Gaois

4,806 scéal tras-scríofa ag mic léinn Ohio State University!

Tá tréanobair déanta ag grúpa mac léinn san Ohio State University, faoi stiúir an Dr Ray Cashman sa Center for Folklore Studies. Mar chuid dá gcúrsa ‘Irish Folklore (English 4577.01)’, iarradh orthu tras-scríobh a dhéanamh ar ábhar Béarla as Bailiúchán na Scol. Is féidir breathnú ar chuid den ábhar sin anseo.

Dar leis an Dr Cashman go raibh nasc leis an tír seo ag leath de na mic léinn a ghlac páirt, agus gur mhór acu an nasc seo lena n-oidhreacht Éireannach. Is é an rud ba thábhachtaí do na mic léinn, áfach, go raibh siad páirteach i gcaomhnú oidhreacht chultúrtha ar bhealach an-phraiticiúil. Taithí den scoth atá anseo d’aon ábhar béaloideasóra, gan trácht ar an sult is féidir a bhaint as léamh grinn a dhéanamh ar na scéalta.

29 mac léinn a ghlac páirt sa tionscadal, agus rinne siad tras-scríobh ar 4,806 leathanach/scéal, sin 166 ar an meán an duine. Éacht!

Má tá tacaíocht uait chun Meitheal Dúchas.ie a chur in úsáid sa seomra ranga, bí ag caint linn.