Gaois

Seán Ó Flannagáin agus canúintí oir-dheisceart na Gaillimhe sa Phríomhbhailiúchán

Ar na bailitheoirí lán-aimseartha is gníomhaí a d’obair do Choimisiún Bealoideas Éireann, tá Seán Ó Flannagáin (1908–1996) a bhailigh ábhar béaloidis don gCoimisiún idir 1936–40 agus a sholáthraigh tuairim is 9,000 leathanach dóibh. B’as Na Caithríní Beaga don bhFlannagánach agus is ós na cainteoirí dúchasacha deireannacha ón ndúithigh sin agus ón gceanntar máguaird a bhreac sé síos béaloideas, idir scéalta, amhráin, seanchas áitiúil, paidreacha is ceathrúna filíochta, a fhaid is a bhí sé ag obair don gCoimisiún. Cé gur dóichíde gur le Béarla a tógadh é féin bhí Gaeilge ag a thuismitheoirí agus ag roinnt mhaith seandaoine sa cheanntar is é ag éirí suas. Is léir ósna lámhsríbhinní a scrígh sé féin agus atá sa Phríomhbhailiúchán inniu ní hamháin go raibh sárthuiscint aige ar a chanúint áitiúil féin ach go raibh an cumas agus an éirim teangeolaíochta aige miondeifríochtaí canúna a léiriú go cáiréiseach agus go paiteanta.

Pictiúr 1 Seán Ó Flannagáin ó duchas.ie

Ar thaobh na Gaillimhe den dteorainn idir Chúige Mumhan is Chúige Chonnacht d’aimsigh an Flannagánach roinnt faisnéiseoirí i mbarúntacht Chill Tartan gur bhreac sé síos ábhar i nGaeilge uathu, a lán acu timpeall ar a cheanntar dúchais féin i mbailte fearainn Tóin Raithní, An Gabhail Rua, An Scairbh, An Leathchoill, An Cillín agus Ard Mhaolabháin. Níos sia ó thuaidh d’aimsigh sé cainteoir ó Cheathrú an Chaisleáin, baile fearainn laistiar do Ghort Inse Guaire, agus roinnt mhaith cainteoirí ar an dtaobh thoir den mbaile chéanna i mbailte fearainn An Ré Ramhar, Daraidh Briain agus Cnoc Úra. Lastuaidh den nGort bhailigh sé ó chainteoirí a mhair i mBaile Uí Áinín, i nGort Eadragána agus i mBaile an Duibh. Ar an dtaobh thoir d’Ard Raithin fuair sé cainteoirí i nDíseart Uí Cheallaigh, ar leithinis Dúros, lastuaidh do Chinn Mhara bhailigh sé ó chainteoirí dúchais ón bPáirc Mhór agus ón gCrois Uatha, agus ar an dtaobh thoir do Chill Cholgáin bhreac sé síos ábhar béaloidis ó chainteoirí a mhair sa Gharrán agus i gCaisleán an Táilliúraigh. Ar thaobh an Chláir den dteorainn fuair sé cainteoirí sa Chuilleanach, taobh thiar de Chroisín, agus i mBaile an Ruáin.

Is ceanntar fíorthábhachtach é seo do stair chanúintí na Gaeilge mar ba cheanntar imeallach é idir dhá mhórchanúint, Gaeilge Chonnacht is Gaeilge na Mumhan. Ar dhá thaobh na teorann so bhí focail, foghair is graiméar na mórchanúintí seo ag briseadh ar a chéile fé mar a bheadh dhá thonn taoide rabharta agus cúrán ón dá shruth ag séideadh thar a chéile is ag sileadh anuas arís ar bhéalaibh mhuintir na críche, ina gcuid scéalta, amhrán, paidreacha is filíochta. Dealraíonn sé gur thosnaigh cuid dosna mórdheifríochtaí canúna a cloistear inniu idir Ghaeilge Leath Chuinn agus Gaeilge Leath Mogha breis is cúig céad blian ó shin (O’Rahilly, 1932: 65–7), cé gur léir chomh maith go dtáinig borradh ar nósanna foghraíochta áitiúla thar a chéile ó shin agus gur mhinic a luigh foráis stairiúla dhúithí áirithe anuas ar dhúshraith stairiúil cheanntar eile, rud a fhágann nach féidir a bheith deimhnitheach do gur ionann an teorainn idir foghraíochtaí éagsúla inniu agus an teorainn a bhí ann nuair a d’eascraíodar an chéad lá.

