Gaois

Meitheal Dúchas.ie mar Áis do Mhic Léinn Tríú Leibhéal

I láthair na huaire tá cuireadh á thabhairt do dhaoine scéalta Gaeilge ó Bhailiúchán na Scol a thras-scríobh mar chuid de Mheitheal Dúchas.ie. Tá an Mheitheal go mór faoi rath le roinnt míonna anuas agus tá thart ar 3,000 leathanach tras-scríofa go deonach ag an bpobal go dtí seo (Iúil 2015). Tá saibhreas teanga, béaloidis agus staire le feiceáil sa bhailiúchán seo agus ba mhaith le lucht na Meithle an deis a thabhairt do mhic léinn in ollscoileanna agus coláistí tríú leibhéal na tíre (agus thar lear) tabhairt faoin tras-scríobh agus Bailiúchán na Scol a úsáid mar acmhainn foghlama agus foinse eolais agus iad i mbun staidéir.

Is fiú do léachtóirí agus teagascóirí a mic léinn a chur ar an eolas faoin Meitheal agus na deiseanna foghlama a ghabhann le scéalta den chineál seo a léamh agus a thras-scríobh. Bheadh obair na Meithle oiriúnach do mhic léinn le Gaeilge agus staidéar á dhéanamh acu ar an réimse leathan ábhar a chuirtear ar fáil mar mhodúil i gcúrsaí bunchéime agus iarchéime ar fud na tíre. Is féidir le mic léinn cur go mór lena n-eolas agus lena dtuiscint ar ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta trí scéalta an Bhailiúcháin a thras-scríobh:

Teanga agus Gramadach na Gaeilge: Bíonn ar mhic léinn tríú leibhéal a scileanna teanga, scileanna labhartha agus scríofa araon, a fhorbairt agus iad ar an ollscoil, agus tá saibhreas teanga le fáil i mBailiúchán na Scol a chabhróidh leo na scileanna seo a fheabhsú go mór. Agus scéalta á dtras-scríobh is féidir le mic léinn taithí a fháil ar ghramadach na Gaeilge, cé gur bailíodh na scéalta seo roimh aimsir an Chaighdeáin Oifigiúil. Ina theannta sin, cuirfear go mór le stór focal na mac léinn agus scéalta an Bhailiúcháin á gcíoradh acu.

Béaloideas: Ar ndóigh, tá teacht ar an-chuid scéalta béaloidis i measc ábhar an Bhailiúcháin agus do mhic léinn a bhfuil cúrsaí béaloidis ar siúl acu is fiú taithí agus tuiscint a bheith acu ar an ábhar atá ar fáil ann. Mar chuid den Mheitheal, bheadh mic léinn in ann scéalta a thras-scríobh a bhaineann le ceantar nó le téama faoi leith atá á iniúchadh acu sa chúrsa. Is fiú go mór dóibh siúd atá ag tabhairt faoin mBéaloideas ar an tríú leibhéal leas a bhaint as saibhreas an Bhailiúchán.

Stair: Bailíodh na scéalta seo sna 1930ídí agus is óna dtuismitheoirí, a seantuismitheoirí agus ó mhuintir na háite a bhailigh na daltaí scoile iad den chuid is mó (tá go leor eolais anseo). Dá bhrí sin, baineann na scéalta seo le tréimhse ó lár an naoú haois déag ar aghaidh. Tá go leor scéalta a bhaineann leis an nGorta Mór, tiarnaí talún, na Péindlíthe agus an t-uafás eile nach iad. Ina theannta sin tá scéalta stairiúla a bhaineann le daoine agus ócáidí faoi leith agus an-chuid eolais luachmhair le baint astu. Rachadh sé chun tairbhe an mhic léinn staire leagan amach áitiúil den sórt seo ar stair na tréimhse úd a fháil.

Lámhscríbhinní: Tá peannaireacht na scéalta Gaeilge sa Bhailiúchán bunaithe ar an gcló gaelach agus baintear úsáid as an córas ortagrafaíochta réamhchaighdeánach iontu. Do mhic léinn atá ag tabhairt faoi chúrsaí nó mhodúil a bhaineann le lámhscríbhinní Gaeilge ón 19ú agus ón 20ú haois, is fiú an t-eolas atá acu ar na gnéithe seo den teanga a fhorbairt. Trí scéalta a thras-scríobh is féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar chló agus litriú na haimsire sin, rud a chabhróidh go mór leo agus lámhscríbhinní á léamh acu sna ranganna. Tá treoracha ar an suíomh maidir leis an gcló gaelach agus tá acmhainní sa bhreis luaite chomh maith (anseo agus anseo).

An Chanúineolaíocht: Ó tharla go bhfuil scéalta an Bhailiúcháin scríofa i gcóras litrithe réamhchaighdeánach, go minic breacadh síos na focail mar a dúradh iad go háitiúil. Tá an t-eolas canúineolaíoch seo thar a bheith luachmhar. Do mhic léinn atá ag déanamh staidéir ar chanúintí éagsúla na Gaeilge, cuid acu nach bhfuil á labhairt go forleathan níos mó, tá ábhar den chéad scoth anseo chun tréithe foghraíochta agus deibhíochta mar aon le nathanna agus focail áitiúla a iniúchadh.

Trí pháirt a ghlacadh i Meitheal Dúchas.ie is féidir le mic léinn tríú leibhéal leas agus tairbhe a bhaint as an acmhainn uathúil foghlama seo. Cuirfidh ábhar an Bhailiúcháin, agus é in úsáid taobh leis an obair atá ar siúl acu san ollscoil nó sa choláiste, go mór leis an tuiscint atá acu ar réimse leathan ábhar a bhaineann le saol na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hÉireann. Ar leibhéal pearsanta fiú, is iontach an rud é scéalta a thras-scríobh a bhaineann le do cheantar féin (nó le do mhuintir, fiú) agus eolas a bhailiú faoin saol mar a bhí. B’fhéidir go spreagfaí mac léinn nó dhó taighde a dhéanamh nó tráchtas a scríobh amach anseo bunaithe ar ábhar atá feicthe acu sa Bhailiúchán.

Má tá tuilleadh eolais uait faoi Mheitheal Dúchas.ie nó má tá smaointe ná tuairimí ar bith agat faoin Mheitheal mar áis foghlama do mhic léinn tríú leibhéal, le do thoil déan teagmháil linn.