Gaois

Meitheal Dúchas.ie ar fáil anois

Blog post is available in Irish only

Táimid ag glacadh céim mhór chun tosaigh ar thionscadal Dúchas.ie agus cuireadh á thabhairt againn don phobal tras-scríobh a dhéanamh, ar bhonn deonach, ar scéalta agus ar ábhar a bailíodh sa Ghaeltacht (nó i nGaeilge) trí úsáid a bhaint as cur chuige an tsluafhoinsithe buíochas lenár suíomh úrnua - http://www.duchas.ie/ga/meitheal/. Níl an áis seo - Meitheal Dúchas.ie - seolta go hoifigiúil go fóill, ach tá muid ag iarraidh an scéal a scaipeadh agus aiseolas a bhailiú. Daltaí bunscoile a bhailigh an t-ábhar seo idir 1937 agus 1939 mar chuid de Scéim na Scol ag Coimisiún Béaloideasa Éireann.

Is deis iontach atá anseo léargas a fháil ar an nGaeilge mar a bhí sí sna tríochaidí chomh maith le cleachtadh maith praiticiúil a fháil ar chur chuige an tsluafhoinsithe – cur chuige aitheanta agus nuálach a chabhraíonn go mór le tionscadail mhóra na ndaonnachtaí digiteacha a chur ar fáil don phobal i gcoitinne taobh istigh de thréimhse ghairid.

Tiocfaidh tú ar ábhar a bhaineann le seanchas, scileanna, nósanna, paidreacha agus stair áitiúil, i measc rudaí eile. Ní theastaíonn ardscileanna ríomhaireachta ná teanga, ná go deimhin an t-uafás ama. Agus tá muid ag lorg pictiúr de na scoileanna (mar a bhí agus mar atá) agus de na daltaí féin chomh maith.

Más múinteoir nó léachtóir thú, agus spéis agatsa agus ag do chuid daltaí nó mac léinn páirt a ghlacadh sa tionscadal seo, tá tacaíocht ar fáil uainne, agus seolfaidh muid paca póstaeir agus bróisiúir amach chugat. Tá sé i gceist againn duais a thairiscint don tras-scríobhaí is forásaí as seo go ceann ráithe chomh maith. Dar linn go bhfuil ábhar tionscadail ranga nó ábhar teagaisc/staidéir den scoth anseo. Ba bhreá linn cloisteáil uait cén úsáid a bhainfeadh sibh as, agus bhur gcuid oibre a lua ar an suíomh más cuí.

Bain súp as an suíomh!