Gaois

Rúin na hAthbhliana 2021

Seo thíos spléachadh ar chuid de na nithe a bheas idir lámha ag grúpa taighde Gaois sa bhliain úr 2021.

Cuireadh Cruinniú Mullaigh EAFT (Cumann Eorpach na Téarmeolaíochta) siar anuraidh, agus beidh sé ar siúl anois ar 25-26 Samhain 2021. Tá sé á chomhóstáil ag grúpa taighde Gaois agus Scoil an Staidéir Teanga agus Idirchultúir Fheidhmigh (SALIS). Is é (íorónta go leor) ‘An Téarmeolaíocht faoi Dhúshlán’ an téama. Beidh liosta cainteoirí á chur le chéile sa chéad leath den bhliain, agus beidh an ócáid spéisiúil d’aon duine a bhfuil suim sa téarmeolaíocht aige/aici. Déanfar cinneadh amach sa bhliain faoi fhormáid na hócáide - ar líne nó ar an láthair.

Ó thaobh cúrsaí téarmeolaíochta de, leanfar den obair ar théarmaí don AE agus de chothabháil agus forbairt téarma.ie agus cuirfear le bunachar téarmaíochta Gaois. Anuas air sin, leanfar den obair ar théarmaí a sholáthar don Bhanc Ceannais Eorpach agus cuirfear tús le tionscadal nua a bhfuil sé d’aidhm aige Gaeilge a chur leis an teasáras ilteangach EuroVoc. Clúdaíonn an teasáras gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh i 24 theanga de chuid an AE chomh maith le 3 theanga ó thíortha ar iarrthóirí ar aontachas iad, agus baineann insititúidí AE, rialtais san Eoraip, agus úsáideoirí ar fud an domhain úsáid as.

Tá córas www.terminologue.org ag dul ó neart go neart agus úsáideoirí nua ó gach cearn den domhan ag teacht ar bord. Beidh an córas in úsáid sa seomra ranga arís i mbliana agus mic léinn Fiontar & Scoil na Gaeilge ag tabhairt faoi mhodúl sa téarmeolaíocht. Tá an comhéadan ar fáil i naoi dteanga anois agus tá tuilleadh ar na bacáin i mbliana.

Beidh ábhar á chur le corpais Gaois i rith an ama agus beidh scagaire dátaí á chur le gach corpas go luath. Anuas air seo, tá súil againn cur le feidhmeanna cuardaigh agus comhchordachta Chorpas na Gaeilge Comhaimseartha sa dara leath den bhliain, ag brath ar acmhainní.

Leanfar leis an obair eagarthóireachta in Logainm, agus seolfaidh muid leagan úrnua den bhunachar agus den suíomh (agus de Mheitheal Logainm.ie) sa dara leath den bhliain. Mar chuid den obair seo feabhsófar an láimhseáil a dhéantar ar shonraí logainmníochta, agus beidh eispéireas an úsáideora deiridh níos fearr dá réir.

Beidh beathaí nua á bhfoilsiú ar Ainm i rith na bliana, agus díolaim nua chomh maith mar gheall ar thaighdeoirí logainmníochta.

Maidir le Dúchas, leanfaidh muid ar aghaidh ag foilsiú ábhar as an bPríomhbhailiúchan go ráithiúil (eolas faoi chéad bhaisc 2021 anseo), agus beidh muid ag obair linn ar ábhar fuaime a réiteach don fhoilsiú. Leathnófar an Mheitheal amach go suntasach chomh maith.

Cá bhfios an mbeidh na comhdhálacha a cuireadh siar anuaidh á reáchtáil i mbliana, ach tá ábhar á réiteach againn do Corpus Linguistics i Luimneach agus Euralex i Alexandroupoli na Gréige, i measc ócáidí eile. Beidh cúpla mac léinn linn ar thaithí oibre freisin.

Coinnigh súil ar an mblag seo, ar an nuachtlitir agus ar mheáin shóisialta na dtionscadal éagsúil don nuacht is déanaí.