Gaois

Rúin na hAthbhliana

Guíonn muid athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise ar ár léitheoirí go léir. Seo thíos spléachadh beag ar a mbeidh ar na bacáin ag foireann na dtionscadal i mbliana.

Ainmeolaíocht:

Seoladh an suíomh logainm.ie deich mbliana ó shin den chéad uair, ach tá neart forbairtí le déanamh ar an suíomh go fóill, dar linn. Beidh muid ag obair linn ar na háiseanna agus ar an ábhar féin le linn 2018.

Tá muid ag súil le fáilte a chur roimh lucht spéise na mionlogainmneacha ag ceardlann dhátheangach dar teideal ‘**Aithním an Chré agus an Chloch…**’ an 17-18 Bealtaine 2018. Tá bailchríoch á cur ar an gclár againn, agus ní fada go mbeifear in ann clárú. Deis a bheas anseo plé a spreagadh i measc thaighdeoirí na hÉireann agus léargas a fháil ó chúpla cainteoir idirnáisiúnta chomh maith. Beidh muid ag leagan béim ar thaighde bisiúil agus ar an gcaoi ar tugadh faoi, agus ar ndóigh, ar an gcaoi ar féidir torthaí an taighde sin a chaomhnú agus a roinnt trí leas a bhaint as Meitheal Logainm.ie. Tá an teideal féin tógtha as sliocht as léacht cháiliúil Mháirtín Uí Chadhain, ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’.

Cuireann muid beathaí nua le suíomh ainm.ie gach uile bhliain, agus tá beathaí na bliana seo á ndréachtú cheana féin – daoine a cailleadh anuraidh agus arú anuraidh den chuid is mó. Tá sé i gceist againn cúpla áis nua léirshamhlaithe a chur leis an suíomh chomh maith.

Téarmeolaíocht:

Cuireadh tús leis an tionscadal téarmaí IATE deich mbliana ó shin, agus leanfaidh muid ar aghaidh ag soláthar téarmaí d’aistritheoirí an AE; tá sé de sprioc againn 4,000 téarma a chur ar fáil arís i mbliana.

Beidh muid ag obair i rith na bliana ar leagan nua de shuíomh téarma.ie a dhearadh agus a thástáil. Beidh obair ar an suíomh poiblí agus ar an gcomhéadan eagarthóireachta i gceist leis seo, agus beidh na torthaí le feiceáil i dtús na bliana seo chugainn.

Beidh ábhar á chur leis na corpais ar gaois.ie i rith na bliana, agus tá súil againn an 20 milliún focal i gCorpas na Gaeilge Comhaimseartha a shárú go luath.

Béaloideas:

I dtaca le tionscadal dúchas.ie, beidh muid ag tosú go luath ar an innéacsú ar ábhar an Phríomhbhailiúcháin Lámhscríbhinní, agus tá sé i gceist againn sciar éigin den ábhar sin a fhoilsiú ar an suíomh roimh dheireadh na bliana. Beidh ábhar as Bailiúchán na Scol agus as an mBailiúchán Grianghraf fós á scaipeadh againn ar Facebook agus ar Twitter, agus ar ndóigh, leanfaidh dea-obair na Meithle ar aghaidh. Tá muid ag súil go bhfoilseofar páipéar taighde ar thráchtaireacht an mhúinteora ar imleabhair Bhailiúchán na Scol in iris Béaloideas go luath.