Gaois

Oíche Fhéile Eoin

Déantar ceiliúradh ar Oíche Fhéile Eoin nó ar Oíche Fhéile Sin Seáin ar an 23 Meitheamh agus is tráthúil, dá bhíthin sin, breathnú ar na tuiscintí agus ar na gnásanna a bhain leis an bhféile sin ag dul siar agus go deimhin an chaoi a gcuirtear in iúl iad i mBailiúchán na Scol. Is iomaí tír ina leagtaí tábhacht mhór ar Oíche Fhéile Eoin, féile a cheiliúrtar i lár an tsamhraidh agus a luaitear le hEoin Baiste. Is in Éirinn agus sna tíortha Lochlannacha is faide a mhaireann an nós tine chnámh a adhaint an oíche roimh lá féile an naoimh.

Bhíodh tinte cnámh móra lonnaithe in áiteanna feiceálacha, mar shampla, ar bharr cnoic agus in áiteanna mar a gcasadh daoine ar a chéile de ghnáth, ar nós na gcrosbhóthar, nó ar láithreacha fairsinge sna bailte. Ar feadh coicíse ag druidim le hOíche Fhéile Eoin, théadh páistí an cheantair amach ag bailiú brosna, cipíní, seanchocháin agus móna agus dhéantaí carn mór díobh ar fad ag crosbhóthar nó ar bharr cnoic, áit a lastaí tine mhór ina mbíodh cnámh mór ina lár. Is féidir a thuilleadh a léamh faoin sean-nós sin sa scéal seo.

Bhíodh tine i ngach uile bhaile sa cheantar agus lastaí í agus é ag éirí dorcha. Insítear sa scéal seo as Cill Charthaigh i dTír Chonaill go lastaí an tine ar an gcnoc is airde le go bhfeicfí í go soiléir sna bailte eile sa cheantar máguaird. Bhíodh iomaíocht ghéar idir na bailte sin chun an tine ba mhó a chur síos. De réir an chuntais seo, bhíodh na daoine a bhí i láthair ag béicíl agus ag screadaíl in ard a nguthanna ag déanamh gaisce agus mór is fiú dá dtinte féin.

Tinte cnámh Oíche Fhéile Sin Seáin: radharc ó Chnoc Ghleann an Ghad, Iorras, Contae Mhaigh Eo, 23 Meitheamh, 2001. Grianghraf: Noreen Barron

Oíche mhór spóirt agus spraoi a bhíodh ann nuair a bhailíodh muintir na háite, idir óg agus aosta, le chéile mórthimpeall na tine, páistí ag damhsa agus na daoine fásta ag caint is comhrá is ag insint scéalta. Thagadh na seandaoine amach ar ball agus bhídís ag seanchas le chéile ar na sióga agus ag déanamh spóirt.

Oíche Fhéile Sin Seáin: Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh, 23 Meitheamh 1960. Grianghraf: Caoimhín Ó Danachair

Léirítear sa scéal seo as An Log Buí i gCo. Mhaigh Eo gur nós le daoine dul isteach i bpáirc chun bó a bhleán ar Oíche Fhéile Eoin. Ina dhiaidh sin, bhristí builín aráin ina phíosaí beaga agus chuirtí isteach i mbainne bruite ansin iad le go mbeadh béile breá ag gach duine cois tine. Agus clabhsúr á chur ar na himeachtaí thart ar mheán oíche, théadh na daoine a bhíodh i láthair timpeall na tine sé huaire agus iad ag guí go dtabharfadh Dia slán iad go dtí go mbeadh Oíche Fhéile Eoin arís ann an chéad bhliain eile. Insítear dúinn sa scéal seo as Co. an Longfoirt gur nós le daoine na healaí a shiúil trí iarsmaí na tine chun an t-ádh a tharraingt orthu don bhliain a bhí le teacht. Agus an tine dóite, thógadh cuid de na daoine a bhí i láthair fód móna lasta leo abhaile agus chaití isteach é i ngach aon pháirc ar an bhfeirm le cinntiú go mbeadh rath ar na barraí i rith na bliana. Léigh tuilleadh faoin traidisiún sin anseo.

Níl anseo ach blaiseadh de na scéalta atá le fáil i mBailiúchán na Scol a bhaineann le hOíche Fhéile Eoin agus is féidir a thuilleadh a léamh trí chuardach a dhéanamh sa bhosca cuardaigh ar dúchas.ie – bainigí triail as!