Gaois

Ransú intinne agus ransú suímh: Ag dul i ngleic le dúshlán teicniúil

Ní hí seo an bhlagmhír a theastaigh uainn a scríobh an tseachtain seo. Theastaigh uainn, sa bhlagmhir seo, cur síos a dhéanamh ar roinnt de na forbairtí a bhaineann le suíomh úrnua gaois.ie a seoladh ar na mallaibh. Mar a tharla sé, áfach, tháinig roinnt ceisteanna teicniúla chun cinn le laethanta beaga anuas—ceisteanna a d’eascair as seoladh an tsuímh chéanna—a thug ar ár bhfoireann theicniúil réiteach a chur i bhfeidhm go pras agus in am do thús na seachtaine úire.

Mar sin, bheartaíomar roinnt de na ceisteanna seo a phlé le súil go bhféadfadh an plé sin léargas spéisiúil a thabhairt ar chuid de na dúshláin theicniúla a bhaineann le tionscadal mór-ráchairte sna daonnachtaí digiteacha a chur ar fáil.

An fhadhb a bhí ann

Thugamar féin an fhadhb faoi deara luath go leor an tseachtain seo caite. Tá roinnt córas monatóireachta in úsáid ag grúpa taighe Gaois a chuirimid ar an eolas sa chás go dtarlaíonn earráidí ar shuíomhanna dár gcuid nó má tá brú ar an infreastruchtúr teicniúil atá againn. Tugadh faoi deara go raibh méid neamhghnách obair ríomhaireachta ag tarlú ar chóras amháin dár gcuid agus thuigeamar, dá bhrí sin, go dtiocfadh moille áirithe ar luas na gcuardach a dhéantar ar roinnt dár gcuid suíomhanna.

Go deimhin, níorbh fhada sula bhfuaireamar scéala ó chúpla duine dár n-úsáideoirí díograiseacha (agus is maith linn a rá go bhfuil go leor agaibh ann!) ag dearbhú nach raibh cúrsaí tapúlachta mar a bhí agus, i gcorrchás, go raibh ag teip ar chuardaigh áirithe teacht chun críche. Bhíomar i mbun oibre cheana féin chun an scéal a thuiscint.

An chúis a bhí leis an bhfadhb

Más ualach neamhghnách ríomhaireachta a bhí mar gharchúis na faidhbe níor mhór tuiscint a fháil ar fhíorbhunús na ndeacrachtaí. Cén chúis a d’fhéadfadh a bheith i gceist? An raibh rud éigin as bealach déanta againn féin? An raibh fadhb ag baint de na crua-earraí a ritheann na suíomhanna orthu? An féidir go raibh ionsaí á dhéanamh orainn? Rinneamar a chinntiú ar dtús nach ar aon chód ríomhaireachta dár gcuid a bhí an locht. Ansin, chuamar i muinín na sonraí. Rud amháin a bhí suntasach ná méadú tobann a bhain don trácht ar na suíomhanna:

Trácht líonra ar fhreastalaí de chuid ghrúpa taighde Gaois, 27 Márta-26 Aibreán.

Ón 12 Aibreán ar aghaidh tháinig méadú faoi thrí, ar an mheán, ar an trácht isteach (an líne gorm san íomhá thuas) go dtí ceann dár bhfreastalaithe. Dea-scéal, nach ea? Nuair a scrúdaíomar na staitisticí úsáide a bhailímid in áiteanna eile, áfach, ní raibh méadú chomh suntasach sin ar líon na gcuairteanna ar na suíomhanna le sonrú. Is cinnte gur tháinig borradh áirithe ar líon na gcuairteanna nuair a seoladh an leagan úr de gaois.ie, agus nuair a cuireadh ábhar nua leis an bPríomhbhailiúchán Lámhscríbhinní ar dúchas.ie le gairid, ach níor leor sin leis an neamhréir a mhíniú.

Rud eile a bhí aisteach: tugadh faoi deara go rabhthas ag déanamh roinnt mílte nasc leis an suíomh sa soicind, fiú go mall san oíche. An amhlaidh go raibh slua sí i mbun tras-scríbhinní a scríobh do Meitheal Dúchas.ie i ndiaidh meánoíche? Tuigeadh ansin go bhféadfadh go bhfuil míniú níos neamhdhíobhálaí ar an scéal.

An fhadhb a thuiscint: ransú intinne

Má rinne tú cuardach ar Google nó ar Bing riamh, ar smaoinigh tú conas a bhíonn a fhios ag an inneall cuardaigh cá bhfuil na leathanaigh ar fad a aimsíonn sé le fáil ar an ghréasán? Freagra na ceiste ná róbait a dtugtar ransaitheoirí gréasáin orthu. Ríomhchláir iad seo a léimeann ó leathanach go leathanach ar an ngréasán ag bailiú eolais fúthu agus ag leanacht na nasc eatarthu. Agus, go deimhin, ba iad na ransaitheoirí céanna ba chúis leis an trácht mistéireach go léir a fuaireamar go tobann agus go tréan i ndiaidh dúinn an leagan úr don suíomh seo a sheoladh. Bhí an méid sin soiléir ach breathnú ar an trácht beo:

Spléachadh ar shonraí na nasc beo le freastalaí gréasáin de chuid ghrúpa taighde Gaois, 11:31 pm, 23 Aibreán 2020. Rinneadh sonraí ar bith nach mbaineann le ransaitheoirí gréasáin a fholú san íomhá seo.

