Gaois

Meitheal Logainm.ie agus bailiúcháin nua

Blog post is available in Irish only

Is maith an scéalaí an aimsir, mar a deir an seanfhocal, ach is maith an scéalaí na mionainmneacha go deimhin freisin! Bíonn neart eolais le fáil iontu, mar shampla eolas faoin tírdhreach, eolas faoi stair na lonnaíochta, na talmhaíochta agus na tionsclaíochta, agus eolas faoi na daoine a bhí ina gcónaí san áit. Is uirlis sluafhoinsithe í Meitheal Logainm.ie chun mionainmneacha agus na sonraí a bhaineann leo a stóráil, a chaomhnú agus a roinnt. Bíonn eolas ag an bpobal áitiúil ar mhionainmneacha a gceantair féin agus bíonn siad mar chuid de thraidisiún béil an phobail sin. Tá baol ann, áfach, go ligfear i ndearmad na mionainmneacha de réir mar a théann na seanfhondúirí in éag agus de réir mar a bhogann níos mó daoine amach as áiteanna faoin tuath chun cónaí sna bailte agus sna cathracha.

Tá Meitheal Logainm.ie ag dul ó neart go neart ó seoladh an suíomh i mí Aibreáin 2016. Tá 40,976 taifead agus 187 taifead fuaime cruthaithe go dtí seo ag na 294 úsáideoir aonair atá cláraithe leis an suíomh.

Cé go bhfuil mionainmneacha a ndearna an Brainse Logainmneacha taighde orthu ar logainm.ie freisin, is ainmneacha riaracháin atá ar an suíomh sin den chuid is mó. Féach thíos íomhánna ó logainm.ie agus ó Mheitheal Logainm.ie de cheantar an tSeanchinn ar an taobh thiar theas de Chontae Chorcaí. Léiríonn siad an chaoi a gcuireann Meitheal Logainm.ie leis na sonraí atá ar logainm.ie ó thaobh na mionainmneacha de. Ár mbuíochas le Jerome Lordan as ionchur na sonraí sin ar Mheitheal Logainm.ie.

Bailiúcháin nua a cuireadh le Meitheal Logainm.ie le déanaí

Cuireadh na ceithre bhailiúchán seo a leanas le Meitheal Logainm.ie le déanaí. Bainigí taitneamh as brábhsáil tríothú!

Mionainmneacha Cho. Phort Láirge (An Brainse Logainmneacha)

Leaganacha Gaeilge de mhionainmneacha i gCo. Phort Láirge atá sa bhailiúchán seo. Baineadh na hainmneacha Béarla de léarscáileanna athbhreithnithe na Suirbhéireachta Ordanáis ar scála sé orlaigh sa mhíle. Sna blianta 1979–1980 a rinne an Brainse Logainmneacha an obair thaighde ar na leaganacha Gaeilge.

Ainmneacha Páirce Lú

Bunaíodh Louth Field Names Group faoi choimirce Chumann Seandálaíochta agus Staire Chontae Lú, IFA Chontae Lú agus Sheirbhís Leabharlainne Chontae Lú. Ba é aidhm an tionscadail seo ainmneacha páirce fud fad Cho. Lú a bhailiú. Fuair an tionscadal maoiniú ó Louth Leader. Bhailigh breis is 200 oibrí deonach ainmneacha fud fad Cho. Lú idir geimhreadh 2012 agus samhradh 2014. Seoladh leabhar an tionscadail, The Field Names of County Louth, i mí na Samhna 2014 agus seoladh webGIS an tionscadail i mí na Samhna 2015. Tuilleadh eolais anseo.

Mapáil Mhionlogainmneacha Shléibhte Chuaille

Ba é aidhm Mapping the Minor Place Names of the Cooley Mountains mionainmneacha Shléibhte Chuaille a chur ar an taifead. Ba iad Eve Campbell, Andrew McGuinness, Siobhán McDermott agus Wojtek Dominiak a rinne an obair idir earrach agus samhradh 2015. Fuair an tionscadal maoiniú ón Mourne Cooley Gullion GeoTourism Project, le tacaíocht ón Dr Mark Gardiner, QUB. Rinneadh idir obair pháirce chun logainmneacha a bhailiú ó fheirmeoirí i Sléibhte Chuaille agus obair oifige chun sonraí a bailíodh cheana a thiomsú. Tá tuairisc ar an obair a rinneadh ar fáil anseo.

Mionainmneacha Reachlainn

Bhailigh Brian Mac Lochlainn na logainmneacha sa bhailiúchán seo ó Alex Morrison sna 1980idí agus sna 1990idí. Rugadh Alex i nGrianag, in Albain i 1915. Nuair a fuair a mháthair bás, agus é trí bliana d’aois, cuireadh go Reachraidhe [Reachlainn] é, áit ar thóg deirfiúr a athar é agus Gaeilge sa teach. Bhí an-saineolas aige ar mhionlogainmneacha an oileáin agus tá beagnach 400 logainm sa chnuasach. Fuair Alex bás in 2012. Tá tuilleadh eolais ar a shaol agus ar obair an bhailithe ar fáil anseo. Rinne Brian taifeadadh fuaime d’Alex agus é ag rá na logainmneacha agus tá an taifead fuaime ag an nasc sin freisin.