Faraor, ó bhí an Flannagánach ag bailiú i ndeisceart na Gaillimhe agus i dtuaisceart an Chláir tá na cainteoirí dúchais deireannacha ón ndúithigh sin go léir caillte agus Gaeilge thraidisiúnta na gceanntracha san tugtha leo acu. Ach sna blianta céanna go raibh an Coimisiún ag bailiú béaloidis ar fuaid na hÉireann bhí dornán scoláirí teangan a thug fésna ndúithí céanna ina raibh an Flannagánach ag obair, chomh maith le ceanntracha eile ina raibh an Ghaeilge ag bailiú léi i gCo. an Chláir, agus a bhreac síos cunntaisí agus a d’fhoilsigh staidéir ar an saghas Gaeilge a bhí á labhairt ann. Is díobh súd go háirithe atáimid buíoch inniu as an méid a thuigimid mar gheall ar conas agus cén áit a bhuaileadh Gaeilge dheisceart na Gaillimhe le Gaeilge Chontae an Chláir. Cuireann an pictiúr so thíos an t-eolas atá ar fáil sna mórshaothair a d’fhoilsigh triúr acu so, .i. An t-Athair Seoirse Mac Clúin (Caint an Chláir), Nils. M. Holmer (The Dialects of Co. Clare) agus Heinrich Wagner (Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects), le chéile ar léirscáil den dteorainn i dtaobh foghraíocht an tsaorbhriathair san aimsir chaite. Is é an sampla a húsáideadh ná do buaileadh é.

Léiríonn an pictiúr so conas is dóigh linn a theagmhaíodh trí nósanna foghraíochta lena chéile i gContae an Chláir agus i ndeisceart na Gaillimhe. I ndeisceart an Chláir, go háirithe san iardheisceart, címid gurb é buaileach an fhoghraíocht ba choitianta, fé mar a cloistear fós i nGaeltachtaí iarthar na Mumhan. I lár an Chláir címid gurb é buaileag an fhoghraíocht ba choitianta, mar atá fós coitianta i Múscraí agus sa Rinn. I dtuaisceart an Chláir agus i ndeisceart na Gaillimhe címid gurb é buaileav an fhoghraíocht ba choitianta, rud a léiríonn an chéim roim buailiú a faightear sa taobh ó thuaidh den oileán ar fad. Má thógaimid isteach an cur síos a dhein T. F. O’Rahilly ar fhoghraíocht na faí céasta san aimsir chaite i gCúige Laighin in Irish Dialects Past and Present (lgh. 70–2), ón méid a bhí sé ábalta ar a dhéanamh amach sa chéad leath den bhfichiú aois, is féidir linn iarracht a dhéanamh ar theorainneacha foghraíochta do buaileadh é a tharrac ar an oileán ar fad.

Ní minic a fhaighimid éachtaint chomh soiléir ar chanúintí ná labhartar a thuilleadh inniu agus d’admhaigh Holmer féin in The Dialects of Co. Clare gur beag feiniméan canúneolaíochta ab fhearr a d’fhéadfadh sé cur síos air ón suirbhé a bhí déanta aige ná foghraíocht an tsaorbhriathair san aimsir chaite (Holmer 1962, 78).

