Gaois

Ó Ollscoil Notre Dame go hOllscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Chaith Jack McGinn dhá mhí ag obair in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcaitheamh an tsamhraidh agus déanann sé cur síos sa bhlagmhír seo ar an obair a bhí idir lámha aige.

“Cén fáth an Ghaeilge?” Measaim gurb í sin an cheist is mó a chuirtear ormsa na laethanta seo – ceist choitianta a fhaigheann aon duine atá ag foghlaim na Gaeilge, ach mo leithéidse go háirithe. Meiriceánach is ea mé agus bhí mé ar thréimhse taithí oibre in Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath le dhá mhí anuas. Is oth liom a rá nach bhfuil freagra róshuimiúil agam ar an gceist úd, ach amháin gur thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge roinnt blianta ó shin in Ollscoil Notre Dame toisc gur thaitin an teanga liom.

Suaitheantas Ollscoil Notre Dame

Is iondúil nach ndéantar idirdhealú mór idir an Ghaeilge agus teangacha eile sna Stáit. Is minic a fhiafraítear díom cén fáth nach bhfuilim ag foghlaim “teanga úsáideach”, ach ag smaoineamh siar ar na seachtainí atá caite agam anseo in Fiontar agus i mBaile Átha Cliath, cheapfaí go gcuirfí an cheist sin orm faoin mBéarla. Ba mhinic a fuair mé an deis mo chuid Gaeilge a úsáid le linn an tsamhraidh – san oifig i gcaitheamh an lae agus ag traenáil peile agus iománaíochta um thráthnóna. Bhí mé ag siúl sa chathair le déanaí agus chonaic mé comhartha a raibh ‘Saol trí Ghaeilge atá uainn’ scríofa air. Bhuail an smaoineamh mé go bhfuil an t-ádh dearg orm toisc go mbím in ann mo chuid Gaeilge a úsáid go rialta. Is beag deis a bhí agam an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga roimhe seo agus ba iontach an rud é a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge. Gan dabht, ba shaol trí Ghaeilge a bhí agam in Fiontar an samhradh seo agus tá mé thar a bheith buíoch as sin.

Rinne mé roinnt oibre ar gaois.ie, an corpas aonteangach go háirithe, agus ar ainm.ie le linn dom a bheith ag obair in Fiontar. Obair fheiliúnach a bhí idir lámha agam ar ainm.ie toisc gur bhain an obair le taighde a dhéanamh ar na beathaisnéisí agus orthu siúd atá luaite sa bhunachar a chaith seal thar lear. Bhí sé an-suimiúil a bheith ag léamh faoi na Meiriceánaigh eile agus faoi na tíortha eile ina mbíodh daoine ag foghlaim na Gaeilge. Ina theannta sin, déantar tagairt do na daoine a bhog go Meiriceá, cuid acu a bhíodh ag cur fúthu réasúnta gar do mo bhaile dúchais féin. Bhain mé an-taitneamh as an obair seo, go háirithe agus mé ag obair trí mheán na Gaeilge. Tá mé fíorbhuíoch de gach uile dhuine in Fiontar as an taithí thaitneamhach seo agus tá áthas orm go raibh mé in ann cur leis na foinsí iontacha atá á bhforbairt ag an bhfoireann taighde ann.