Más ea, cad chuige an ráig seo ransaithe agus cén fáth ar chuir sé an oiread sin brú ar an gcóras? Cuimhnítear nach ionann iompar ransaitheora agus iompar duine daonna. Osclaíonn ransaitheoirí áirithe suas le deich leathanach sa soicind, gach soicind, ar feadh tréimhsí fada, rud nach ndéanfadh úsáideoir daonna riamh. B’eol dúinn go mbíonn ransaitheoirí i mbun an chineáil seo oibre go mion agus go minic ach bhí an ráig áirithe seo an-trom agus mórchuid ransaitheoirí as mórchuid foinsí éagsúla i gceist. Anuas air sin, tá tréithe áirithe ag suíomh gréasáin Gaois a fhágann go ndeachaigh an cineál seo iompair i bhfeidhm go mór orainn:

  • Murab ionann agus mórchuid corpas ar líne, tá na corpais ar shuíomh Gaois ‘oscailte’ don saol mór: ní gá clárú chun iad a úsáid agus is féidir teacht ar an ábhar trí inneall cuardaigh mar Google. Fágann sé seo go bhfuil na hacmhainní so-aimsithe don phobal ach níl a lán smachta againn ar cén duine, nó cén rud, a thugann cuairt orthu.
  • Ní ‘leathanaigh’ atá i bhformhór ábhar an tsuímh ach torthaí a ghintear go beo mar fhreagra ar théarmaí cuardaigh. Próiseas ríomhaireachta níos troime é seo. Agus 84.5 milliún focal sa dá chorpas ar gaois.ie tá iliomad cuardach féideartha ann agus déanfaidh ransaitheoirí áirithe iarracht cuid mhór acu seo a thriail.
  • Tá naisc líonmhara idir gaois.ie agus suíomhanna eile mar téarma.ie agus b’fhacthas gur ghríosaigh sé seo na róbait chun breis ransaithe a dhéanamh.

Réiteach na faidhbe

I ndeireadh na dála, is dea-theist ar shuíomh ar bith é go mbíonn innill chuardaigh in ann formhór an ábhair ann a aimsiú agus a thuiscint. Ciallaíonn sé go n-aimseoidh daoine an t-ábhar atá uathu. Mar sin, is é an rud nach féidir a dhéanamh ná ransaitheoirí a chosc go hiomlán. Úsáidtear roinnt straitéisí chun i ngleic leis an dúshlán seo:

  1. Rinneamar iarracht cur le hathléimneacht ár gcóras féin le go mbeidís in ann ráig mar seo a sheasamh. Spéisiúil go leor, dá mhéad agus a chuireamar le tapúlacht na gcóras is ea is treise a ndearnadh ransú orainn. Mar sin, níor leor an straitéis seo leis féin.
  2. I gcás na n-inneall cuardaigh mór le rá tá bealaí ann chun iarraidh orthu an ráta ransaithe a mhaolú, rud a rinneamar.
  3. Is féidir comhad faoi leith darb ainm robots.txt a chur le suíomh ina dtugtar treoir ghinearálta do ransaitheoirí. Rud a bhí cabhrach dúinne ná gur chuireamar cosc ar ransaitheoirí codanna áirithe den suíomh a innéascú ar feadh tréimhsí éagsúla.
  4. Chinneamar feidhmeanna áirithe ar an suíomh a mbaineann ualach mór próiseála leo a mhúchadh go sealadach chun acmhainní a shaoradh. Ar an ábhar sin, ní bheidh fáil ar na téarmaí cuardaigh molta a thaispeántar sa Bhunachar Téarmaíochta de ghnáth go ceann roinnt laethanta eile nuair a bheidh formhór an ransaithe thart.

Áiseanna chun ransaitheoirí gréasáin a bhainistiú in Bing Webmaster Tools

Céard a d’fhoghlaimíomar?

Ar ndóigh, nuair a mheabhraítear na héarthaí suntasacha a bhain do sheirbhísí mór le rá mar Disney+, Gmail, agus Snapchat le tamall beag anuas tuigtear nach rud fíor-eisceachtúil é a bheith in achrann le dúshláin theicniúla. Táimid sásta gur éirigh linn tionchar na faidhbe seo a mhaolú do chuid mhór úsáideoirí go luath agus gur éirigh linn dul i ngleic leis an bhfadhb iomlán go cuimsitheach ina dhiaidh sin. Mar sin féin, is dona linn aon ní a chuireann isteach ar na húsáideoirí a bhíonn ag brath ar ár gcuid seirbhísí agus d’fhoghlaimíomar mórán ón taithí seo a chabhróidh linn a leithéid seo d’fhadhb a sheachaint arís amach anseo. Beimid airdeallach go háirithe faoi na himpleachtaí ransaithe a bhaineann le baisc mhór acmhainní nua a fhoilsiú. Agus beimid ag súil leis an mblagmhír a bhí beartaithe againn a scríobh a chur ar fáil don tseachtain seo chugainn!

Údar: Ronan Doherty