Ach ar an ndrochuair is minic ná raibh na scoláirí a d’oibrigh sna ceantracha so ró-chruinn nó go bhfuil a gcuid staidéar teoranta ar chúiseanna éagsúla. Mar shampla ní raibh sé de nós ag Mac Clúin a bheith ró-chruinn nó ró-leanúnach in aon chor i dtaobh na gceisteanna a chuireadh sé ar a chuid faisnéiseoirí, mar a léiríonn an blúire seo thíos a faightear ina leabhar agus ina gcuireann sé síos ar an saghas Gaeilge a chuala sé ó fhear ó Thulaigh Crainn:

‘Séamas Ó Longargáin (55) Tulach Crainn. Theas, ach beagán den Ghaedhilge adtuaidh tríthi. Bail ó Dhia oraibh. Siongán. Chualaidh sé ana-chuid slighte chun focla a rádh’ (Mac Clúin 1940, xvi)

Ar an dtaobh eile don scéal, cé gur dhein Holmer sár-obair ar Ghaeilge an Chláir is go himeallach a d’fhéach sé ar Ghaeilge dheisceart na Gaillimhe chun comparáid a dhéanamh idir í sin agus caint an Chláir. Ní tógtha air é mar mara mbeadh é bheimís caoch go leor ar chanúintí na réigiún san:

‘Various forms of Galway Irish are spoken in the northern and northeastern border areas of Co. Clare as well as in certain parishes of Co. Galway, which were in part investigated for the sake of the completeness of this monograph on Clare Irish.’ (Holmer 1962, 107–8)

Cé gur sa mbliain 1946 a bhí Holmer i mbun obair ghoirt dá mhórshaothar féin, nuair a bhí Wagner i mbun suirbhéireachta i gcóir LASID i ndeisceart na Gaillimhe sa mbliain 1951 taibhsítear dúinn go raibh an Ghaeilge lagtha go mór ó shin, fé mar a chítear dúinn sa chur síos ar na faisnéiseoirí LASID do phointe 26 (Na Caithríní Beaga agus An Ghabhail Rua) agus do phointe 27 (Maigh Ghlas).

‘Pt. 26: Careeny near Tubber. None of our informants in this mountain area could speak Irish. We were, however, able to collect a few hundrded words and little sentences from them. They must have spoken some Irish in their childhood.’ (Wagner 1958, xv)

‘Pt. 27: Lough Attorick. Only one speaker has survived in this desolate mountain area. He was by no means fluent in Irish.’ (Wagner 1958, xv)

Léiríonn na samplaí seo thuas cé chomh deacair is a éiríonn sé eolas cruinn deimhnitheach a fháil ar na foráis stairiúla agus ar mhionphointí foghraíochta a bhí go forleathan sna hiar-Ghaeltachtaí tar éis bás na gcainteoirí deireannacha. Go deimhin, ó cailleadh na cainteoirí dúchasacha deireannacha sna ceantracha so tá deireadh tagtha le suirbhéanna teangan nua ar an dteanga bheo agus is i muinín na bhfoinsí scríte agus na dtaifeadaí fuaime amháin, má bhíonn a leithéid ann, a chaithfear dul. Is sa chomhthéacs so a thuigimid luach lámhscríbhinní an Fhlannagánaigh, mar ní hamháin gur oibrigh sé i gceantar ná fuil an Ghaeilge beo a thuilleadh ann ach is amhlaidh a bhí an cruinneas agus an ghéarchúis teangan aige mar bhailitheoir béaloidis buanfhoinse thábhachtach teangeolaíochta a chruthú ar chanúint a réigiún dúchais a fhanfaidh linn go brách na breithe.

Chomh maith le forás stairiúil -adh sa tsaorbhriathar a pléadh thuas, athrú tábhachtach eile i stair na Gaeilge is ea an chrích a tháinig ar -(a)igh (<-(a)igh/-(a)idh) ón gceathrú céad déag ar aghaidh (O’Rahilly 1932, 53 et sq.). Is féidir fós líne a tharrac idir chanúintí sa leath ó thuaidh den oileán agus canúintí sa leath ó dheas ar bhonn an fhoghraíocht a cloistear ar fhoirmeacha briathardha ar nós glanfaidh agus foirmeacha infhilte an ainmfhocail ar nós manaigh (ainm. iol.) nó gealaigh (tabh. ua.). Go bunúsach tuigtear dúinn gur deineadh i do -aigh sa leath ó thuaidh agus idir ɪg´ agus schwa (ɪ <-ighǝ <-aigh) do sa leath ó dheas.

