Gaois

Scéalta as Contae Luimnigh

Is féidir béaloideas agus stair áitiúil ó Chontae Luimnigh a léamh ar www.duchas.ie anois. Ábhar a thaifead daltaí scoile idir 1937 agus 1939 is ea Bailiúchán na Scol, cuid thábhachtach de Chnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Ghlac níos mó 160 scoil páirt sa scéim i gcontae Luimnigh agus tiomsaíodh 50 imleabhar mór d’ábhar béaloidis. Tugann an t-alt seo spléachadh ar roinnt giotaí suimiúla atá le fáil anois i measc ábhar an chontae. Má tá aithne agat ar dhuine ar bith de bhunadh Luimnigh, bí cinnte iad a chur ar an eolas faoin ábhar seo agus mol dóibh dul sa tóir ar scéalta a bhaineann lena mbunscoil áitiúil nó lena muintir féin go fiú.

Is í Naomh Íde naomhphátrún Luimnigh agus tá neart scéalta fúithi le fáil san ábhar a bailíodh i scoileanna an chontae. Mar shampla, tá cur síos cuimsitheach ar a saol ar fáil anseo.

Laoch mór de chuid Chontae Luimnigh ab ea Pádraig Sáirséal. Tá tagairt anseo do vaigín óir a scaip sé ar a lucht tacaíochta agus deirtear go bhfuil cuid den taisce sin i bhfolach i gcónaí.

Theip ar Éirí Amach na bhFíníní i Luimneach in 1867 agus tá cur síos anseo ar an tréimhse chorraitheach úd.

Gné spéisiúil den ábhar béaloidis a bailíodh faoi Scéim na Scol ná an léiriú a thugtar ann ar chreideamh na ndaoine, creideamh a bhí piseogach go maith, mar a fheictear sa scéal seo.

Ní raibh aon easpa scéalta i dtaobh cúrsaí taibhsí i gCo. Luimnigh san 1930idí, is cosúil. Scéal amháin a thagann chun tosaigh go minic is é Sprid na Bearna. Déantar cur síos ann ar thaibhse mná a d’ionsaíodh daoine istoíche. Sa scéal seo tá samplaí de na cleasa a bhíodh ar siúl aici. Ach bhí a chleas féin ag sagart paróiste áirithe mar a léirítear sa leagan seo. Scéal taibhsí eile a bhí an-choitianta ná an ‘Dead Hunt’.

Cé nach ceantar Gaeltachta a bhí i Luimneach ag an am, bailíodh roinnt ábhar Gaeilge ann, in iardheisceart an chontae go háirithe. Féach, mar shampla, an ceann seo maidir le hÉan an Cheoil Bhinn. Is féidir roinnt filíochta a bhlaiseadh sa cheann seo.

Mar is eol do chách, tá oidhreacht láidir iomána sa chontae agus molann an dán seo bua a fuair siad ar Chill Chainnigh. Tá tuilleadh seanchas iomána le fáil sa scéal seo.