Gaois

Mionaerach

I mBailiúchán na Scol, déantar cur síos ar gach sórt tinnis, agus na leigheasanna a bhí ag daoine orthu. Luaitear breoiteacht amháin, áfach, nach bhfaightear ach i gcúinne an-bheag den tír, i lár agus i ndeisceart Chill Dara. ‘Mionaerach’ a thugtar air seo, agus is mar ‘type of fever affecting children’ a mhínítear é in Foclóir Gaeilge-Béarla. Cnaíghalar atá i gceist, agus i measc na gcomharthaí a luaitear leis, tá easpa goile, easpa fuinnimh agus cailleadh meáchain. Is mar seo a mhínigh an múinteoir scoile i mBaile an Bhrúnaigh an tinneas:

One 'disease', however, exists here of which I have never heard before. It sounds like 'min-fhéarach' but nobody I have asked can spell it. The patient rapidly loses weight, energy and appetite until the cure is obtained from a woman (Mrs. Sammon) who lives in Kilcullen. (777, 24)

Is léir, go deimhin, go raibh deacrachtaí ag daoine, idir dhaltaí agus mhúinteoirí, agus iad ag iarraidh an focal Gaeilge seo, a mhair sa chaint i mBéarla na háite, a scríobh. Litrítear é mar min-fhéarach, mínfhéarach, minarace, minareck, min-aerac, manaereck, minarac agus min-yay-ruck i mBailiúchán na Scol agus is é [ˌmɪnˈeːrək] an fuaimniú atá cloiste agam féin ó dhaoine i mBaile Chill Dara.

Faightear tagairtí i mBailiúchán na Scol do ghearán darb ainm ‘Children’s Fever’ i gCeatharlach, Cill Mhantáin agus Laoise. Cé nach dtugtar le fios céard go díreach atá i gceist leis an bhfiabhras seo, luaitear an ceannbhán beag mar leigheas air. Is planda é seo a luaitear leis an mionaerach go minic, mar a fheicfear ar ball. Is i gceantar an-teoranta i lár agus i ndeisceart Chill Dara, chomh maith le cúpla sampla i gcontaetha Uíbh Fhailí agus Laoise, a fhaightear tagairtí don mhionaerach féin, áfach. Is léir gurbh fheasach do chuid de na daltaí scoile agus múinteoirí a ghlac páirt sa tionscadal, gur feiniméan thar a bheith áitiúil a bhí i gceist anseo, mar a mhínigh dalta scoile i Scoil na gCailíní i gCill Daingin:

In County Kildare a disease is to be found, which is known in no other county except in itself; it's name is "mínfhíarach"... (780, 146)

Léiríonn an léarscáil thíos na scoileanna a bhfaightear tagairtí don mhionaerach iontu i mBailiúchán na Scol, chomh maith le suíomhanna na ndaoine a bhfuil an leigheas luaite leo ann.

Dáileadh na scoileanna le tagairtí don mhionaerach (oráiste) agus na ndaoine ar luadh an leigheas leo (liath) i mBailiúchán na Scol

Le roinnt blianta anuas, tá an saol mór i ndiaidh dul i dtaithí ar thástálacha PCR agus antaigine mar ghnáthchuid den saol, ach is cosúil go raibh a modh tástála féin ag lucht leigheasta an mhionaeraigh, mar a mhínigh múinteoir scoile i gCill Daingin:

To diagnose this disease some of the saliva of the affected person is taken. A special liquid is applied to the saliva. If it foams then the person has the disease. (780, 176)

Ceannbhán beag (Prunella vulgaris) cc-by-sa/2.0 - © paul dickson - geograph.org.uk/p/881407

Luaitear bealaí éagsúla chun an mionaerach a leigheas, ach i bhformhór na gcásanna, bíonn luibh lárnach sa chóir leighis. Is cosúil gurbh é an planda prunella vulgaris is mó a bhí in úsáid. Tugtar self-heal agus cure-all air seo san ábhar ó Bhailiúchán na Scoil agus is é duáinín an tseanchais an leagan Gaeilge dó a thugtar i bhfoclóirí Uí Dhónaill agus de Bhaldraithe. Cuireann Ó Dónaill cúpla leagan eile ar fáil, duán ceannchosach, duán donn agus tae na ngarraithe, agus faightear ceannbhán beag i bhfoclóir an Duinnínigh chomh maith. Is iad duán ceannchosach agus duáinín an tseanchais an dá leagan atá ar fáil in téarma.ie.

Líníocht den phlanda prunella vulgaris / ceannbhán beag / self-heal.

Díol spéise is ea go raibh an leagan ceannbhán beag in úsáid i nDíseart Diarmada. Léirítear anseo gur úsáideadh an ceannbhán beag mar thástáil agus mar leigheas ar an ngearán:

The "Canabhán beag" is the name of the herb used to cure "Min-aerac" a kind of "Run down" Condition in children (really anaemia). The herb is pulled by old Mrs. Byrne, Barnhill or by Mrs Hickey (formerly by old Peggy Hoey) If the herb effervesces when treated, it indicates that the child is a victim of min-aerach, if it does not, she is not suffering from that disease. The patient has the herb rubbed on her hands & feet for nine days, while certain prayers are recited, when she or he is cured. (782, 80)

Is léir ón méid a scríobh an múinteoir i Scoil na mBuachaillí i gCill Daingin, gur choinnigh an cneasaí áitiúil sa cheantar sin an leigheas faoi rún. D’éirigh le dochtúir an rún a nochtadh, ach ní oibreodh an leigheas dó:

To cure it the child is given some liquid to drink and some form of prayer is said by the quack. The third dose usually completes the cure. The period of cure takes about a fortnight. The secret is closely guarded, but one doctor who has told me he discovered the herb, which he called the "cure all", made up the dope but his manufacture would not cure. (780, 176).

Tugann an fhianaise seo ar an mionaerach i mBailiúchán na Scol léargas an-spéisiúil dúinn ar na miondifríochtaí atá ar fáil i gceantair éagsúla ó cheann ceann na tíre ó thaobh chultúr na ndaoine de. Is áis an-tábhachtach é Dúchas.ie don té atá ag iarraidh nósanna cultúrtha den chineál sin a aimsiú agus a fhiosrú.

Údar: Justin Ó Gliasáin