Ní hamháin gur bhailigh an Flannagánach samplaí do gach saghas foghraíochta acu so sna ceantair ina raibh sé ag obair ach breithnítear chomh maith ina chuid lámhscríbhinní conas agus cén áit a théadh foghraíochtaí Muimhneacha i léig de réir mar a dhruidfeá aneas ón dteorainn le Co. an Chláir i dtreo lár na Gaillimhe. Taispeánann an Flannagánach go mbíodh an cruaidh ag Séamus Ó Riagáin ó Thóin Raithní san ainmneach iolra d’ainmfhocail fhirinscineacha a chríochnaíonn le -ach, sa litriú manaig, Builcéaraigh (CBÉ LS 377, lch. 204) agus beithidhig (CBÉ LS 354, lch. 202), fianaise a théann i gcoinne an méid a bhailigh Wagner san áit chéanna, mar a bhfuair sé bɛhi (beithí) (LASID im. I, lch. 2), ach a thagann leis an méid a scrígh Holmer mar gheall ar ‘the Gort area’:

‘At Aughrim, on the other hand, where the Galway stress is normal, such a typical Clare (or Munster Irish) trait as the pronunciation of a hard g in the terminations -(a)idh and -(a)igh distinguishes the dialect from the ordinary Galway Irish. The same peculiarity characterizes the Gort area (parishes of Beagh, etc.), which geographically is in Co. Galway.’ (Holmer 1962, 5)

Is beagán níos sia ó thuaidh ón nGort, i mBaile Uí Áinín, a bhreac an Flannagánach síos sampla do beithighe (CBÉ LS 455, lch. 316) ó chainteoir eile. Ar leithinis Dúros, is dócha gurb é an fhoghraíocht ˈkalnɑːni a bhí i gceist ag an bhFlannagánach nuair a scrígh sé síos na Calnánaigh san ainmneach iolra ó chainteoir ón bPáirc Mhór (CBÉ LS 455, lch. 128), rud a thiocfadh leis an gcur síos a thug Holmer ar an dá fhoghraíocht a cloistí ar an abairt culaith breá éadaigh ar Fhíonaigh Bheara, an chéad leithinis eile thar teorainn i gCo. an Chláir (Holmer 1962, 113), .i. kǝl´ǝhǝ br´a: ˈe:di: agus kǝl´ǝhǝ br´a: ˈe:dǝ araon (éadaí agus éada’). Ar an ábhar so tugann an Flannagánach an litriú culahíada chun foghraíocht culaith éadaigh a chur in úil dúinn i dtras-scríobh ón mBeithigh, i ndeisceart na Gailimhe (CBÉ LS 354, lch. 197 l. 9).

Is léir ón méid seo thuas gur cheantar saibhir suimiúil é seo ó thaobh canúintí na Gaeilge dho tráth, go mbeadh dua ag aon chanúneolaí cur síos a dhéanamh ar éagsúlacht agus ilchineál na bhfoirmeacha teangan a faightí ann. Toisc gur réigiún imeallach idir dhá mhórchanúint é seo, ní nach ionadh a lán samplaí den bhforcheartú agus den bhforchanúnachas a bheith againn ó shuirbhéanna teangeolaíochta agus ar ndóigh i lámhscríbhinní an Fhlannagánaigh. I mbeagán focal tarlaíonn forchanúnachas nuair a bhuaileann dhá chóras foghraíochta lena chéile agus nuair a cheartaíonn cainteoirí ar thaobh amháin den dteorainn an fhoghraíocht stairiúil cheart atá acu ar fhocal áirithe chun, dar leo, fanacht dílis don gcóras foghraíochta réigiúnach nó sóisialta atá acu. Sampla coitianta i mBéarla na hÉireann is ea an fhoghraíocht ar an bhfocal lager a cloistear mar larger go minic. Toisc go ndeirtear focail ar nós carcharger i Sasana gan an r a fhoghrú agus le fadú ar an a (.i. kɑː agus ˈtʃɑː.dʒə) braitheann cainteoirí Béarla in Éirinn, i ngan fhios dóibh féin de ghnáth, gur ceart r a chur isteach sa bhfocal lager chun an pátrún céanna a leanúint (.i. kæɹ, ˈtʃæɹdʒəɹ agus læɹgəɹ).

