Gaois

Pleananna na hAthbhliana

Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Tar éis bliain ghnóthach anseo in oifigí na dtionscadal taighde – idir aistriú campais (go Campas na Naomh Uile, i nDroim Conrach), ceardlanna, comhdhálacha agus mórthionscadal nua sluafhoinsithe – tá muid ag tabhairt aghaidh ar 2017 agus ag tnúth lena bhfuil romhainn. Tugtar spléachadh sa bhlagmhír seo ar chuid dár bpleananna don bhliain úr.

Anois agus imleabhair uile Bhailiúchán na Scol seolta ar Dúchas.ie, beidh muid ag tabhairt aghaidh ar bhailiúcháin eile de chuid Chnuasach Bhéaloideas Éireann, amhail an Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní agus an Chartlann Grianghraf. Tá cuid den ábhar seo digitithe cheana féin, agus beidh muid ag cur crutha ar na meiteashonraí a théann leis agus ag réiteach an ábhair le foilsiú ar líne. Chomh maith leis sin, bí ag súil le hathruithe ar shuíomh Dúchas.ie, e.g. suíomh nua freagrúil a oibreoidh ar ghléasanna móibíleacha, agus ar na háiseanna cuardaigh. Ar ndóigh, leanfar le Meitheal Dúchas.ie, tionscadal tras-scríofa Bhailiúchán na Scol, faoina ndearnadh tras-scríobh deonach ar bheagnach 50,000 leathanach béaloidis go dtí seo.

Leanfar le forbairt thionscadal Meitheal Logainm.ie agus tá muid ag súil go gcuirfidh an pobal le líon na mionainmneacha a bheas ar taifead ann. Ní fada go mbeifear in ann taifeadtaí fuaime agus sonraí beachta geografacha a chur leis na hiontrálacha ó d’fhón póca. Beidh athnuachan á déanamh againn ar shuíomh Logainm.ie féin, ag cur leis na logainmneacha (sráideanna san áireamh), agus de réir a chéile, ag cur le cruinneas agus feabhas na n-iontrálacha sin.

Beidh riaráiste na d**téarmaí teicneolaíochta faisnéise** á bhfoilsiú ar shuíomh Téarma.ie, agus beidh muid ag obair linn ag cruthú téarmaí do bhunachar IATE – rinneadh taighde ar c.4,000 coincheap anuraidh, agus tá an sprioc chéanna againn i mbliana. Tá sé ar intinn againn cur leis na hacmhainní téarmaíochta agus corpais ar Gaois.ie i gcaitheamh 2017 chomh maith.

Tá muid ag obair ar shraith forbairtí spéisiúla do shuíomh Ainm.ie, ar nós seinnteoir fuaime, agus áiseanna nua léirshamhlaithe sonraí. Beidh muid ag obair ar dhíolamaí téamacha beathaí freisin, mar shampla, Díolaim Beathaí 1916 a seoladh le déanaí. Foilseofar beathaí nua in dhá bhaisc i rith na bliana chomh maith, ceann san earrach agus ceann eile i dtreo dheireadh na bliana. Ná déan dearmad an bhaisc is deireanaí a foilsíodh i mí na Samhna a léamh mura bhfuil sin déanta agat cheana. Ar ndóigh, beidh an blag seo á nuashonrú againn go rialta. Cuirfimid fáilte roimh mholtaí i gcónaí.