scéal na Caillí Béara le linn na míosa, scéal a bailíodh taobh thuaidh de chathair na Gaillimhe, i gCeathrú an Bhrúnaigh. Léigh faoin gCailleach agus na fir bhochta a mharaigh sí anseo. Go raibh míle maith agaibh beirt.

Poiblíocht

Tá an Mheitheal cláraithe anois le Volunteer Ireland, rud a chabhróidh linn poiblíocht bhreise a dhéanamh ar scéal agus aidhmeanna na Meithle agus cur le líon na mball atá againn. Is áis í seo a mbaineann an-chuid eagraíochtaí agus tionscadail sna Daonnachtaí Digiteacha úsáid aisti chun a scéal a scaipeadh agus oibrithe deonacha a mbeadh spéis acu ina gcuid oibre a mhealladh ina dtreo. Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh bhaill eile gan mhoill a bhuí le Volunteer Ireland.

Thug an Dr Úna Bhreathnach cur i láthair cuimsitheach ar obair na Meithle ag an gcomhdháil Digital Material in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; Crowdsourcing Irish-Language Folklore Material: the Dúchas Project an t-ainm a bhí air.

Clárú

Bhraith fathaigh na teicneolaíochta, Facebook agus Twitter, ar na milliúin úsáideoirí, earcaithe ón bpobal, nuair a bheartaigh siad leathadh isteach i margaí nua ilteangacha; ar an gcaoi chéanna, braitheann Duolingo ar na deich milliún úsáideoir atá acu lena seirbhísí aistriúcháin sluafhoinsithe a chur ar fáil do chuideachtaí móra digiteacha amhail Buzzfeed agus CNN. Cosúil leo siúd, ní mhairfeadh an Mheitheal s‘againne gan ár mbaill dhíograiseacha féin. Mar is gnách, gabhaimid buíochas le gach uile duine díobh. Más spéis libh a bheith páirteach sa tionscadal - ní gá ach cliceáil anseo chun teacht ar ár seoladh ríomhphoist; níl le déanamh ach ríomhphost gearr a sheoladh chugainn. Tá tús curtha le réabhlóid an tsluafhoinsithe - ná caill an deis a bheith páirteach ann!