Sampla don bhforchanúnachas a bhí coitianta sna ceantracha inar oibrigh Ó Flannagáin agus a d’eascair ní foláir as an dá fhorás stairiúla ar -aigh (.i. ɪg´ agus ɪ / ǝ) a bheith á n-úsáid sa chanúint ná roig in áit raibh (ní raibh > ní ro > ní roig, feic Holmer 1962, 117). Toisc go bheartaigh an Flannagánach ar an saghas so mionphointe foghraíochta a léiriú ina chuid lámhscríbhinní, m.s. ’san áit a roig (raibh) a’ táilliúr (CBÉ LS 354, lch. 197), is féidir brath ar a chuid saothar chun a thuilleadh taighde a dhéanamh ar na feiniméin seo ar theorainn an dá chúige. Is ar an dteorainn seo b’fhéidir a rugadh an fhoirm Muimhneach baoch < *buidheach* seachas *buíoch*, le hanalach ar an ndifríocht thar teorainn idir an fhoghraíocht a bhíodh ag cainteoirí éagsúla ar fhocail ar nós *caoch*, *fraoch* agus *glaoch* (ki:ǝx : kɛːx = friːǝx : frɛːx = gliːǝx : glɛːx = biːǝx > bɛːx). B’fhéidir chomh maith gur i dtimpeallacht an dá fhorás stairiúla ar -aigh (.i. ɪg´ agus ɪ / ǝ) a saolaíodh ’onL, foirm den réamhfhocal do agus den alt a faightear in iarthar na Mumhan, mar athainilís ar gonL (<donL) na gConnachtach in abairtí cosúil le an fear a d’imigh gon bhaile mhór > an fear a d’imigh ’on bhaile mhór. Is ceisteanna iad so a chaithfear a chíoradh in áit eile ach léiríonn siad tábhacht an réigiúin seo do stair na Gaeilge trí chéile.

Cé nárbh theangeolaí é an Flannagánach ach bailitheoir béaloidis, léiríonn a chuid lámhscríbhinní an cumas agus an tuiscint a bhí aige ar Ghaeilge a cheantair féin agus ar cad a bhí neamhghnáthach mar gheall uirthe seachas na mórchanúintí a labhairtí lastuaidh is laisteas di. Is foinse rí-thábhachatach iad lámhscríbhinní CBÉ an Fhlannagánaigh do chanúneolaíocht stairiúil na Gaeilge agus dá mba mhaith le héinne mórstaidéar a dhéanamh ar theanga deisceart na Gaillimhe, ní fhéadfaidís é sin a dhéanamh gan iad a scrúdú go mion agus go cáiréiseach.

Údar: Andrea Palandri

Leabharliosta

  • Holmer, N. 1965: ‘The Dialects of County Clare’, Todd Lecture Series 19 (Baile Átha Cliath)
  • Mac Clúin, S., Caint an Chláir, 2 iml. (Baile Átha Cliath, 1940)
  • O’Rahilly, T. F., Irish Dialects Past and Present (Baile Átha Cliath, 1932)
  • Wagner, H. 1969: Linguistic Atlas and Survey of Irish Dialects, 4 iml. (Baile Átha Cliath, 1958–1969)