Gaois

Rúin na hAthbhliana 2019

Tá pleananna móra againn do 2019!

Tá athrú mór ar na bacáin don Earrach nuair a sheolfar leagan athdheartha de shuíomh poiblí Téarma. Beidh an comhéadan eagarthóireachta ag athrú chomh maith agus ardán bainistíochta téarmaíochta nua, Terminologue, in úsáid. Ba chóir go mbeadh an suíomh níos fusa, níos deise agus níos soiléire de bharr na hoibre seo.

Leanfar leis an obair ar théarmaí don AE agus ar asbhaint téarmaí as Rialacha na nUaschúirteanna, ábhar a mbeidh spéis ag aistritheoirí agus dlítheangeolaithe go háirithe ann. Cuirfidh muid le Corpas na Gaeilge Comhaimseartha agus leis an gCorpas Comhthreomhar. Tá sé i gceist chomh maith athdhearadh iomlán a dhéanamh ar shuíomh Gaois, chun go mbeidh na háiseanna seo níos feiceálaí agus chun go dtabharfar spléachadh ar obair uile an ghrúpa taighde agus ar na deiseanna do mhic léinn PhD agus eile.

Tá áthas orainn go mbeifear ag leanúint le tionscadal Ainm go ceann tréimhse trí bliana, agus tá muid ag obair cheana ar chuid de na beathaí a fhoilseofar i rith na bliana seo.

Leanfar chomh maith le tionscadal Dúchas go ceann tréimhse trí bliana ón mí seo ar aghaidh. Beidh muid ag díriú, lenár gcompháirtithe in CBÉ, ar a thuilleadh ábhar ón bPríomhbhailiúchán a réiteach is a fhoilsiú, ar réiteach ábhair fuaime don fhoilsiú agus ar fhorbairt na Meithle.

Beidh muid ag cur le Meitheal Logainm.ie chomh maith, agus tá cuireadh oscailte ag aon eagraíocht phobail torthaí a gcuid taighde ar mhionainmneacha a fhoilsiú ann. Leanfaidh an obair eagarthóireachta agus feabhsúcháin in Logainm, ar ndóigh.

Beidh muid ag cur ár gcuid oibre i láthair ag comhdhálacha éagsúla i mbliana, tá súil againn, agus beidh cúpla mac léinn linn ar taithí oibre. Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí.