Gaois

Meitheal Logainm.ie

Blog post is available in Irish only

Seoladh Meitheal Logainm.ie ag ceardlann réamhchomhdhála dar teideal Uirlisí chun mionlogainmneacha a chomhroinnt mar chuid de chomhdháil SNSBI ar an 14 Aibreán 2016. Uirlis sluafhoinsithe bunaithe ar logainm.ie atá ann agus is féidir mionainmneacha a thaifeadadh i mbunachar sonraí poiblí agus iad a roinnt ar líne.

Forbraíodh an suíomh in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i bpáirt leis an mBrainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá taighdeoirí aonair agus grúpaí taighde anois in ann a gcuid taighde ar mhionainmneacha, móide sonraí eile, a chur le bunachar sonraí lárnach agus beidh na mionainmneacha sin le fáil ar líne.

I gcomhthéacs an tionscadail seo, is ionann mionainm agus logainm nach bhfuil ina ainm riaracháin. I measc na mionainmneacha áirítear ainmneacha gnéithe fisiciúla, mar shampla, páirceanna, lochanna, aibhneacha, bánna, cinn tíre, oileáin, sléibhte agus cnoic, mar aon le hainmneacha gnéithe saorga, mar shampla, séipéil, mainistreacha, reiligí, droichid agus crosbhóithre.

Is é Ainmneacha Páirce na Mí an chéad bhailiúchán atá le fáil ar shuíomh Mheitheal Logainm.ie agus cuirfear fáilte roimh ghrúpaí eile den chineál seo an suíomh a úsáid chun a gcuid taighde a roinnt agus a chur ar fáil don phobal. Glacfar le taighde ó úsáideoirí aonair chomh maith.

Is féidir cliceáil ar Cuir logainm isteach chun an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge den mhionainm a thaifeadadh. Tá gach eolas maidir le húsáid an tsuímh le fáil ag an nasc seo agus cuirfear fáilte roimh a thuilleadh ábhair (aistí, grianghraif agus eile) ach dul i dteagmháil linn ag logainm@dcu.ie.